AN GAOḊAL.
45
As sin go Condae an Dúin,
Arís gur léig sé ancoire
Traṫnóna trasna an ċuain.
Tá mac Inín Duḃ go h-uaigneaċ
Anoċt i m-Baile-aṫ-cliaṫ,
A leaba luiḋe na leacaṫa
Gan biotúlaċ, gan biaḋ.
I n-aiṁḋeóin é ceangailte,
Le slaḃra fuar go teann,
Tá a náṁaid neiṁneaċ, lag-ċroiḋeċ
Le eagla roiṁ a lann.
Aiṁḋeóin ballaiḋ agus báḋún
Slaḃraiḋ fuar agus glais-láiṁe,
Agus arm treun na n-gárda air
D'a ḟaire lá a 's oiḋċ'.
Fuair sé carad measg a náṁaid
Lán carṫanais a's dáiṁeaċt
D' ḟág é 'gus a ċomráide
'Na ḃ-fir saor ar an t-sliġe;
Ḃí áḋḃar bróin i n-Dún-na-nGall
An oiḋċe fuaduiġeaḋ Aoḋ,
A Rat-a-Ṁuilinn síos 'san loċ
'S amaċ ó ċnoc Dúin-riġ.
Aċt tá áḋḃar bróin andiu go frás
Ag Sacsanaiġ' 's a g-clann,
Mar tá ar b-prionnsa deas 'san ṁ-baile ar ais
Ag cur faoḃair ar a lann.
Is moċ amáraċ cluinntear
Ar ṁullaċ cnoic a's glinn
Guṫ brónaṁuil aḋairc Ṫír-Ċonaill.
Ag cur cuireaḋ ar a cloinn.
Agus an sin an cuireaḋ do ḟreagraḋ
Má freagaraḋ cuireaḋ riaṁ,
Ó ċladaċ-cúil cois fairrge,
'S amaċ as uċt na sliaḃ.
Ó ṁullaiġ duḃ-ċnuic Innis Eóġain
'S ó ġaineaṁ bán na tuaġ,
Ó ṫír ċnapánaċ na m-baoiġleaċ
'S ó ḃruaċ an Easa Ruaḋ
Cruinniġeann siad 'na g-ceudtaiḃ
Fir ṫreunṁar' riaṁ ná'r ḟeall.
Le sionnaiġ agus mic-tíre
Ḋíbreaḋ amaċ ar Dún-na-nGall.
Mar sgannruiġeas gleaċt an doḃair
An éanlaiġ ar na croinn,
