(39)
Owing to the death of the publisher, Mr. M. J.
LOGAN, on Tuesday, Jan. 10, 1892, this publica-
tion will be temporarily suspended pending final
arrangements. Subscribers in arrears are re-
quested to remit promptly so as to allow an early
settlement of affairs. Address all communications
and make checks payable to MRS. M. J. LOGAN,
247 Kosciusko Street, Brooklyn, N. Y.
13Ṁaḋ Rol. Uiṁ 3.
DEIĊ-ṀÍ.
﻿1898
TAḊG O'CAṪÁIN ⁊ AN CORPÁN
(Leanta).
spáid. "M' anam!" iar sesean in a
inntinn féin, "ní raċfaḋ mé níos fuid-
e. Cad é 'n ṁaiṫ dom é?" ⁊ ċaiṫ sé
an ċré asteaċ arís air, ⁊ ṡocraiġ sé
na leaca mar ḃí siad roiṁe.
D ḟág sé an teampoll insin agus a
ċroiḋe, trom go leor, agus ḋruid sé an
dorus 'na ḋiaiġ ⁊ ċuir sé glas air, ⁊
d'ḟág sé an áit mar fuair sé í.
Ṡuiḋ sé síos ar ċloiċ-uaiġe doḃí an-
aice leis an doras agus ṫosuiġ sé ag
smuaineaḋ. Ḃí sé an aṁras ṁór créud
do ḋeunfaḋ sé. Leig sé a eudan eidir
a ḋá láiṁ ⁊ ġoil sé le brón ⁊ le tuirse,
mar ḃí sé fír-ċinnte 'san am so naċ d
ṫiucfaḋ leis ḋul a ḃaile beo.
Rinne sé iarraċt eile láṁa an ċorp¬
áin do ḃí fáisgṫe timċioll a ḃráġaid a
sgaoileaḋ, aċ ḃí siad ċo teann le clam-
pa, ⁊ d'a ṁeud a d'iarr sé a sgaoil
eaḋ, is cruaiḋe d'ḟáisg siad é. Ḃí sé
dul a suiḋe sios arís nuair i duḃairt
an corpán fuar gránna in a cluais a-
rís, "Carraig-ḟad-Ṁic-Ḟeorais, Carr-
aig-ḟad-Ṁic-Ḟeorais," ⁊ do ċuiṁniġ sé
in sin ar orduġaḋ na ndaoine-maiṫ, an
corpán do ṫaḃairt leis do 'n áit sin
muna dtiucfaḋ leis a ċur i dTeampoll
Démuis. D'éiriġ sé ⁊ ḋearc sé 'nna
ṫimċioll.
"Ní'l eolas agam ar an mbealaċ," ar
sé. Ċo luaṫ ⁊ laḃair sé an focal, ṡín
an corpán an láṁ ċlé do ḃí fáisge air
ṁuineul) amaċ go h-obann, ⁊ ċongḃaiġ
sé í roiṁe ag taisbeána an ḃealaiġ ḋó
buḋ ċóir dó leanaṁuint. Lean Taḋg
an bóṫar, 'san mbealaċ a raḃ no meur-
