AN GAODHAL.
27
A well merited tribute to T. O. Rus¬
sell by "Croibhín Aoibhinn,"
Éireóchaidh mé mar 's cóir dam é,
'S ní mór liom é an lá so,
Le sguel am' bheul do reul na n-Gaodhal
O'Néill Ruiseul, ar n-grádh geal.
Linn féin, 's a g-céin, a leus, a a seun,
Is é budh treus 's budh láidir,
A teacht le luathas ag árdughadh suas
Ar d-teanga dhúthchais go cráibhtheach.
Do ghlac se fonn do chur air bonn
An cumann chum an Ghaedhilge
Do chongbháil beo 'sa talamh seo,
Mar bhí fad, ó a n-Éirinn.
Budh láidir é, agus shaothruigh sé,
A's rinne sé a dhithchioll,
Go sábhálfaidhe, air mhodh air bith,
Aon chuid bheag di mar fhuigheal.
Budh mhaith leis ceard a's ceol na m-bárd
'S a'n n-glórtha árda, geanamhail,
Budh mhaith leis sin, 's ar n-Gaedhilig binn
A bheith dá seinm eadrainn.
'S níor bhain sé féin do 'n drong sin faon
Nach bh-fuil 'nna m-beul acht caoineadh,
A's iad a dul air aghaidh le gol
'S a'n n-obair gan a dheunadh.
Acht O! budh gráin leis gearán,
A's glamhasán gan éifeacht,
Ní raibh 'na bheul "mo bhrón, mo leun!" —
Ní raibh 'na bheul, "ní fheudaim!"
A fhile bhinn, a sgíóbhnóir grinn,
Budh mhilis linn do sgríobhadh,
'S níor fhág do pheann a riamh rann
No líne gan deágh chiall.
'S níor chleachtfaidh tú, cidh mór do chlú
Aon fhocal dubh no cruaidh,
Budh mhó do mheas 'sna focla deas'
A bhí measg na sluagh!
A's mar drong tá líonbhar ann
A chuireas fonn 'sna briathraibh,
Do chleachtuigh 'n "Fhiann', a's Oisín féin,
Roimh fichid ceud de bhliadhantaibh; —
Na focla nach d-tuigfeadh aon neach
A riamh acht na naoine
Do tharraing iad ó 'n doimhneacht shíos,
Sean leabhar agus sgríobh'ne
Ní fáidh atáim acht caithfead rádh
Má thagann tráth 'na m-beurfar
Onóir a's meas do 'n drong sin cneasta
Do thóg 'nn ar measg an Ghaedhilge. —
Béidh d'ainm féin, O'Néill Ruiseul,
Le fághail 'san g-ceud áit sgríobhtha,
Onóir gach am dod' láimh a's cheann,
Dod' mheur 's dod' pheann a choidhche!
ÉIRE, A RÚIN.
Fonn — "Eibhlín, a Rúin.
Bh-fuil tú 'do dhúiseacht fós?
Éire, a rúin,
Cromtha, mar smuiteach fós,
Éire, a rúin:
Feuch, tá na tíor' go léir
Briseadh a slabhradh geur,
Lonnradh a n-gréin 'sa spéir,
Éire, a rúin!
Smuit air do inntinn féin,
Éire, a rúin,
Scaptha tá sult do shéin,
Éire, a rúin,
Dorcha do spirad mhór,
Briste do chroidhe, a stór!
A's sinne gan brón, gan deor,
Éire, a rúin!
Cá b-fuil do bhárd' a n-iudh?
Éire, a rúin,
Cá bh-fuil do laochra tiudh?
Éire, a rúin,
Imthighthe do chláirseacht port,
Sínte do laochra ort,
Báinte do chnoic 's do ghoirt,
Éire, a rúin !
Go deo, beidhir faoi slabhradh treun,
Éire, a rúin,
Go deo, beidhir síos gan seun,
Éire, a rúin,
Go n-éireóch do chlann go léir,
Go reubfaidh na slabhraidhe geur',
Go n-árdóch an chruinn' 'sa spéir,
Éire, a rúin.
Máirtín Dubh.
Tá 'n t-Athair Uilliog J. Búrca aig
sgríobhadh beatha Árd Easboig Mac Éil
anns an Teanga Ghaedhilge, agus tá súil
againn go bh-feudfamuid é thabhairt 'san
Gaodhal ó mhí go mí cho luadh a's thigfeas
sé amach.
