AN GAODHAL.
63
AITHRIS O'N IARTHAR.
Daston, Ohio, an 18adh Marta' '82.
D' Fhear-Eagair an Ghaodhail. —
Bhí am breagh againn ag Baile na
Saighdiur air Lá-Fhéil' Phadraig. 'Thug
má leighean timchioll na Gaedhilge, agus
níor labhras riamh le cruinniughadh níos
líonmhara no níos airighe 'ná do bhí ann.
Bhí an thrathnóna an-fhluich, agus bhí mórán
de na sean dhaoinibh nar fheud a dhul a-
mach mar gheall air an droch aimsir.
'Sé an taoiseach Mac Giola Phadraig a
tá 'na riaghluightheoir os cionn an Bhaile,
agus is fear breágh é go deimhin. Thain-
ic se amach air an urlár tar éis an
léighin, agus dubhairt sé na focail seo:
"Measaim féin," a deir sé, "nach raibh
aon nidh curtha air bun riamh ann Éirinn
'ná ann America. cho maith agus cho
riachdanach do Ghaodhailibh agus tá an
obair seo d' aithbheodhadh na sean teang¬
an an chinidh : is mise Gaodhal, leath Al-
banach, leath Éireannach,; agus gidh nach
d-tuigim aon fhochal de theanga mo shion¬
sear, mothuighim an chúram is troime
innti. Is cóir do gach fíor Éireannach
agus fós gach fíor Ghaodhal, is cuma
má 's Éireannach no Albanach é, a dhith-
chioll do dheunadh le cur air aghaidh agus
le cabharadh na h-oibre mhaithe seo."
Ní fhacas riamh aon áit níos breátha
ná Baile na Saighdiur Ní'l aon áit eile
san domhan d'a short, cosamhuil leis. Tá
sé cheud acra talmhan ann, agus ní 'l
aon nidh tasduigthe ó na daoinibh a tá
san m-Baile seo. Tá a saith aca le ithe
tá leaba fa leit ag gach fear; tugthar
eudaighe maithe dhóibh; tá a n-eaglais féin
aca, cia b'e an creideamh leis a m-bean¬
ann siad; agus tá leabharlann aca, le
gach uile short leabhar agus páipeur ann.
Tá daoine ann beagnach ó gach áit de 'n
domhan, acht siad Éireannaigh 'gus Gear-
máinig an chuid is mó aca. Dubhairt
siad liom go bh-fuil timcheall trí agus
ceire mhíle duine ann. Ní leigthear aon
fhear annsa m-Baile, nar chuaidh annsa
g-cogadh dha shaor-thoil féin.
Bhí an léighean saor, mar atá gach
léighean tugtha sa m-Baile na Saighdiur;
níor thuill meise píghin as; acht tá súil
agam go g-cuirfidh an Taoiseach Mac
Giolla Phadraig, duais dhéas chum na h-
Aonachd-Ghaedhalaighe ann Ath-chliath.
Do chara
T. O. Ruiséal.
DOMAIRM BHÁIS RIOBAIRT EMET
Creud atá agam le rádh cia 'n fáth
nach m-beidheadh breith-bháis tabhradh orm
do réir an dlighe? Ní 'l dadaidh agam
le rádh d' athróchadh bhur reimh-dheimhniugh-
adh, no budh fhoileamhnach damh a rádh le
súil go n-eadtromóchadh sé an breitheamh-
nas a tá sibhse ann so le thabhairt, agus
a chaitheas mise fhulang ; acht tá sé sin
agam le rádh a bhaineas domsa níos mó
ná mo bheatha, noch do dhithchiolluigh sibhse
a shladadh, mar badh riachdanach díbh a
dheunadh san stáid fhóiréigeanach a bh-
fuil an tír seo 'nois. Tá mórán agam
le rádh cia 'n fádh go m-budh chóir mo
chlú a chosnadh ó 'n trom-chúis aithiseach,
breugach a tá curthadh air. Ní shaoilim,
suidhteadh mar tá sibh, gur féidir le bhur
g-croídhthibh a bheith cho saor é shalchas as
go g-cuirfeadh sibh suim anns a g-cómh-
rádh a tá me dul a dheunadh. Ní 'l aon
dóchus agam gur féidir liom mo chlú
a chuir ann ucht chúrta atá cumthadh
agus cuibhrighthe mar tá sí seo. 'Sé mo
aon mhian, agus ní 'l súil agam le níos
mó, gur bh-féidir le bhur d-tigheanaidhe é
leigean síos ann bhur meamhairibh, neamh-
shalaighthé le anáil mhurchaigh na reimh-
bhreathnuighthe. no go bh-fághadh sé cuan
níos fialtadh le na fhasgadh ó 'n t-síon
míbheusach a tá d'a dhornughadh 'nois.
Da m-beidhinn amháin le bás fhulang
n-diaigh a bheith meastadh cionntach le bhur
m-breitheamhnas, chlaonfainn gan eug-
caoin a g-coinne an bás tá n-dán dam,
acht breith an reichd a bheurfas mo chol-
ainn do 'n chrochadóir, trí fritheoladh an
dlighe sin, oibrigheann sé ann a chás féin
le mo theastas a tharchuisniughadh, óir
chaithfidh coir a bheith ann áit eigin, cia
aca; a m-breith na cúrta no sa mí-fhor-
tún, caithfhidh ar sliochd a thuairmiughadh.
Caithfidh fear a m' áitsa, thighear-
naidhe, ní shé 'mháin deacrachd phortúin
agus neirt chúmhachda air mhiantaibh noch
