AN GAODHAL.
19
Chum talaimh 's táin, go bráth gan raol,
Bheith fheasda 'ga g-caraid a g-Clár
luirc.
Is dearbh da bháir san tráth gan bhéim'
Go bh-feicimid Clár luirc ársa a réim —
A clanna le grádh, do theangan na
bh-fáidh,
Da leatha, is da rádh le gáirdeas béil,
Go g-caithfear í sgaipe gan spleádha¬
chas.
Do thugadaar Clanna Gall, no na Shac-
sain tarcuisne agus masla dá 'r b-pór
le ceudaibh bliadhan, dá rádh gur daoine
neamh-mhúinte ar sínsir — gur tuath-chaint
ar d-teanga — agus ná 'r bh-fiú e an leigh-
eann a bhí innte bheith 'nna dhiaigh! Tá an
aithis agus an masla so craobhsgaoilte
air feadh an domhain aca, orain-ne, 'nna
leabh'raibh éithigh, gidheadh tá a fhios again-
ne — beagán again amháin — go bh-fuil níos
mó léighinn a sean leabh'raibh anns an
Gaedhilg 'ná a n-aon t-sean theangain 'san
Eoraip, agus an Laidion 'sa Ghréigis do
chuir chuige; agus tá 'n nídh ceudna ad-
mhaighthe aig cuid de na sgoláirídhe is
léigheannta 'san Eoraip féin — Gearman-
aigh, agus mar sin. Acht ca bh-fuil a thair
bhe a fhios san a bheith aig beagán again-ne,
agus aig beagán de dhaoinibh a náisiúnaibh
eile, oir atá an choitchionntachd dá 'r b-
pór féin, agus de dhaoinibh eile an domh¬
ain ainbhfiosach air? Cá bh-fuil ar bh-fiadh¬
naise chum a chur a tuigsin nach mar atá
ráidhte aig Gaill na Breatainne, do bhí, a¬
gus atá, a d-taobh ar sínsear, ar d-
teangan agus an léighinn atá innte? Ní'l
fiadhnaise iar bith acht an teanga féin a-
gus an léigheann atá innte. Gidheadh gur
mór dá 'r léigheann do sgriosadh le Dan-
air agus Gallaibh féin, le mórán ceudaibh
bliadhan, támuid cinte go bh-fuil níos mó
again le nochda fós de, se sin le ráth, a
bhaineas leis an ré roimh thionsgnadh clódh-
bhual'dh 'san Eoraip ,ná 'g aon náisiún
eile innte; agus tá sé admhuighthe 'g beag-
án doimhin sgoláiridhe (gur doigh go bh-fuil
a fhios aca), go bh-fuil 'n orread léighinn
'san Gaedhilge bhaineas leis 'n ré reimh-
ráidhte 'gus tá 'g náisiún'bh uile na h-Eo-
raipe, curtha 'n aonacht, de 'n- ré ceudna.
Nach bun ós cionn 'n trácht so, leis 'n
d-tarcuisne 'gus 'n aithis craobhsgaoilte
'r Ghaodhlaibh, a leabhraibh Sacson le ceud'bh
bliadhan. Cad bhuailfeas 'r g-cúl 'n t-éi-
theach aithiseach so? Ní 'l nídh 'r bith
chum sin do dheun'dh acht teanga 'gus léigh-
eann na n-Gaodhal ársa do thabhairt poib-
lídhe ós cómhair 'n domhain uile. Leis sin
chídhfear 'gus deimhneóghfear go raibh léigh¬
eann 'gus eolas 'measg na n-Gaodhal
'nuair na raibh ceachtar díobh 'measg na
Sacson, acht 'nna m-buar'bh fiadháine, gan
eolas 'r leitir 'r bith, go d-tí gur mhúin¬
eadar na Gaodhail a letir féin dóibh:
thionsganadar críosdamhlachd mar 'n g¬
ceudna 'nna measg. Nach maith 'n díol
a fuaireadar 'nna n-iniod so: gach tar-
cuisne 'gus masla dá mhéid do thabhairt
dóibh. Cá bh-fuil 'n neach de phór na n¬
Gaodhal, air léigh'dh, no air chloisdin 'n
dreacht so, na lasach a inntinn 'gus a
chroidhe, chum a chabhartha, gidh be beag no
mór í, thabhairt uaidh chum na fiadhnaisídhe
so — teanga 'gus léigheann na n-Gaodhal —
do thabhairt a láthair 'n domhain, chum teas-
das na n'Gaodhal do chosnamh?
Sé mo mheas nach bh-fuil 'n neach sin
ann. dá d-tuigeadh 'n cás a g-ceart; acht
sé 'n fáth go bh'fuil ar n-daoine chó mall
fós, d-taobh na teangan, mar nach bh-fhuil
fiof na dithfire aca, 'gus 'sé is iomchubh-
aidh dóibh so thuigeas é, craobhsgaoile do
dheun'dh air có minic 'gus is féidir é.
Leis sin beidh 'r n-daoine 'g tuitim 'steach
'san líne ceart, n-diaidh a chéile, 'gus ag
oibriugh'dh d' aon toil chum teasdas na n-
Gaodhal do chosnamh ó'n tarcuisne 'gus 'n
masla cruachta ortha go mailíseach, aig
Gaill na Breatainne. Leis na smuain-
te sin canaim 'n rann so leanas; —
Sí 'n sgiath chosant'dh le cur orainn-ne ó
tharcuisne na n-Gall,
Do chogain sin gan doilbheas is d' fhág
iarsma orainn mar gheall;
Teanga fhocal mhilis, shean, 'r b-puibleaca,
is biadh na leabhar,
Do thabhairt solasmhar, clo-osgailte, mar
fhiadhnaise do'n domhan,
AODH BEAG.
