1. Tá mé, tá tú, tá sé, tá sinn. 2. Tá im
bán, agus tá min mín. 3. Tá an lá fada.
4. Cuir im air bord. 5. Tá sé mór agus
úr. 6. Mil agus min agus im. 7. Tá siad
mór. 8. Am agus lá. 9. Tá ursa fada.
I am, thou art, he is, we are. 2. Butter
is white, and meal is fine. 3. The day is
long. 4. Put butter on the table. 5. It is
large and fresh. 6. Honey and meal and
butter. 7. They are great. 8. Time and
day. 9. The prop is long.
SECOND LESSON.
Bainne, milk; bh-fuil, is, are; breac, speck¬
led; buidhe, yellow; cadéil, a pump ; cia,
who, what; caoi, way; chugam, to me,
deoch, a drink; feárr, better, fuachd, cold;
leat, with thee; maith, good; orm, on me;
ort, on thee; tabhair, give ; teidh, go; tí,
to, until, about; uisge, water.
1. Cia chaoi bh-fuil tú? 2. Tá mé go maith.
3. Bh-fuil fúachd ort? 4. Ní bh-fuil fuachd
orm. 5. Tá an pioghaid breac, agus an
cnadán buidhe. 6. Teidh go tí an cadéil
agus tabhair deoch, misge chugam. 7. Ann
feárr leat deoch uisge 'ná deoch bhainne?
1. How are you? 2. I am well. 3. Are
you cold? 4. I am not cold. 5. The mag-
pie is speckled and the frog yellow. 6. Go
to the pump and bring me a drink of wa-
ter. 7. Which do you prefer, a drink of
water or a drink of milk ?
The following toast is usually given
by persons drinking, particularly when
they are three sheets in the wind:
Ólfamuid an deoch seo mar d' óleochadh
páirtidhe bheidheadh lán de ghrenn agus aig
ól go trom,
Gan troid gan chlampar, gan ádhbhar náire
no clos a márach go rabh muid ann;
Iarraidh muid impighe air an Muire Má-
thair, ó is sí ar g-cúl báire anns gach am:
Seo é bhur sláinte, a bh-fuil sa láthair, a 's
righ na n-grása go g-cuididhe linn.
HELP AN GAODHAL! — ONE DOL¬
LAR a year, or Ten Cents a month, will
place in the hands of your posterity the
means of educating themselves in the
LANGUAGE of your Country!
CHUM AN CINEADH GAODHALACH.
Tá sé anois timchioll deich m-bliadhanaibh
ó tosuigheamh an iarrachd chum teanga na
hÉireann a chosnughadh, a h-aithbheodhughadh,
agus a cleachdughadh a measg Clann na n¬
Gaoghal. Anns an g-comhrádh a leanas, b'
fhéidir go n-déaróchadh roinn dá 'r léigh¬
theoiribh go bh-fuil muid a tabhairt níos mó
creideamhúin dúinn féin 'ná tá dlisdean-
ach dúinn anns an iarrachd a tá anois dul
air aghaidh chum ar d-teanga a leasúghadh.
An a aghaidh sin ní 'l againn le rádh acht go
bh-fuil an páipeur beo fós ann ar tosuigh-
eam an obair, an Cruinne Gaoghlach. Sin
é an páipeur ann ar tosuigheamh é deich m¬
bliadhana ó shoin. Aon-duine a thóigfeas
suas an Cruinne Gaoghlach de 'n am sin
feicfidh sé an cheud leitir na thimchioll, agus
bhí an leitir sin uainne. Ann uair d'fhuagh-
air muid anns an b-páipeur raibhráite go
raibh cumann Gaedhilge air bun fuair sinn
an leitir seo maile le leitreachaibh eile :—
"ROME, NEW YORK, July 21, 1873.
M. J. Logan, Brooklyn. Sir: I was
exceedingly well pleased to learn that
you were the first in the field to organ-
ize an Irish Class, &c. — THOS, CREGAN."
Seal geárr na dhiaidh sin fuair muid leit-
ir ó Ph. Ó' Dálaigh, as Bosdún, ann ar dhúbh-
airt sé: "Is maith is cuimhin liom an cheud
leitir fheicsin air an b-páipeur uaitse, aig
corrughadh na n-daoine, agus corruighis iad
go cinte." Tá leitreacha gan cuntas ag-
ainn a tráchd air an nídh ceudna.
Ní iarrann muid aon mholadh dhúinn féin
air sgáth an meud a rirne muid; ní dheár-
nadh muid acht an rud budh chóir do gach uile
Éireannach a dhéanadh — iarracht a thabhairt
teanga ar d-tíre a shábháil ó 'n eug cinte
bhí n-dán di muna d-tóigfeadh aon duine a
ghuth ann a taobh. Rinne muid ar n-díthchioll,
agus tá bróid orrainn go rabh an díthchioll
sin tairbheach. D' fhás an measóg (acorn) a
cuireadh a m-Brooclín chum a bheith na dhair
cho mór ionnus go bh-fuil a gheugtha scartha
anois os cionn gach ball de 'n domhan ann
a bh-fuil Éireannaidhe na g-comhnuidhe. Bheidh-
eadh an obair mhaith níos tairbhidhe dá m-beidh-
eadh an tír-ghrádh fhíor a g-croidhibh craobh-
sgaoiltheoraibh na b-páipéir nuadhachda, acht
faraoi! ní bh-fuil. Dá m-beidheadh siadsan
