10
AN GAODHAL
AITHRIS Ó 'N IARTHAR.
Chicago, an cuigeadh lá deug Ocht-
mhiosa, 1881.
Ceud míle fáilte romhad-sa agus an
GAODHAL! Do ráinig do cheud uibhir
chugam an-dé, agus creid me go raibh luath-
gháire mhór orm dá fheicsint, agus geall-
aim dhuit go n-deunfaidh mé gach nídh a
tá cumasach liom, cungnamh do thabhairt
duit ann gach modh is féidir liom.
Beidh tú luathghárach le cloisdin go bh-
fuil cúis na Gaedhilge dul air aghaidh gach
lá, ní amháin ann Éirinn, acht air feadh
an domhain mhóir; agus muna raibh air
shon ceiste so na talmhan, do bheidheadh
páipeur go léir a n-Gaedhilge aca ann
Ath-cliath anois ; agus tá dóchus agam
go m-beidh aca go goirid é.
Tá mé doiligh nac d-tig liom a rádh go
bh-fuil stuidear na Gaedhilge dul air a-
ghaidh mórán fós amach ann so ansan Iar-
thar ; acht do rinne taisbeánt an Ghaodh-
ail maitheas mhór cheana, óir tá dhá dhuine
uasal 'san g-cathair so a tá air ti dul
dá foghluim; agus tá dóchus agam go m-
beidh rang Gaedhilge againn annsa g-Cum-
ann-Americain-Éireannach (Irish Ameri-
can Club) a g-cúrsa na miosa seo; dá
m-beidhinn féin ann so a g-comhnuidhe, geal-
laim go m-beidheadh rang againn gan stád
Is cosamhail go bh-fuil iongna ortsa a-
gus air iomad grághuightheoiribh eile na
Gaedhilge mar gheall nach scríobhaim níos
mó do 'n Americain-Gaodhlach, acht meas-
aim an uair a g-cluinfidh sibh na creud-
faith, nach m-beidh aon lochd am aghaidheas-
a ann inntinn aoin duine.
Tá fhios agad go raibh me ag sgríobh-
adh do 'n pháipeur sin beagnach air feadh
trí bliadhan ; níor thuil mé aon phíghin as
mo sgríbhinn dó, agus níor fhiafruigheas
aon phíghinn ó fhear-eagair dé. Do chuir
mé mórán píos sgríbhinn air feadh na g-
cúig míos déighneach chum fear-eagair an
pháipéir sin, dá iarraidh iad do chlóbhual-
adh ; acht níor chuir sé aon shuim an mo
ghuidhe. Bhí na píosa do chuir mé chuige
freagrach dá pháipeur; ba aon aca cun-
tas curtha amach leis an Aonachd Gaedh-
ilge (Gaelic Union). ba ceann eile mo
leitir chum an Ollaimh Blacie, noch chuirim
chugad anois. Is cuma lióm má chlobhuail¬
eann sé mo sgríbhinn, nó má dheunann sé
an rudh eile, óir tá go leor de pháipéir-
ibh eile ann anois ann a d-tig linn Gaedh-
ilig chlobhualadh.
Tá daoine 'san domhan agus feicthear
liom nach féidir leo bheith díreach ná fhear-
amhail ann aon nidh dá n-deunann siad.
Tá fear-eagair an pháipéir reimhráite
ag chlobhualadh píos Gaedhilge agus Beur-
la gach seachtmhain ó 'n Éireannach d' Áth-
Cliath, acht ní dheir sé cá h-áit as a d-
tógann sé iad. Ní 'l seo ceart ná beus-
ach, níos mó 'ná a dhiultadh do chlobhualadh
na h-iomad píos eile do chuir mé chuige
go déighneach a nGaedhilge agus a m-Beur-
la. Ní dheirfinn einnidh timchioll an ghno
so muna raibh go n-dubhairt mé go minic
a nduilleogaibh an Americain-Gaodhalaigh
go m-beidh mé réidh a g-cómhnuidhe cúng¬
namh do thabhairt dó annsa g-cuid Gaedh-
ilge, agus b' feárr liom thaisbeánadh nar
bhriseas m' fhocal, agus nach raibh an lochd
liomsa
Beidh luathgháir ort lé cloidin go bh-fuil
againn annsa Leabar Lann Choitcheann
(Public Library) annso macsamhla na d-
trí príomh-leabhar Gaedhilg. eadhan, Leabh-
ar na h-Uidhri, Leabhar Laighinn a's Leabh'
ar Breac. Ní 'l siad le fághail ann áit
air bith eile 'san tír seo.
B' fheárr liom-sa go g'clobhuailfeá an
Ghaedhilge go léir a litiribh Rómánacha ; ní
fheicim aon fhéidhm 'sna sean litiribh acht
le coisg leathnuighthe na teangan; acht ná
cuir aire 'san nidh a deirim; deun úsáid¬
e de na litiribh is áil le do léightheóiribh.
Do léigheas ann áit eigin nach léighfeadh
Bismarc aon leabhar Gearmánach gan é
bhéith clobhuailte 'sna sean litirlbh Gear-
mánacha, gídheadh nach Gearmánach air bith
iad, óir bhí siad úsáide air feadh Eoiripe
go tí an seiseadh ceudbhliadhain deug, a-
mhail do bhí na litire Gaodhlacha coitcheann
innti go tí an deicheamhadh ceudbhliadhain
deug.
Cuirim chugad annsa litir so Dollar
agus fiche pighinn, mo faoisscríobadh aoin
bhliadhna do 'n "Ghaodhal": a's cuirim chug-
ad an deire leabhar curtha amach leis an
"AONACHD-GAEDHILGE', eadhan, MAC-
GHNÍOMHARTHA FHINN, le súil go g-cuir-
fir amach é 'san Gaodhal.
T. O. Ruiséal.
