AN GAODHAL.
55
FORAS FEASA AIR ÉIRINN.
An Dara Leabhar.
O Mhicheál O' Suilliobháin dhe dheasBhoston.
A deir Shanderson san gceud leabhar
de shiosma na Sacsan, go d-tugadar
Gaoidhil, do láthair iar ngabhail creid-
eamh, iad féin agus an mhéid air chumas
leo faoi smacht do Easbog na Róimhe;
agus na rabh árd phronsa eile ortha acht
Easbog na Róimhe, go rochtain flaithios
Éireann do Ghallaibh'
Seo briathar an ughdar : "Thugadar
oidhreacht air dhó faoi láthair iar ngabhail
chreideamh, iad féin agus a rab aca cur
faoi smacht Easbog na Róimhe, agus na
rabh admháil aca air árd-phrionnsa eile
do bheith air Éirinn acht Easbog na Róimh-
e gus an aimsir úd, go gabhaltas Gall."
Gigheadh ní fíor an nidh sin, mar is foll-
as a Psailtir Chaisil, mar a labharan Ir-
iall Faidh Mac Eireamhóin, agus mar a
d' fhoillsigh gach aireamh ríogha ó shíol Eir-
eamhóin, gur gabhadh Éire le Padraig, a-
gus dá éis. Ag seo na briathra ceart. —
'Do ghabh iriall Faidh flaithios Éire deich
m-bliadhain, agus do ghabhadar caogadh is
seacht righ sul do shioladh riaghail Chríost
le Padraig ann Éirinn do shliocht an righ
ceudna. Agus déis Padraig, do bhí
caogadh righ do shliocht a fhlathios ann Éi-
rinn. Atá seo go follas ann anála ár-
sa na h-Éireann, agus san Réim Riogh-
radh. Ag seo mar thig Policronicon air
an nidh ceudna: Ó theacht Phadraig go h-
aimsir Feidhlime, righ Mhúmhan, do bí trí
righ agus triochadh a bh-flaithios Éireann;
feadh ceire cheud bliadhan. Ann aimsir
Feidhlime do thangadar Fionnlochlannaigh
le na d-taiseach, Turghesius, go Éirinn.
Is ionntuighthe go rabhadar riogha air Éi-
rinn do Ghaodhal n-diaigh Phadraig.
A deir an t-ughdar ceudna: "O aim-
sir Turghesius gus an righ deighionach,
Ruari, righ Chonnacht, bhí seacht righ dheug
air Éirinn." As gach nidh díobh seo; is
follas nach fíor nach rabhadar righthe
air Éirinn ó aimsir Phadraig go gabhal-
tash Gall.
Agus tig leis seo an nidh a leighthear
san sémeadh éipistil deug do sgríobhadh
Anselem naomhtha, Árdheasbog Chanter-
berigh, mar sríobhann go Muircheartach
O'Briain, righ Éireann. Amhuil leightear
a n-Dochtúr Uuisior san deasgán do
chnuaisig sé do leitreachaibh naomh chléire
na h-Éireann agus Shacsan, mar an ab-
air, "Moriartho glórioso reghi hibernie,"
Agus mar sgríobhas árdeasbog Chanter-
berigh, Lanfrancas go Toirdhealbhach O'
Briain, Righ Éireann, anno Domini, 1074.
Deir an t-ughdar ceudna, Lanfrancas
peacach agus Árdeasbog neamh diong-
mhálta Naomh Eaglais, Dorobhornensis,
beannacht go seirbhís agus go nguidhe go
Toirdhealbhach, Righ Éireann. Atá aig
neartughadh le fírinne na neithe seo, an
nidh a léighthear san eipistil, aon-is-dá-
fhichead de 'n leabhar ceudna.
Mar sgríobhann an Cheud Henri, righ
Shacsan, go Rodolphus, Árdeasbog Chan-
terbherigh, ag iarraidh air a ghrágh' do thabh-
airt do shagart dá 'r b' ainm Gregórius,
agus oirneadh Éasbog Áth-Chliath tre-
furailiomh Righ Éirionn, anno Dom. 1123.
Seo briathra Righ Shacson : D' fhurail
righ Éirionn ormsa agus buairgeisigh
Duibhlinne, thógadar an Greagóir seo 'nn
a easbog, do chuireadar chugadsa é, da
oirneadh; uime sin, furailiomsa ortsa
ionnas go d-tugthá an iarraidh dóibhcoimh-
líonadh gan cáirde dheun air a oirnendh.
As gach nidh dá n-dubhraim is follas nach
fíor le rádh nach rabh righ no uachtrán eile
air Éirinn ó almsir Phadraig fo gabhal-
Gall. As follas fós nach rabh cur cinn-
te aig fána na Róimhe air Éirinn riamh,
acht mar do bhí air an Spáinn, no air an
bh-Frainc, no air chríochaibh eile, go aimsir
Dhonnchadh Mac Bhriain Bhoroimhe. do
chuaidh do 'n Róimh, tuairim 77 bliadhain
sul thangadhar Gaill an Éirinn, gidh air
ndul Donnchadh Mac Bhriain do 'n Róimh,
amhuil a dubhramar thuas, thug sé féin
agus uaislé na h-Éireann aonta le cur
do bheith aig Easbog na Róimhe, do bhrigh
go m-beidís féin easaontach le chéile fá
iomchosnamh Éireann. Óir tar cheann go
sgríobhadh ughdair go coitchionn gur bhronn
Constantine Impire air ngabhail baist-
idhe do oileán iarthar Eorpa do Silbhes-
ter, Pápa. Níor shealbh do 'n Phápa air
Éirinn sin, do bhrigh nach rabh sealbh aig aon
Impire dá rabh 'san Róimh riamh no aig
Constantine do réir sin.
