AN GAOḊAL
LOOK DOWN O MOTHER MARY.
Dearc Síos a Ṁuire Ṁáṫair.
Leis an Aṫair
Mac Eoċagáin, CSSR.
I
Dearc síos, a Ṁuire ṁáṫair
As ríġeaċt neiṁe ṡuas;
Caiṫ orrainn-ne, do ċlann ḃoċt,
Aon aṁarc aṁáin anuas:
'S muna ḃ-fuil do ċroiḋe-se
Sar líonta le n-ar d-truaiġ,
Iontuiġ uainn, naoṁ Ṁuire,
'S na dearc orrainn níos mó
II
Feuċ ċo brónaċ, cíontaċ,
'Nios seasamuid as coṁair
Do h-aoin Ṁic ṁuirniġ, Iosa,
Faoi ualaċ coire mó r:
Aċt Ṁuire Óiġ, má 's mian leat
A ċlaonaḋ le n-ar g-caḃair,
Aon ḟocal beag aṁáin leis,
Air son do ṁuintir' laḃair.
III
A Ṁuire ṁáṫair ġráḋṁair,
Má 's mian leat sinn ḃeiṫ slán
Abair le do h-Aon Ṁac
Gur leat-sa sinn mar ċlann:
'Nn ar b-peacaċaiḋe níor ċeart dúinn
An oirid sin a ráḋ,
Aċt tusa, fós ar máṫair,
Tasbáin mar sin do ġráḋ.
IV
Glac sinne faoi do ċoimirc,
Sin fanfamuid gan baoġal
Aon doċar le ṫeaċt orrainn
Aig imiġeaċt ṫríd an t-saoġal.
A Ṁuire ṁáṫair dilis
A! cuiniġ air ċasán
De n-aiṫeantaḋ do ċlann ḃoċt
Go mbeiḋ siad uile slán.
