AN GAODHAL.
11
Baile Séarluis, Deas Charolina, an t-
Ocht-mhadh lá Deug de Ocht-mhí, 1881.
A Mhaighistir Ui Lócháin.
Ceud míle fáilte roimh an Gaodhal
beag; fuair mé é athrúghadh né, agus bhí
áthas mór orainn faoi na chomhair. Thais¬
beán mé dá 'r g-cuideachd é agus cheann-
uigh cúigear aca na cúig pháipéir a chuir
tú chugam. Beidh mé cuir chugad g-coinne
cuid dom féin agus an mhuintir eile an
t-seachtmhain so chugainn. Is beag é an
smuaineadh a bhí agam ocht m-bliadhna ó
shoin, nuair a bhí tú scríobhadh 'san Domh¬
an Gaodhlach a brosdúghadh na n-daoine
chum cumain Ghaedhilge a chur air bun,
go m-beidheadh sé ann do chumas páipeur
a chlodhbhualadh 'san sean teangain, acht
buidheachas do Dhia go bh-fuil tú ionan a
dheunadh. Mar dubhairt tú, tá sé beag,
acht muna n-deunfaidh Éireannaigh mór é,
ní fiú iad áit sheasta air an g-cruinne.
Rinne tusa do roinn féin go fearamh-
ail, agus is linne anois an chuid eile do
dheunadh. Cuirim chúig Dollair chugad ó
ar g-cuman. Go g-cuireadh Dhia ádh agus
sonas air agus ortsa, 'sé ar b-paidir.
Do chairid dhíl,
S Ó'DÚGÁIN.
Mobíle, Alabama,
An t-ochd-mhadh lá 's fiche d' ocht-mhí '81.
A Shaoi Ionmhuin. —
Do fuair me d' aithris leis an
dá h-uibhir deug de 'n Ghaodhal a d' ord-
uigheas a chur chugam, agus cuirim seacht
Dollair chugad le ainmibh na g-cathruigh-
theoradh agus an áit a g-comhnuighid.
fáiltimuid le luathgháire mhór tais¬
beánadh an Ghaodhail, agus dóthchasuigh-
muid go rabh buidheachas air do dhíthchioll
aig sábháil ar d-teanga náisiúnach ó bhás.
Is mise, anns an ádhbhar maith,
Féilim S. Mac Oscair.
Reader, don't smile at the size of
The Gael. The first numbers of the
Herald and Tribune were not as large.
We do not desire to go beyond our
depth; it rests with Clan-na-Gael to
enlarge it.
LETTER FROM MR. WALSH.
Scranton, Pá.
An ficheadh lá de mhí dheighneach an Fhógh-
mhair, Míle Ocht g-Ceud Aon agus
Ceire Fichid.
A Chara Dhílis. —
Is maith liom go bh-fuil misneach
ort chum do obair a dheunadh, agus is sé
mo dhóchus go bh-fuigheadh tú cúngnamh chum
feasa ar sean teangan leathnughadh.
Tá mise sásta aon nídh atá air g-
cumas dom a dheunadh, acht is baoghal
liom gur beag é sin.
Padruic M. Breathannach.
THE LAST GLIMPSE OF ERIN.
Gidh so m' amharc deighionach air Éirinn a
choidhche,
Geabhfad Éire 'nn gach tír 'm-beidh cuis-
le mo chroidhe:
Beidh d' ucht mar theach-dhidin, a chéile mo
chlaon,
Is do roisg mar reult eoluis a n-geur-
bhruid a g-cian.
Go cluan uaigneach fásaigh, nó cuan
coimhtheach gorg,
Ann nach féidir lé 'r námhaid ar g-cois-
céim do lorg,
Ealóchad lé mo chúil'ionn, 's ní aireócaidh
mé an síon;
Cho geur leis an námhaid, tá dá 'r n-díbh-
irt as díon.
Dearcfad air ór-fholt, tiugh fáineach do
chinn,
Is éisdfead lé ceoltaibh do chláirsighe tá
binn.
Gan eagla go stróicfeadh an Sasanach
teann,
Aon teud as do chruit, nó aon dlaoigh
as do cheann.
A Gaelic publication company has
been organized by the P. C. S. for the
purpose of publishing cheap literature
in the Irish Language. The Shares are
only Five Dollars each. Those willing
to promote this worthy object may con-
municate with the Secretary, Gaelic
Publication Company, at the office of
this journal.
