AN GAOḊAL.
35
áiteaċaiḃ ċo mór sin naċ raḃ aon ḃall
a ceart ar biṫ ann. Ḃí sí bpáirc ṁóir
leaṫan ar ṫaoḃ an ḃóṫair, aċ muna m¬
beiḋeaḋ go raḃ trí no ceiṫre cloċa mó¬
ra do ḃí níos cosaṁla le carraigiḃ ná
le cloċaiḃ ag gaċ ceann de'n ḃalla, ní
raḃ aon rud eile ann do ṫasbánfaḋ ḋó
gur cill nó roilig a ḃí ann.
"An gcuirfiḋ mé in seo ṫú, an é seo
Imleog-ḟaḋa?" ar Taḋg.
"Is é," ar san guṫ leis,
"Aċt ní ḟeicim uaiġ ar biṫ in seo, aċ
carn cloċ," ar Taḋg.
Níor ḟreagair an corpán ḋó, aċ ṡín
sé amaċ a laṁ ḟada, ḟuar gan ḟeoil
ins an líne buḋ ċóir do Ṫaḋg a ḋul ar
aġaiḋ.
Ċuaiḋ Taḋg ar aġaiḋ, mar sin, aċt
ḃí faitċíos mór air, óir is maiṫ do
ċuiṁniġ sé ar an rud do ḃain ḋó ag an
roilig ḋéiġionaiġ. Ċuaiḋ sé ar aġaiḋ
& a ċroiḋe ag léimniġ mar eun, mar
duḃairt sé féin, aċ nuair ṫainic sé ḃ¬
foigse deiċ slat, no cúig slata deug
do 'n ḃalla beag ceiṫre-cornéalaċ, do
ḃris amaċ teintreaċ a ḃí geal, buiḋe &
dearg, gorm & bán, & ḃí gaċ daṫ d'a ḃ¬
fuil ins an tuaġ-ceaṫa ann, & ċuaiḋ sé
ṫart timċioll an ḃalla in aon ċúrsa,
& riṫ sé ċo luaṫ leis an ainleoig ins na
speurṫaiḃ, & dá ḟad d'ḟan Taḋg is
luaiṫe riṫ an lasair, go raḃ sé faoi
ḋeire go díreaċ mar ḟáinne geal a dul
timċioll na sean-roilige; & níor ḟeud
duine ar biṫ a ḋul ṫairis, no loisgfiḋe
go bás go cinnte é
Ní ḟacaiḋ Taḋg ariaṁ aon aṁarc a
ḃí ċo h-aoiḃinn, áluinn, sgiaṁaċ, iong¬
antaċ leis an aṁarc sin. Ṫart ċuaiḋ
an lasair, & na drileoga buiḋe, bána &
gorma ag léimniġ aisti, & ciḋ naċ raḃ
ann i dtosaċ ach líne ḃeag tana, ṁeud¬
uiġ sí gan ṁoill go raḃ sí ar deire na
banda ṁór leaṫan, agus ḃí sí a gcoṁ¬
nuiḋe ag éiriġe níos leiṫne agus níos
áirde, agus ag caṫa amaċ drilleoga is
iongantaiġe, & ní ḃfuil daṫ ar ḋruim
na talṁan naċ raḃ le feicsint ans an
teine sin, agus níor ṡoilsiġ teintreaċ,
agus níor ḃris amaċ lasair ariaṁ do
ḃí ċo soilseaċ agus ċo geal léiṫe.
Ṫainig uaṫḃás ar Ṫaḋg, Ḃí sé ḟéin
beagnaċ marḃ le tuirse agus ní raḃ a
ṡáiṫ meisniġ aige le ḋul níos foigse
do 'n ḃalla. Ṫainic ceo ar a ṡúil, agus
"suarán" inn a ċeann agus b'éigin dó
suiḋe síos ar ċloċ ṁóir do ḃí ann. Ní
ḟacaiḋ sé aon rud aċ an solus, níor
ċualaiḋ sé aon rud ach an sórt crón-
Mr. Patrick McEniry, Kan. City,
has requested us to print the Lord’s
Prayer, the Hail Mary, and the
Glory be to the Father, with the
pronunciation of each word under
it in Roman letters. We have en¬
deavored to do so hereunder. Mr.
McEniry wants the prayers in this
form for the members of the A. O
Hibernians.
LORD'S PRAYER.
An Ṗaidir.
An Faidhir.
Ar n-aṫair atá air neaṁ; go naoṁṫar
Ar nahir athaw ar nav; go neyvhur
Our Father, who art in heaven, hallowed
d'ainm; go d-gigiḋ do riġeaċt; go
dhanim ; gu dhige dho ree-ucht; go
be thy name ; thy kingdom come;
n-déantar do ṫoil air an talaṁ, mar
nayun-thur dho hoil ar an tholuv, mur
thy will be don on earth, as
ġniḋṫear air neaṁ. Taḃair dúinn ann
neehur ar nav. Thov-ir dhoo-in ann
it is in heaven. Give us this
iuḋ ar n-arán laeṫaṁuil; agus maiṫ
uv ar nrawn lhayhooil; agus mah
day our daily bread; and forgive
ḋúinn ar ḃ-ḟiaċa, mar ṁaiṫamuid-ne
yoo-in ur vee-cha, mur wah-hamuinn-ne
us our trespasses, as we forgive
d' ar ḃ-ḟiaċaṁnaiḃ féin; agus ná leig
dhawr veechawniv fain; agus nhaw leig
those who trespass against us; and lead
sinn a g-caṫuġaḋ; aċ saor sinn ó olc,
shinn ah goh-hoo; ach sayur shinn o olk.
us not into temptation; but deliver us from evil.
Amén.
awmayun.
Amen.
HAIL MARY!
