AN GAOḊAL
19
Miċeál. J. Ó Lóċáin — A Ċaraid Fior; Cuirim ċugad, an ṁí seo
aḃrán gráḋ a scríoḃ mé síos ó ḟocla 'Liam Ui Ḋoṁnaill, Rann-na-Feiste,
Cordae Ḋún na nGall. Féaċfaiḋ tú, le do ṫoil, a ċur i bpionda ċo deas, coiṁ¬
éadaċ & ṫig leat. Má tá iomarca gráḋ ann, is cuma sin de ḃriġ naċ páistiḋ a
ḃiḋeas a léiġeaḋ Gaeḋlic ans na laeṫe seo. Ní ṡílim gur de, ċorr a biṫ, an
ċeaṫraṁaḋ; "Ní reata gan ċéill." Le meas mór duit-se,
Doṁnall O Murċaḋa.
PÁISTE AN ḂROLLAIĠ ĠIL ḂAIN.
A Ṁuire 's a Riġ! naċ ḃ-fuil mé 'gus í,
A d-Tulaiġ ná air ṫaoḃ na Ċruaiċe,
'S gad eadarainn araon ach famainne féir,
'S níor ḃ' iogal dúinn aon smid ḟuaċt ann;
Ḃéiḋeaḋ míle arrainn ann éaga a g-cara mo ċléiḃ,
Mar g-cuirinn a ḃ-féim mo stuaim diṫ,
'S air neaṁ-ċead ó 'n ċléir, béideaḋ sí agam féin,
Dá m-bainfiḋe ó 'n ḟréiṁ a ċluas díom.
Éiriġ, a ṡiuir, 's déan réiḋ an siúḃail,
A's tréig a' ċlúid seo ḋe ḋ-Éirinn,
Leig do rún liom féin air d-tús,
'S ní ḃéiḋ ort cúṁaiḋ ná buaiḋreaḋ;
O Ċúige Múṁan go Condae an Dúin,
'S go Corcaiġ, a rúin, dá d-téiḋ muist,
A ġile gan smúid, níor ṫorsa mo ṡiúḃal,
Dá ḃ-feicfinn a d-tús gaċ lae ṫú.
Ḃí mise ó ṫús go macánta, múintí,
'S ḃiḋeaḋ cailíniḋ ciuine a caint liom,
A's ċeannuiġinn dóiḃ úḃallaiḋ, meil agus siúcra,
Biotáilte 's plúr gan aṁrus;
Aċ anois ó is rún doṁ a ġoil faoi 'n ċúṁdaċ,
'S do ċoinneáilt ó smúid na Saṁna,
Béiḋ muid go cúiseaṁail, aigeanta, lúṫṁar
A deasuġaḋ na n-uan 's na ngaṁna.
Ní reata gan ċéill mo leanḃ bán féin,
Aċ cailín beag, céilliḋ, stuama,
'S má d'imṫiġ sí aréir, ní loċt orṫí é,
Le scafaire an t-sléiḃe air uaigneas;
A' fear udaiġ a d'ḟéad í a ṁeallaḋ ḋó féin,
Cuirim-sa léan agus ruaig air;
Nár ṡuiġ lé n-a taoḃ 's a ḃeiṫ a pógaḋ a béil.
'S ní raċfaḋ sí ann a t-sléiḃe ḋe 'n ruaig sin.
Ḃí mise agus páiste an ḃrollaiġ ġil, ḃáin,
Amuiċ ans a' lá 's mé a cóṁráḋ,
Ḃí sise sástaí mise a ḃeiṫ dáltaċ,
A' d-tigeann siḃ cás de 'n t-seort sin?
Aċ anois as mo ḃás ní ḃ-fuiġinn cead láṁ
A leagaint air ḃásta a cóta,
Aċ má's olc le n-a ráit, sul ḋá deárnaḋ a dáilt,
Ċuidiġ mé an babaiḋ a ċóiriuġaḋ.
ḃeiḋinn,
eadar a
géaga
