18
AN GAODHAL.
ARD EASBOG THÚMA.
A m-bás a g-ceannphuirt ionmhuin, dhí-
lis, Árd Easbuig Thúma, tá ádhbhar bróin
agus doilghís cráidhte aig Clann - na-
n-Gaodhal a n-diu. Tá a n-abhcóide treun-
mhar, neimheaglach sínte 'san uaigh fhuar,
chiuin! An guth a bhí árduighthe ann a
saordháil le trí fichid bliadhan, ní cluin-
fear arís go h-eug é. Agus go mór
mhór a bh-fuil ádhbhar cúmha agus caoine
againne — tá aig iarruidh an teanga
noch do chongbhaigh seision beo a leasúgh'dh
— 'san g-caill a thainic orrainn le bás
ar d-taca. Thainic sgeul a bháis go dubh,
dubhach orrainn féin, cia tógadh faoi na
ghlún. Ní féidir linn an smuaineadh a
leigeann as ar g-cinn nach g-cluinfimuid
a ghuth fhearamhail, cineálta go deo, no
nach n-aireómuid leagan a láimhe air ar
g-ceann; neithe noch do bhí gnáthach ann ar
n'óige.
Ní thig linn mórán a rádh anois : tá'r
g-croidhe ro líonta le iomáid na caille
a tá orrainn. Iarramuid air mhrin-
tir na h-Éíreann, aig adhmháil a meas a's
a n-grádh dhó, díthchioll beag a dheunadh a
m-buntáiste an nídh noch budh h-ionmhuin
leis a choimheud — sé sin, n-diaidh saothair
a oifige beannuighthe, teangan a thire.
Deun é seo, agus tá sinn cinte go m-
beidh sé feucaint anuas orrainn as na
flaithis — n-áit, ní'l amhrus orrainn , a
tá a lóisdín — go taithneamhach, grádhach.
Agus iarramuid aonachd Clan-na-
n-Gaodhal san ghuidhe — suaimhneas siar-
uidhe agus glóir na bh-flaithis go seilbhidhe
tú, gan tomhas, a SHEÁGHAIN Mac ÉIL!
Ámén.
An 19adh lá Samhna, '81.
D'Fear-eagair an Ghaodhail.
Tá mé brónach gur chailleas mo litir
chum an Ollaimh Blacie, acht tabhairfidh mé
a subhstaint anois.
D' iarr mé air, a chead agus a chúngamh
do thabhairt co-chruinniughadh na suadh a tá
foghlumtha 'san n-Gaedhilig, ann Albain
agus ann Éisinn, do gairm re chéile agus
litriughadh Gaedhilge Éireann agus Alban
do bhreith faoi aon riaghal. do thaisbeán-
as dhó nach raibh mórán dithfire eidir an
dá theanga, agus go raibh na dithfire á tá
eatorra 'nois deuntadh le daoinibh olca
taobh astigh de cheud bliadhain ionnus go
m-beidheadh fearg agus aineolas air a
chéile aig clannaibh aoin mhathar, eadhan,
Gaodhail na h-Éireann agus Alban, 's ion-
nus go m-beidheadh ag na Sacsanaibh níos
mó cúmhacht le riaghlugh'dh agus le smachtugh-
adh an dá chine; agus nach raibh aon cheang-
al cho láidir agus cho dlúth eidir daoinibh
a's tá ceangal teangan coitcheanna.
Do chómhairligh mé aon uibhir daoineadh
do theacht ó Éirinn agus ó Albain agus
dó no thrí ó Ghearmain, agus gach ceist
timchioll litrighthe agus graimeara na
teangan, do bheith socruighthe le togha, an
chuid is mó ag riaghlughadh g-cómhnuidhe.
Do chuireas an litir cheudna chum fear-
eagair an Bhoston Pilot, acht níor b' áil
leis í chlóbhualadh. Má tá cineál daman-
ta air dhruim na talmhan, 'siad fir-eagar'
na bh-páipeur Éirennach sa m-baile agus a
g-cian. Ní dheunfaidh fear aca aon nidh air
shon na Gaedhilge acht nidh nach féidir leis
a sheachnadh. Tá fios agam creud tá or¬
tha; tá eagla ortha go d-tiucfaidh an cor-
ruidhe so timchioll na Gaedhilge chum cinn
lá eigin cho luath agus tá an cheiste so na
talmhan socruighthe, agus go m-beidh sé
riachdanach dhóibh a b-páipeura chlóbhualadh
go leathach no b' fhéidir go léir a nGaedh-
ilig, agus ní mian leo sin, óir ní 'l fear
aca thuigeas aon Ghaedhilige acht Rossa
amháin.
Ní fhuil aon lochd agam le fághail ann-
sa nGaodhal, acht go bh-fuil iomarcadh
Beurla agus ro-bheg de Ghaedhilig ann.
Do chára,
T. O. Ruiséal.
FÁILTE AN GHAODHAIL.
Ceud míle fáilte a n-dáil an Ghaodhail,
Agus guidhim go árd leis ádh is buadh séin;
Go bh-feicidh an lá led' chumas fhir cháidh,
Gur coitcheann é chás air chlár an t-saogh-
ail,
Fé ghradam 'sa teangain dob' ársa.
Is bróid le rádh é a g-cás na n-Gaodhal,
Ann uile chearnán is aird do'n t saoghal,
Go b-fuilid le spás, i n-inneall mar
ráigh
