AN GAODHAL.
71
DÓMAIRM BHÁIS RIOBAIRT EMET
[EMMET'S DYING SPEECH],
(Continued from our last)
Tig le bhur g-crochadóir leus mo shaogh-
ail a ghiorughadh, acht cho fad is mhairfeas
me cosnóchadh me mo clú agus mo theas-
thas ó bhur n-aithis, mar fhear a bh-fuil a
chlú níos measa leis 'ná a bheatha, deun-
fad an fhéidhm dheighionach de 'n bheatha sin
aig ceartugh'dh an chlú sin a mhairfeas mo
dhiaigh, óir is sé an oighreacht amháin é a
thig liom fhághail leis an muintir a ghrádh-
aighim agus onóirim, agus ce air son a
táim aig eugadh go leathadach.
Mar fhir, mo thighearna, caithfamuid a
bheith láthair air an lá mór déighionach aig
an g-cúirt-cheirt coitchionta, agus beidh
sé ann sin aig cuartuightheóir na g-croidh-
eadh go h-uile a thaisbeánadh do 'n chruin-
ne cruinnuighthe, cia bhí tógthadh suas lé
na gníomharthadh bhadh subháilce no le na
mianta budh glaine, tíoránaighthe mo thír-
e no — Norburrigh, Tosd, a Shaoi, éist le
breith na cúrta.
A thighearna, m-beidh fear a tá fághail
bháis seunta an phribhléid é fhéin a cheart-
ughadh os comhair na n-daonachd ó 'n aithis
neamh-thuillteach a caitheadh air air feadh a
chúise? Dá chúisiughadh le glóirmhian agus
le bheith aig iarraidh saoirseachd a thíre a
chaitheadh uaidh air luach suarach. Cia 'n
fáth ar tharchuisnigh do thighearnais me, no
cia 'n fáth a d-tarchuisnighis cóireachd a
fiafrughadh dhíomsa cia 'n fáth nach mbeidh-
eadh breith bháis tabharthadh orm?
Tá fios agam, mo thighearna, go n-ord-
uigheann an cuma dhuit an cheist a fhiaf-
rughadh; orduigheann an cuma mar an g-
ceudna ceart a freagthradh ; b' fhéidir
deunadh dá easbadh seo, gan amhras, ag-
us d' easbhadh an chúis go h-uile mar an
g-ceudnadh, ó thárla go rabh breith tabhar-
tha san g-cuisleán sul do bhí an coiste
glaoidhte. Ní 'l bhur d-tighearnais acht
sagairt na bh-faistineadh, úmalaighim do
an iodhbhairt, acht seasaim air na cum-
thaibh go h-uile.
Tá me cúisighthe le bheith mo theachdaire
ó 'n Fhrainc, teachdaire de 'n Fhrainc! ag-
us cia air a shon? tá sé cúisighthe go m-
bh'é mo mhian saoirse mo thíre a dhíol,
cia 'n fáth? a m-b' é seo iarrachd m' ain-
mhian? agus an é seo an modh a n-iarr-
ann cúirt-cheirt contrárdachd a shamhal-
ughadh? Ní sheadh — ní teachdaire mise.
B' é m' ainmhian áit a congbhál a measg
fuasgluightheóiribh mo thíre, ní g-cúmhachd
no sochar, acht a nglóir an ghnímh. Saoir-
se mo thíre dhíol do 'n Fhrainc; cia air a
shon; malraid máighistir? ní sheadh acht
do m' ainmhian féin! a mo thír, an é m'
ainmhian féin a ghríosuigh mé. Dá mb' é
mo thoil é nach bh-feudfainn, le m-foghluim
agus le mo mhaoin : le meas agus stáid
mo mhuintire, me féin a cur ameasg an
chuid is uabhraidhe dá 'r d-tíoránach.
B' í m' iomhaigh mo thír. Is dí a rinne
me iodhbhairt de 'n meud a bhí cionamhuil
agam air an t-saoghal seo, agus is dí
ofrálaim me féin anois, a Dhia. Ní eadh,
a thighearnaidhe, gníomhas me mar Éirean-
nach cinnte air mo thír fhuasgladh ó chuing
chruaidh, chiomhtheach, agus ó chuing níos ur-
chóide, clamparachd theaghlacháin; a chomh-
pháirtidhe san g-cinn-mharbhuightheóir, aig a
bh-guil mar thuarastal aithis a bheith beo
le aoibhneas san taobh amuigh agus le
meamhair thruaillighthe san taobh astigh.
B' é mian mo chroidhe mo thír a fhuasg-
ladh ó 'n tíorántas dlúth-cheangailte so.
Badh mian liom a saoirseacht a chuir an
rochd aon chumhachda san domhan; ba mian
liom í árdughadh do 'n stáid leitheadach
sin san domhan a dheonuigh Dia dhí a líon-
adh.
Bhí comh-cheangal leis an bh-Frainc, go
deimhin, luaidhte, acht cho fada amháin a's
beidheadh sé teastdáil no a sochar coimh-
fhreagrach. Dá m-beidheadh na Francaigh
gabhadh uachdarántachd neimh-ionan le
saoirseachd iomlán, b' é comhartha a g-
creachadh é. D' iarr muid a g-cungnamh,
agus dh' iarr muid é mar do bhí dearbh-
theacht againn go bh-fuigheadh sinn é. mar
chongantóiridh ann ár, agus mar cháirde
ann aimsir síothcháin. Dá m-beidheadh na
Francaigh le théachd mar chreachadóiridh, no
námhaididh, gan cuireadh le mian na
n-daoinibh, rachfainn 'na g-toinne le mo
neart go h-uile. Seadh, mo thíreacha,
chomharlóchainn sibh a dhul 'na g-coinne air
an tráigh le cloidheamh ann aon láimh ag-
