20
AN GAODHAL.
Sgeulta ó 'n t-sean Tír
Atha-Chliath, an ceathramhadh lá de 'n
aonmhadh mhí deug, 1881.
Fáilte, ceud míle fáilte do 'n Ghaodhal.
Fá dheire, mar deir tú, tá páipeur
fíor-ghaedhilge againn, páipeur thíreach
ann gach céill de 'n bh-focal, páipeur a
chreideas, agus go fírinneach, gurab eig-
in an teanga ghaedhilge do choimheud chum
an tírghrádhach ghaedhilge do choimheud.
Anois má 's áil leat bheurfad, mar
fhoillsigheas ceann mo litire, beagán de
sgueultadh ó 'n t-Sean tír; d' iompuigh a-
riámh air ais an croidhe gaedhilge le cion
fhíorbhuan. Tá fios againn annso a n-
Éirinn go d-tig linn dóchas a chur a g-
Clann na n-Gaodhal a mór-Phoiblidheas na
n-iar, do bhrigh, mar dubhairt Seághan
Bradht, "Anuair iarras Éire cabhair a's
dóchas, iompuigheann sí go isliughadh na
gréine." Agus is sé do 'n isliughadh na
gréine iompuigheas sinn, Éireannaighe, a-
nois chum an rún fearamhail d' fhághail a
tá éigin dúinn níos mó ioná ag aon
aimsir eile a stáire 'r d-tíre.
Arís, támuid lámh agus lámh agus agh-
aidh agus aghaidh lé na Sacsanaibh. Is sé
an sean comhrac ceudna, agus tá fios
aig na daoinibh Gaodhlacha 'san America
gurab shiad carad fíordhílis Shacsanaigh
ann 'sa tír seo a rabhamuid ag comh-
rac air feadh an dá bhliadhain a chuaidh
thart, agus dá m-badh féidir linn an
tighearnach a sgrios, an sin, ní bh-fuil
an lá fad ó shoin an uair thig linn buille
treun do bhualadh air shon saortha na h-
Éireann. Tá fios agaibh go romhaith air
na neithibh a deunadh a n-Éirinn air feadh
an chaocaidhis a chuaidh air ball thart, air
ghabhail faoi dhlíghe aimhdheonta do 'n Saoi
Parnell, agus air athghabhail mar an g-
ceudna do 'n Saoi O' Dilmhain ; leanta
le gabhála do na Saoithe Sisnán, O' Brian,
agus mar sin.
Leanadh na gníomhartha so le foillsigheach
dhluithcheangal na talmhan leis an neach
sin air bh-fuil fios go léir aig Éireann-
aibh faoi ainm "Bucseot" (is feárr é gan
an focal sin d' aisdriughadh), agus aig
deire na foillsighthe uabhas bhí na focla,
"Dia sábháil an bhean uasal." Nach droch-
chroidheach acht nach Shacsanach go deimhin,
do chur faoi ghlas na daoine a ghrádhuigh
Éire go maith agus go inntliseach, na
daoine a sabhluigh Éire agus do chuir a-
mach do 'n chruinne mar neimhdhligheach, a-
gus an uile dhluithcheangail a cuireadh air
bun chum na daoine a shlánughadh. Ní 'l
áit a g-cionaibh daoine na h-Éireann do
'n m-beanriogha Sacsanaigh. Ní 'l fios
air bith airrese againn. Is cuma linn í,
acht tá fios againn air dhluithcheangal na
talmhan. Tá fios againne air an maith
a rinne sé, gidh go bh-fuil sé amháin air
bun air feadh dhá bhliadhan, agus do bheidh-
eadh sé eigin dúinn ar g-cinn do thochus
fios a bheith againn air aon mhaith a rinne
sí dhúinn air feadh na ceathar air ceath-
racha blia'na a bh-fuil sí air chathaoir riogh.
Tá bród mhór orm d 'innisin go bh-fuil
bail air fhórfhógradh ag iarraidh na n-
aithreach gan aon chíos a thabhairt do thigh-
earnabh na talmhan. Ish fíor é nach bh-fuil
Árdeasbog an Chaisil linn, a's go bh-fuil
Árdeasbog an Átha-Chliath, aig a obair
fhéin arís, í, ag sgríobh' treuduigheach ann
a n-aghaidh. Acht cad de sin? Mar dúbh-
airt Patraic Égan, do cuireadh air bun
dluithcheangal na talmhan chum tighearnaigh'
cuir air g-cúl, agus air an ádhbhar sin,
cíos, agus go cinte, ní l sé cóir anois
do 'n Árdeasbog Cróc; má's mian leis
maith na h-Éireann, dearmad do bheith air
mar riaghalaibh bundusacha an dluithchean-
gail. Tá brón orm d'innis gur dhiúltaidh an
comhchorp annso saortha na catharach so
a thabhairt do na Saoithibh Parnell agus
O'Dílmhan. Do rinneadh an tairgsin leis
an Saoi Gré agus do congadh suas shí
le trí codsamhlaibh ar fhichid. Do coisg-
eadh shí leis an áiriomh ceudna, agus bhí
an toghadh rúnach leis an Méaradh ann
aghaidh na tairgsionna. Tá fearg annso
agus rún aig na daoinibh do chur air
leath-taobh, anns gach áit is féidir leo,
gach fear a choisg an tairgsin, agus gach
fear a bhí as a lathair gan ádhbhar cóir.
Beidh na toghtha againn an mhí
so, agus cuirfear air siúbhal na daoine
uaisle a choisg an Saoi Gré. Fan go
fóil, deunfamuid díoghaltas milis orra
go h-uile, díoghaltas ann a measfamuid-
ne an masladh mar a bheith deunta do
gach fear dúinn féin.
