48
AN GAODHAL.
DR, GALLAGHER'S SERMONS,
Ní iongnadh liom, a chairde, go m-féid-
ir le anam ghlórmhar Mhuire é féin a árd¬
ughadh, air sileadh súile ó 'n talamh go
Neamh, do bhrigh gur féidir le gach Spior-
ad, olc agus maith, dhul ann gheárr aim¬
sire ó chrich go crich, agus ó chearn de 'n
domhan go soiche an cheirn eile. Acht is
iongnadh liom cad shé mar b' fhéidir leis
an g-corpán cré bhi timchioll an anama
seo, dhul suas an bealach cúmhang, cruaigh,
gan gleus iomchair. Is fioachlibh nach rád-
ughadh a gnidheas an nidh a bhidheas trom,
acht islughadh chum talamh. Cad eile, cad
shé an modh air a n-deachaidh an cholan
daonna úd Mhuire ó 'n talamh go Pháras?
Maiseadh, a chríostaidhe, iomcaradh an
corp glórmhar seo a g-cóiste ór-bhuidhe,
órnáilte le clocha uaisle agus peurlaidh
mór-chostasacha. Acht cad shé an t-ádh¬
mud a mheasas sibh d' a n-dearnadh an
cóiste seo? No cad shiad na h-eachraidh
bhí 'g tharraint? A tá, críostaidhe, deagh¬
oibreacha agus deagh-gnímhara Mhuire.
Seo féin an t-ádhmud d' a n-dearnadh an
cóiste úd, seo na peurlaidh, seo na cloch¬
a uaisle chuir máise agus áille air an g-
cóiste úd; seo an gleus iomchair, seo na
sgiatháin a árduigheas gach naomh go geata
Pharais. Air an taobh eile, gach duine
malluighthe nach n-deunan stór de na
deagh-gníomhartha air an t-saoghal so, 's
áit árdughadh suas, sé tuitim síos gnidh
sé, le trom-ualach a pheacaidh, go fíor-
iochtar Igrinn. Ní bhidheann athrughadh de
chóiste aige, acht cóiste teintidh agus
diabhail Ifrionn 'g a tharraint.
Tuigidh sibh anois, a chairde' cad é an
cineál cóiste ann ar iomcaradh corp
ghlórmhar Mhuire, mar do bhí a deagh-oib-
reacha agus a deagh-gníomhartha. Acht ní
móide go d-tuigeann sibh cad shiad
na h-eachraidh bhí 'g a tharraint? Siad
na h-eachraidh bhí tarraint an chóiste úd,
na subháilcidh naomhtha bhí aig Muire; agus
air son go rabh na h-uile chineál subháil-
cidh ainti a b' fhéidir a bheith a g-creatúr
daonna air bith, air mheud go m-b' fhéidir
a rádh leithe gur rabh sí ann a stór-chiste
lán d' ionnracas, de ghlaine coínsiais as
de chrabhadh ; gidheadh bhí ceithre phríomh subh
áilcidh aici a g-céimh do-innisthe, mar a bhí
umhlacht, geanmnaidheacht, carthanacht
agus foighid.
(Continued).
TÓRUIGHEACHT DHIARMADA AGUS
GHRÁINNE,
Na dhiaidh seo do ghluais an dís death-
laoch sin rómpa, d'fhág siad a m-beann¬
acht le Fionn, agus níor aithris siad a
n-imtheacht nó go d-thainic siad go Teamh-
air. Thárla righ Éireann agus ceann-
phuirt na tíre a n-dáil rómpa air mhagh
Theamhra, agus do chuir siad fáilte mhór
roimh Oisín agus Diorraing, agus chuir
siad gnódhtha an dáil air g-cúl chum suim
a thaisbeánadh do chuairt Oisín agus
Dhiorraing. Ann sin, do ghoir Oisín righ
na h-Éireann air leathtaobh, leis féin,
agus d' innis sé dhó gur aig iarruigh
cleamhnas do Fhionn Mac Cúmhall air-
sean do thainic siad ann sin.
Do labhair Cormac, agas is sé a dubh-
airt sé. — "Ní 'l mac righe 'ná righ-fhlatha,
'ná laoch ann Éirinn nár dhiúltaidh m' in-
gheansa a b-pósadh, agus is ormsa a tá
milleán aig gach ceann aca go coitchean-
ta, agus ní thiúrfadh mise aon fhreagra
díbhse nó go d-tugfadh sibh m' inghean a
láthair; óir is feárr a sgeul féin agaibh-
se ná a bheith díobhuidheach díomsa,"
Do ghluaiseadar rómpa na dhiaigh sin
no go d-tainiceadar go grianán na m-
bantrachta, agus do shuidh Cormac air
cholba na leabtha, a bh-fogus Ghráine, agus
is sé seo a dubhairt sé — "Seo, a Ghráine,"
a deir sé, "beirt do mhuintir Fhinn Mhic
Chúmhaill aig teacht d' iarraidhse mar
mnaoi agus mar bhain-chéile dhó, creud é
an freagradh is áil leat a thabhairt dhóibh."
D' fhreagair Gráine, agus is sé a dubh-
airt sí. — "Má a tá do dhíolsa de chliamh-
uin ann, cia 'n fáth nach m-beidheadh mo
dhíolsa d' fhear agus d' fhear-chéile ann?"
Do bhídear sásta an t-am sin, agus
bhí dáil agus fleadh agus feusda mór
aca air feadh na h-oidhche 'san grianán,
as coinne Ghráine agus a bantrachta,
agus do rinne Cormac áit choinne leo
agus le Fionn coicís ó 'n oidhche sinn, a
d-Teamhair.
