28.
AN GAODHAL.
D' Fheareagair an Ghaodhail.
Tabhair cead dam, le do thoil, beag¬
án do rádh timchioll ranga na Gaedhilge
annso agus ann áitibh eile.
'Sí an lochd is measa leis na sgoláir¬
ibh a mhianas foghluim na Gaedhilge, go nach
d-tusuigheann siad labhairt na teangan
cho luadh agus is cóir dhóibh. Is cóir dhóibh
tionsnadh labhartha tar éis do bheith mio¬
sa amháin dá foghluim, no ag dul chum
an sgoil.
Bhí mé shuas ag an rang atá annsa
Tres-Sráid-Deug an Dia-domhanach
chuaidh thart, agus ba h-í an deac-
rachd ba mhó agam do dheunamh na
sgoláireadh labhairt na teangan dá
raibh siad annsin le foghluim. Bhí go-
leor dhíobh ann d' fheud Gaedhilig labhairt
go maith, acht níor bh' áil leo aon fhocal
labhairt acht an nidh do bhí faoi na súilibh
anns na leabhraibh. Do shaoileas féin go
d-tabhairfinn sompla dhóibh, agus do gheal-
as buidéil fíona nach labhairfinn aon fho¬
cal Beurla cho fad agus bheidhinn 'san
sgoil; do rinneadar a n-dithchioll focal
Beurla do bhaint asamh, acht níor fheud¬
adar, agus air an ádhbhar sin, níor ioc¬
as an fíon.
Measaim gur cóir do gach óide no
teagasgthóir na Gaedhilge, a n-dithchill do
dheunadh leis a g-cuirfeadh d' fhiachaibh air
gach sgoláire an Tres Leabhair, Gaedhilig
amháin do labhairt cho fad a's bheidheadh sé
no sí annsa sgoil. 'So an deacrachd is
mó le teagasgóiribh de na h-uile theang¬
thaibh; bidheann na sgoláiridhe eaglach go
n-deunfaidis dearmad dá labhairfidís,
agus 'sí leanamhain de sin, go nach féid¬
ir leo trí focail do labhairt tar éis do
bheith ag an sgoil air feadh dhá bhliadhain
Muna bh-fuil ag an sgoláire acht deich
bh-focail Gaedhilge, caithfidh sé usáide
a dheunadh dhíobh, Feuch na Gearmainighe
cionus foghluimeann siad Beurla a d-trí
mhíosaibh; beireann siad buaidh air an m-
Beurla de bhrígh gur d' fhiachaibh ortha é
fhoghluim; caithfidh siad Beurla a labh¬
airt no bás fhághail le ocras. Tá eolas
ag gach óide air na sgoláiribh is feárr
ann á sgoil, agus ba chóir dhó iad do chur
fá leith leo féin, agus gan leigint dóibh
aon fhocal Beurla labhairt cho fad agus
bhidheann siad 'san sgoil. Ní fheudann
aonduine aon teanga fhoghluim muna d-
tusuigheann se d'a labhairt cho luadh a's
tig leis. Admhaighim go bh-fuil se níos
tábhachdaighe tuigsint léighte 'ná tuigsint
labhartha, go h-áirighthe annsa n-Gaedhilig,
gidheadh is ferrede dhúinn má thig linn a-
raon do dheunadh go maith.
Is doigh liom nach bh-fuil an t-am fad
uainn ann a m-beidh an Gaodhal go léir
a nGaedhilig gan aon fhocal a d-teangan
na námhaide ann ó thús go deire.
T. O. Ruiseál.
Cathair Riú, 27mhadh Lá de Dheichmhí, 1881.
M. J. Ua Lócháin.
A Shaoi Dhíl. — Le mórán áthais do
fuair mé cóib sampla de 'n Ghaodhal
Cuirim chugad trí fichid píghin, air a
shon cuir chugam "An Ghaodhal" air feadh
aon bhliadhain, aig tosúghadh leis an g-
ceud uibhir.
Bhí mé air tí smuaineadh go raibh an
coruidhe, annsa tír seo, air son aith-
bheodhughadh na teangan Ghaedhilge aig dul
air g-cúl, acht taisbeánann puibliughadh
an Ghaodhail go bh-fuil sibh aig dul air agh-
aidh le athbhuanughadh na Gaedhilge. tá 'n
Saoi T. O' Ruiséal sar-chruaidh air fhear-
aibh-eagair na b páipeur Éireannach, acht
tuilleann siad é; óir dá b-puiblighfeadh
gach uile fhear-eagair Éireannaigh roinn
Ghaedhilge ann a pháipeur, agus an cor-
uidhe a bhrosdughadh air mhodhthaibh eile, ní
fada m-beidheadh a h-ádh deimhnighthe.
Bh' áil liom go b-puibleóchthá "Toruigh-
eacht Dhiarmada agus Ghraine" ,a bh'foc-
lacht nuadh, óir tá an fhochlacht ársach do-
thuigsiona do na foghlumtheioiribh.
Is cóir duit gach focal cruaidh a fhoill-
sighis anns gach uibhir de 'n Ghaodhal a
mhíniughadh, óir tá mórán focla nach bh-fuil
anns na foclóiribh — acht a bh-foclólr Ui
Riaghallaigh agus foclóir Ui Bhriain, agus
is gann a measg na léightheoiribh iad.
Tá dá fhoclóir agam agus tá mórán
focla anns a treas uibhir de 'n Ghaodhal
nach bh-fuil a g-ceachdar aca.
Is mé go h-ómhósach,
D' óglach umhal,
M. A. WEAVER.
