26
AN GAODHAL.
DR, GALLAGHER'S SERMONS,
(Continued).
phárthais ann aonfhacht leis; d' árduigh se
shí eidir corp agus anam go flaitheamh¬
nas; do chuir Criost air a dheas,láimh 'nn
a suidhe shi ; thug se dhi gach uile chumhacht
air neamh agus air talamh faoi she fhéin;
do gheall dhi nach bh-fuil athchuinge air bith
noch d' iarrfadh nach bh-fuighfeadh si.
Is air an árdugh'dh iongantach rinneadh
air Mhuire go parthas, agus air na mór
ghrása dhortas sí anuas orrainn is mian
liom trácht an diu tar éis mo chomhrádh
ruinn ann a dhá phunc.
Árduigheadh Mhuire go parthas air mhodh
iongantach eugsamhail; sin shé an cheud
phunc. Bidheann sé 'nn a h-eidirghuidhtheoir
agus 'nn a mnaoi impidhe eidir sinn-ne
agus a h-aon Mhach; sin an dara punc.
An cheud phunc. — An uair a thig bain¬
rioghan air bith go nuadh chum rioghachta no
chum cathrach, bidheann spéis agus dúil ag
an uile dhuine shí fheicsint; teid an t-ua-
sal agus an t-ísiol, an lag agus an lái¬
dir, an bocht agus an saidhbhir, 'nna h-a-
racais agus 'g a fáiltiughadh ; ní bhidheann
nidh air bith le fecsint acht féastaidh 'g a
g-caitheadh ; fíonta 'g a n-dortadh, gun¬
naidh móra 'g a sgaoileadh; cruit agus
oráin 'g a seinm; brontanais mórluaich
'g a m-bronnadh do 'n bhain-prionsa, an
aon fhocal, an uile cineál sollamhain a's
subháilce gnitear le linn Prions no bain¬
phrionsa théacht a glachadh séilbh air an g-
córóin.
Seo é an nidh gnithear, a deirim, leis
na prionsaibh talmhaidhe; acht ní fiú air¬
iugh'dh, no innisin, aon nidh d' a mheud is
féidir a dheunadh air talamh, bh-farras na
sollamhainne agus an t-subháilce a tais-
beánadh a b-párthas le linn bain-righne
fhlatheamhnais a dul a glacadh seilbh air
choróin na glóire. Thainic naoi n-oird
na n-aingleadh 'nna h-aireacais' agus iad
aig seinm abhráin bhinne agus cantacha
molta. Thainic, mar an g-ceudna, 'nna
a h-aircacais na faidhe na patriarca a¬
gus na h-apstoil-naoimh agus ban-naoimh
pharthais go h-iomlán. Bhí parthas go h-
uile air aon, cho-sheinm ceolta fáilte
roimh an m-brin-righin Mhuire.
Oifig An Éireannaigh,
Mí na Nodlog, 1881.
A Charaid Ghaodhilig Ui Lócháin.
Do bhídheas dul go sochraid lá Domh-
naigh, tamal ó shoin; do fuaireas An
Gaodhal 'san b-posd : do tóigeas liom
é go d-ti an t-sochraid, a's guid bitheamh-
nach bradach éigin uaim é, a g-cill Chal-
bharigh.
Do bhí sé a m' inntinn sgríobhadh chug-
at air maidin lá'r na mhárach, acht 'nuair
d' imthigh an Gaodhal uaim, d' imthigh m'
inntinn leis. Gabh párdún : cuirim chug-
at anois le caraid Mac Guidhir 60.
chum an Gaodhal do chuir chugam air feadh
tamall, agus deunfad mo dhithchioll chum
an bóthar do leathnughadh rómhat.
Do charaid,
Diarmad O' Donnobháin Rossa.
NUAIDHEACHT NA MÍOSA CHUAIDH
THART.
Tá síothchán ann gach ball de 'n domhan
acht Éirinn amháin. Tá stáid uathbhásach;
ní fad go m-béidh gach carcair innti lán
de "braithibh. Tá timchioll cúig cheud a
g-carcir ann Éirinn anois gan coir gan
cúis ; níor bhriseadar aon dlíghe. Ná
labhramois níos mó timchioll fóirneirt
Ruisia agus Turcia; tá Sacsainia níos
measa 'ná ceachtar aca, is ní'l modh dial-
tais 'na g-cumas ná 'r chóir do Éirean-
naibh a chleachtadh anois a n-aghaidh na Sas-
annach damanta.
Bhí cruinniughadh breágh a m-Bruaiclínn
air an 18adh de 'n mhí chuaidh thart, aig
éisteacht lé cho-sheinme ceoil Gaedhalaigh,
agus léighann le T. O. Ruiséal, ainmnigh-
the "Talamh agus Teanga." Ní rabh duine
ann ná 'r thaithnigh an ceol agus an comh-
rádh leis, bhí siad le chéile air fheabhas.
Bhí cruinniughadh mór d' Éireannaibh a
Chicago air na trí cheud laethibh de mhí
na Nodloig, le briathrugh'dh air stád na h-
Éireann. Budh mór, meas'mhail an cruin-
niughadh é, acht tá sinn diligh le rádh ná'r
dhubhairt siad aon fhocal amháin timchioll
teangain na tire. Tá sé ráidhte 'nois
go bh-fuil aithmhéal orrtha faoi dhearmad
a dheunadh de 'n teanga budh chóir dóibh
náire a bheith orrtha.
