34
AN GAOḊAL
a sínte, & ċuaiḋ sé amaċ as an gCill.
Fuair sé é féin ar an tsean mbóṫar
cnapaċ, clocaċ & ṡeas sé arís gan ḟios
dó cia an taoḃ buḋ ċóir dó iompó Ṡín
an corpán a láṁ ċeana amaċ arís, &
ṫaisbeáin sé ḋó an bóṫar eile, naċ d¬
ṫáinig sé suas nuair bí sé ag tarraing
do 'n tsean teampoll.
Ċuaiḋ Taḋg ar aġaiḋ in san mbóṫar
sin, & ċo minic & ṫigeaḋ sé go h-áit in
a raḃ bóṫar no ċosán buailte air an
mbóṫar ann a raḃ sé siuḃal, do ṡíneaḋ
an corpán a láṁ amaċ arís ag tais¬
beáint an ḃealaiġ ċirt ḋó. B' iomḋa
an crosḃóṫar d'ionntaiġ sé, & b' iomḋa
bóiṫrín cam do ṡiuḃal sé, no go ḃ-fac¬
aiġ sé sean-roilig uaidh, ar deire, air
ṫaoḃ an ḃóṫair. Ḃí rud innti cosaṁuil
le teampoll no teaċ mór briste síos,
aċ ní raḃ aon t-séipeul ná teampoll
ann. D'ḟáisg an corpán go teann é, &
stad Taḋg. Duḃairt an corpán in a
ċluais arís,"Cuir mé! cuir mé! 'sa g-
cill ! 'sa g-cill!"
Do ṫarraing Taḋg anonn do'n tsean
roilig, & ní raḃ sé nios fuide ná tim¬
ċioll fiċe slat uaiḋ nuair a ṫóig sé a
ṡúile & ċonnairc sé ceudta & ceudta
tais, mná, fir, & páistiḋ, 'na suiḋe ar
ḃárr an ḃalla, no 'na seasaṁ an taoḃ
astiġ, ag riṫ anonn 's análl, ag síneaḋ,
a láṁ amaċ, ag léimniġ, ag daṁsa, ag
corruġaḋ a mbéil aṁuil a's mar ḃeiḋ¬
eaḋ siad ag laḃairt, aċ níor ċualaiḋ
Taḋg aon ḟocal no aon toran. Ḃí
faitċíos air dul an aġaiḋ, & ṡeas sé
suas mar ḃí sé. Ar an móimeud, ḃí na
taiseanna uile socair agus níor ċuir
siad cor asta. Ṫuig Taḋg in sin gur
b'ag iarruiḋ a ċongḃáil ó ḋul asteaċ
do ḃí siad. Ḋruid sé cúpla slat níos
foigse do 'n ḃalla, agus riṫ an sluaġ
uile le ċéile do'n ḃall a raḃ seisean ag
triall, & ḃí siad ċo tiuḃ sin le ċéile ná
'r ḟeud sé briseaḋ tríoṫa dá mbuḋ
ṁian leis é, aċt ní raḃ aon ṁeisneaċ
aige a ḟeuċaint.
Ċuaiḋ sé air ais go briste brónaċ, &
nuair ḃí sé cúpla ceud slat imṫiġṫe ó'n
g-cill stad sé, mar naċ raḃ ḟios aige
cad í an áit d'iompóċaḋ sé anois.
Duḃairt guṫ an ċorpáin in a ċluais,
"Teampoll-Ronáin, Teampoll-Rónáin,"
agus ḃí an láṁ ċeana sínte amaċ arís
le taisbeáint an ḃealaiġ ḋó.
B'éigin do siuḃal ċo tuirseaċ agus
ḃí sé, agus ní raḃ an bealaċ gearr, &
ní raḃ sé coṫrom. Ḃí an oiḋċe níos
dorċa ná riaṁ, agus buḋ deacair leis
imṫeaċt. B'iomḋa leagan a fuair sé,
agus b'iomḋa brúġaḋ a fuair a ċnáṁ¬
a. Air deire, ċonnairc sé Teampoll-
Rónáin uaiḋ, 'na ṡeasaḋ i lár na roil¬
ige. Ḋruid sé anaice leis, agus ṡaoil
sé go raḃ sé ceart. sáḃáilte nuair naċ
ḃḟacaiḋ sé aon tais no aon rud eile
'san mballa, & ṡíl sé naċ mbárrfaiḋe
é a ualaċ do leigint uaiḋ ar deire.
Ḋruid sé anonn do'n ġeata agus ar
ḋul asteaċ ḋó ṫuit sé ar an tairseaċ.
Sul d'ḟeud se éiriġe rug rud éigin naċ
ḃḟacaḋ sé ar a ṁuineul agus ar a
láṁaiḃ, agus rud eile ar a ċosaiḃ agus
ḃrúiġ siad é, agus ṫaċt siad é go raḃ
sé réiḋ le fáġail ḃáis, agus ar deire
ṫóig siad suas é agus rugadar ceud
slat no níos mó ó'n roilig é, agus ċaiṫ¬
eadar síos 'na "ṗraisaċ'' é i sean-ḋíog
ṡalaċ, é féin & an corpán le ċéile. D'
éiriġ sé suas go briste, breóiḋte, brúiġ¬
te, & ḃí faitċíos air ḋul anaice leis an
g-cill arís, mar naċ ḃfacaiḋ sé dadaiḋ
an t-am do leagaḋ agus do tóigeaḋ é
"A ċorpáin ṡuas ar mo ṁuin," ar sé
an raċaiḋ mé arís d'on roilig?" aċt
níor ḟreagair an corpán ḋó.
"Is coṁarṫa é sin naċ mian leat mé
a ḟeuċaint arís," ar sé.
Ḃí sé i n-aṁrus ṁór in sin, creud ba
ċóir dó a ḋeunaḋ nuair a laḃair an
corpán in a ċluais, "Imleog-ḟada. Im-
leog-ḟada.''
"O! maiseaḋ," ar seisean, "an éigin
dam ḋul an sin? Má ċongḃóċaiḋ tú
a ḃfad mé siuḃal, tuitfiḋ mé fút," &
lean sé do'n taoḃ a ṫasbáin meur an
ċorpáin ḋó, Níor ḟeud sé féin a ráḋ
go ceart cá ḟada ḃí sé ag imṫeaċt
nuair d'ḟáisg an corpán é go h-obann &
duḃairt leis, "Súd é, Súd é."
Ḋearc Taḋg uaiḋ & ċonnairc sé bal¬
la an-ḃeag íseal, & ḃí sé briste síos in
