72
AN GAODHAL.
us troillseán san laimh eile. Rachfainn
ann na n-aghaidh le creach-bhuile an chogaidh
go léir, agus bhrosdóchainn mo thíreacha
chum iad a bharbhadh ann a m-bhádaibh sul
do thruailleóchadh siad ithir mo thire.
Dá n-éireóchadh leo a théacht air thal-
amh, agus go m-b' éigin dúinn imtheacht os
comhair buidheána níos cumhachduighthe,
thagróchainn gach urlach talmhan, leagfainn
gach teach, agus dhóghfainn gach ribhe féir,
agus an áit dheighionach a d-tréigeóchadh
dóchus saoirre mo thíre me, ann sin d'
fhanfainn, agus bheidheadh clais dhéighionach
mo shaoirse mo uaimh; an nidh nach bh-feud-
fainn féin a dheunadh ann mo chliseadh d'
fhágfainn mar ordughadh déighionach aig
mo thíreacha a chríochnughadh, mar tá me
cinnte go bh-fuil beatha cho maith le bás
easonórach cho fad as chongbuigheas náis-
iún coimhtheach mo thír umhalaighthe. D'arr
mé, go déimhin' congnamh ó 'n Fhrainc,
ba mhian liom a chruthughadh do 'n Fhrainc is
do 'n domhan go m' fhiú Éireannaigh a
bheith cuidighthe; go rabh siad mio-shásta a
bheith na sglábhuighthe, agus go rabh siad
réidh le saoirseachd a d-tíre dheimhniughadh.
Budh mhian liom é fhágháil do mo thír an
banna fuair Mhashington chum America,
congnamh fhágháil a bheidheadh cho tabhachdach
le na dheagh-shompla agus bheidheadh se le
chrodhachd: múinte, calmach, líonta le eal-
adhán agus le eolas; cuidightheóiridh a
chomeudóchadh puince mhaithe, agus a mhín¬
eóchadh puince gharbh' ar nádúr. Thiocfach
siad chugainn mar strainséiridh agus d'
fhágfaidís sinn mar cháirde, 'néis a bheith
rionnpháirteach ann ar m-baoghalaibh agus
ar g-cinneamhúin árdughadh. Budh iad so
mo mhianta ; ní le daormheasadóiridh
nuadh a ghlacadh acht le sean tíoránaidhe
a ruagadh. Agus sin é an fádh ar iarr
me congnamh ó 'n Fhrainc, air an ádhbhar
nach m-beidheadh an Fhrainc, eadhon, mar
námhaid níos mailísidhe ná an námhaid a
tá 'nois a m-brollach ar d-tíre.
Coisgeadh an seo é.
Tá me cúisighthe leis an tabhachd sin
san iarrachd a rinneas air an ócáide so
agus gur measa mé cloch-cheangail an
chomh-aontachd Éireannaigh, nó mar dubh-
airt do thighearnais é, "beatha agus fuil
an cheilg." Tugan tú onóir ro mhór dam,
tugann tú do 'n iachdarán creideamhuin
an uachdaráin. Tá fir tógthadh suas leis
seo a tá, ní h-é amháin níos mó ná mise
acht níos mó ná do shuim-saort féin, mo
thighearna, fir os comhair a ndathamhlachd,
a g-cáillidheachd agus a subháilce chaithfin
umhlughadh go h-ómásach, measamhuil, agus
ce a mheaseóchadh iad féin íslighthe aig
criothadh do láimh fhuildhaithighthe. — Choisg
Norburrigh ann seo é.
Creud a thighearna, n-innseóchadh tú
dam' air mo shlighe do 'n chrioch a tá ull-
mhaighthe le mo mharbhadh aig an tíorántas
sin ann nach bh-fuil ionadsa acht an mar-
bhuightheóir méadhonach, go bh-fuil me cun-
tasach faoi an meud fola tá dóirte as
a bheidheas dóirte anna a saothar seo
eidir na leathtromóirighthe agus na leath-
tromóiribh : 'n innseóchadh tú é seo dam,
agus a g-caithfidh mise a bheith mo sglábh-
uighe cho mór a's nach m-buailfinn siar é?
NÁ TÓIG AIR AN bh-FILE.
Fonn — Caitlín Tíriall.
[Oh blame not the Bard — Translation on page 80]
Ná tóig air an bh-file, má euluigeann
faoi 'n g-cluan,
'N a m-bidheann sogh-chlaon a fonóid faoi
árd-thuadh go buan,
Níor thair bhí dhoigh sinsir 's le uan 'gus
le trá
Go clutamhuil, do dheunadh gníomh gaisg-
igh gan sgáth;
An teud' tá 'nois sínte air an g-ceol-
chruit go fann,
Do sheolfadh a g-croidhe námhaid an bás-
ghath go teann;
'S an teanga, nach sileann acht mil-shruth
na g-claon,
Budh tuilteach í a brosdughadh grádha
tíre na bh-Fian —
Mo nuair d'a thír áluin! tá a caithréim
'nn a luidhe,
'S an croidhe cródha briste, nár bh-féi-
dir a chlaoidheadh;
Caithfigh eugcaoin a fhíor-shliocht bheith
faluighthe ó 'n t-saoghal,
Óir is bás bhreith a cosaint, is ní 'l a
cumann gan baoghal.
