36
AN GAODHAL.
DR, GALLAGHER'S SERMONS,
Budh leor an meud seo, dar leat, a
Chríostaidh do onóir a dheunadh fa chomh-
air créatúr air bith ó Dhia 'nuas, acht
níor mhór le Chríost nídh budh mhó 'ná so
a dheunadh d' a Mháthair: Chuaidh Sé féin
'nna h-arracais; do chuir Sé corain na
glóire air a ceann, agus gaethe agus
dealradh na glóire 'nn a gnúis. Ghlac
Sé a mháthair go soilbhir, subháilceach ; thug
leis air láibh shí a bh-fiadhnuise an athar
síorruidhe, agus a dubhairt leis : seo, a-
thair, an bhean a thóg Tusa ó 'n t-síor-
ruidheacht ann a beith 'nn Máthair agam-
sa; seo an bhean a rinne riamh mo thoil
agus nár chlaon a riamh do dhlíghe a bhris-
eadh; seo an bhean bhí 'nna sompla agus
'nna pataún ionracaís agus cneastachta
aig fearaibh agus aig mnaibh an domhain.
Do bhrigh, deir an t-Aathair síorruidhe,
a Mhuire, go n-deárnaidh tú mo thoil-se
air an t-saoghal, agus nár thruaillidh tú
a riamh do choinsias lé brúdar air bith
peacaidh, bheirim dhuit, mar phrontanas,
agus luach saothair,, a bheith rannpháirt-
each ann mo chumhacht. Maiseadh, bheirim-
se duit, deir an Mac, a bheith do mhaigh-
istreas air mo thrócaire. Bheirim-se
duit, mar an g-ceudnadh, deir an Spio-
ad Naomh, a bheith rann-pháirteach ann mo
chríonacht agus ann mo mhaitheas, Ord-
uighmuid dhuit, ó 'n diu amach, a bheith do
bhain-righin os cionn na n-aingeal agus
na n-árd-aingeal, os cionn naomh agus
ban-naomh Parthais go h-iomlán. Árd-
uigheadh naomh mathair De os cionn coi
sir na n-aingeal go righeacht fhlaitheamh-
nais.
O Mhuire, a bhain-righin na cruinne, is
mór an chéim seo agus an onóir a fuair
tú os cionn naomh an domhain, acht níor
bh-fuairis nidh nár bh' fiú thú. Molaim
thú ó mo chroidhe, agus ó mo thoil. Is
dheimhin gur fíor an nidh dubhairt Elisa-
bet, mathair Eoin Baiste, leat — gur
beannuighthe thú thar na mnaibh.
(Continued).
"I found in Ulster from hill to glen,
Hardy warriors resolute men :
Beauty that bloomed when youth was gone,
And strength transmitted from sire to son."
We promised some time ago to produce that very
interesting story, the SEARCH of DERMOT and
GRAINNE, clothed in modern, simple language.
We shall change the orthography and the obselete
words for those in modern use. It will be continued
from time until it is finished.
TÓRUIGHEACHT DHIARMADA AGUS
GHRÁINNE,
Lá áirighthe dá 'r éirigh Fionn Mac
Chúmhall air mhaidin bhreágh, áluin go moch,
a g-coige mhór, leathan, Laighin, do shuidh
sé air an m-bán feur-ghlas amuigh, gan
giolla no óglach 'nn a aice, agus do lean
beirt dá mhuintir é, i. Oisin, mac Fhinn,
agar Dioraing, Mac Dhobhair Ui Bhaoisg-
ne. Do labhair Óisín, agus dubhairt sé:
"Cia 'n fáth ar éirigh tú cho moch sin,
a Fhinn?" deir sé. "Ní gan ádhbhar a
righneas an mhoich-éirighe seo," deir Fionn;
"óir atáim gan bean, gan bain-chéile, ó
d' eug Maighnéis, inghín Gharaidh glúnaibh
mhic Mhóirne; óir ní gnáthach do 'n te
nach bh-fuil bean fhoileamhnach aige suan
no sámh-chodla do dheunadh; agus is é sin
ádhbhar mo mhoich-éirighe, a Oisín."
"Creud do bheireas thusa mar sin?"
a deir Oisín; "óir ní 'l bean no bhain-
chéile a n-oileán glas na h-Éireann, air
a g-cuirfeása amharc do shúl, nach d-tabh-
arfamois, air ais no air éigin, chugad í."
agus an sin do labhair Diorraing, a's
is é a dubhairt sé. —
"Do bhraithfinn féin bain-chéile oireamh-
neach dhuit." "Cia shí féin?" a deir Fionn
"Atá Gráinne, inghín Chormaic Mhic
Airt Mhic Chuinn, cheud-chathuigh," deir
Diorrang; ".i an bhean is feárr delibh
agus deunamh agus urlabhradh de mnáib
na cruinne go h-iomlán."
"Air m' fhocal, a Dhiorraing" deir,
Fionn. "tá imreas agus eas-aontacht
eidir Cormac agus mé féin le am fad-
a, agus níor mhaith agus níor mhaiseach
liom go m-beidheadh diúltúghadh tochmaire
orm, agus b' fheaárr liom go rachfadh
sibhse a n-aoinfheacht aig iarraidh a inghín
air Chormac dam, óir b' Feárr liom go
n-eiteóchadh sé sibhse 'ná me féin."
"Rachfamoidne ann," adeir Oisín, "gidh
nach bh-fuil aon tairbh dhúinn ann; agus
ná beidheadh fios ar d-toruis aig aon-
duine no go dtigfeamuid air ais arís."
Lanta air taobh 48
