40
AN GAOḊAL
COSAṀLAĊT.
Gan aṁrus ní raḃ Breaṫnuġaḋ ṡaoṫ
air na teangan níos meisneaṁla le
seaċt gceud bliaḋain ná tá sé indiu. I
mbaile a's i gcian, tá saoṫar duḃraċt¬
aċ d'a ḋeunaḋ in a h-ómós ; dTír Ċon¬
naill, agus b'ḟéidir, i gCorcaiġ, tá an
saoṫar is féimeaṁla d'a ḋeunaḋ ar a
son. Mar an gceudna, tá Ciarruiġe
ag oibriuġaḋ go h-an ṁaiṫ, aċ tá doil¬
ġeas orrainn a ráḋ go ḃ-fuil cúige
Ċonnaċt i ḃ-fad ar gcúl Dún na nGall
agus na gcontaeṫe eile
In America, tá dreaċ na teangan i
rioċd ṁaiṫ anois, giḋ gur caiṫeaḋ os
cionn fiċe bliaḋain a gcuimseaċt na h¬
oibre, agus is do'n t-Saoi Máirtin J.
Ó h-Aonaċáin tá sinn i ḃ-ḟiaċaiḃ do'n
t-saoṫar sin.
Déarfaḋ daoine gur mór an n-iong¬
naḋ naċ ndéarnaḋ saoṫar na teangan
céim níos sgiobṫa ar feaḋ na ḃfiċead
bliaḋan seo atá sí os coṁair na nÉir¬
eannaċ. Ní h-iongnaṁ ar biṫ é; Ḃí Éi¬
reannaiġ gan anam, gan ċroiḋe — mar
atá, faraor, go leor acu indiu, faoi
ḃruid ṁallaiġṫe na Sacsan. Ḃiḋeadar
aineolaċ ar a dteangain féin, no go
raḃ aon teanga acu aċ Béarla-briste
Ṡasanaiġ — agus ḃí go leor de'n dream
a laḃair 'san nGaoḋailge ar an inntinn
ċeudna Ní h-iongnaṁ, mar sin, ná'r
ḃfuair na hÉireannaiġ do ḃí fiosaċ ar
ársact, ar uaisleaċd, agus ar ṡiḃial¬
taċd litearḋa na h-Éireann an cong¬
naṁ sin a ḃí riaċtanaċ le cúis na
Gaoḋailge do ċur ar a h-aġaiḋ nios
beaċda ná ḃí sé.
Ó an gceud lá do ċuir foilsiġṫeoir an
Ġaoḋail a ċeud leitir do 'n t-Saoġal
Gaoḋlaċ, sé bliaḋna fiċead ó ṡoin, ag
gríosuġaḋ na n-Éirearaċ a d-teanga a
ċoimeud no go g-cailleoċaḋ siad a nái¬
siúntaċt, tá sé follusaċ do 'n tsaóġal
gur b'é ḟéin & an Gaoḋal do ċongḃaiġ
snáiḋe ṡaoṫair na Gaoḋailge in Ame¬
rica d'a ṡníoṁ gan cliseaḋ nuair a
ḃí sé briste & reubṫa, go minic, in a
tír ḋúṫaiḋ. Ní'l sé taiṫneaṁaċ le
spiorad an Ġaoḋail "a aḋarc féin do
ṡéideaḋ," aċ nóir ċóir go dtebfeaḋ
cúṫaluiġeaċt nó caoiḋeaṁlaċt é ó an
ḟirinne ḟoillsiuġaḋ, & saoṫar an Ġao¬
ḋail do ċeartuġaḋ, cia b'é an té do
sdiúirfeas é 'nar n-diaiġ-ne.
Anois, cad é an congnaṁ a ṫug Éir¬
eannaiġ America do 'n nGaoḋal? An
congnaṁ seo, a léiġteóir, naċ mair¬
feaḋ sé sé ṁíosa dá mbeiḋeaḋ sé i d¬
tuileaḋmuiḋe tioḋlacaḋ, no coṫuġaḋ,
Éireannaċ! giḋ go gcloiseanmuid tráċt
'sna páipéir ar ḃláḋmannaiġ Éireannaċ
atá os cionn sé bliaḋna i ḃfiaċaiḃ ḋó,
& Éireannaiġ eile noċ do ṡílṫeá go raḃ
a dtrí-fiċead piġinn suaite suas le ú¬
ḃall a súl.
Aċ tá, mar an gceudna, Éireannaiġ
tíorġráḋaċ in Amenica, & is iad seo &
an fear-eagair do ċongḃaiġ an teanga
ag imleaḋ in a cruaḋaltaċt.
Agus anois, ag ḃreaṫnuġaḋ ar ḃuaiḋ
ṁóir na teangan, & ar gcinnteaċt go ḃ¬
fuil bród ṁór orra so ḃí rannṗáirt¬
eaċ inntí, & ó 'sí an uair seo oiḋ' Nod¬
lag, guiḋeamuid Nodlaic ṡúgaċ agus
Bliaḋain Ur ṡeunṁar do gaċ aon d'ar
léiġṫeoiriḃ.
On the opposite page, the Gael has
in print a form of a proclamation sim¬
ilar to the one which it would like to
see printed in large letters and posted
on all the "Dead Walls” of America,
and had it the money it would be done.
When it has not the money, it will put
Zimmer's certificate in small type and
keep it as standing matter beside Spal¬
ding's, and Gaels will endeavor to cir¬
ulate them.
To get the Gaelic Journal. Send 4s to the Man¬
ager, Mr. John Hogan, 24 Upper Sackville St.
Dublin, Ireland.
FOR SALE.
400 acres of land at Barnegat
Bay, N. J, bounded on one side by
the Bay and on the other by the
railroad. This would be a paying
place to found a Summer fashion,
able resort. — Price very low.
