82
AN GAODHAL.
Chicágo, an cheud lá Mhí-mheadhain, '82.
D' Fhear-eagair an Ghaodhail :
Ní'l mórán aithriste agam le h-inn-
sint duit anois. Tá gach aon nidh dul
air aghaidh annso mar a g-cómhnuidhe; tá
an aimsir fliuch agus fuar; tá an gno
olc agus Éireannaigh na cathrach so — cab-
óga mar tá an chuid is mó aca — mi-chúr-
amach timchioll a d-teangan.
Inneósaidh me dhuit timchioll leabhar
do cuireadh amach chugam as Gearmain-
ia. 'Sé graimeár na Gaedhilge, sgríobh-
tha a n-Gearmanach leis an t-Saoi Mhin-
dis. Ní'l fhios agam má thuigfidh tú mé
nuair a sgríobhaim ainm an úghdair seo
sna sean litiribh. Ní fheudaim sampla
níos feárr do bheith agam le taisbeán'dh
amadánacht úsáide na sean litireadh,
óir ní fheudaim a ainm do sgríobhadh
annta ann aón mhodh ann a d-tuígfidh
daoine cia air a labharaim. So ainm
mar sgíobhann sé féin é a litiribh Róm-
ánach. — Windisch. Is breágh agus is fogh-
lumtha an graiméar é go deimhin, acht is
beg nach iomarca dam é, óir ní amháin
gur éigin dóibh so a léigheas é, Gearmán-
ach do thuigsint, acht caithfidh siad Laid-
in agus Gréigis do thuigsint mar an g-
ceudna, óir tá mórán de'n dá theanga
so ann.
Do chuir an taoiseach Mac Giolla
Phaidrig deich a's dá fhichid dollar chum
na h-Aondacht-Gaedhilge ann Áth-chliath;
sin é an meud airgid do thuilleadh as
mo leigheann a m-Baile na Saighdiuradh.
Cuirim chugad alt as dán breágh do
fuair me a Leabhar-Laghain atá annsa
leabharlann annso. Bhí sé sgríobhtha ann-
sa deachmhadh ceud-bhliadhain le fear dar-
b' ainm Broccan, cia bé h-é; do sgríobh-
adh an dán do thaisbeánadh glóire Cúige
Laghain, agus is píos filidheacht bhreágh í.
Ná saoil go g-cuirim chugad é mar gheall
go molann sé mo chúige fhéin. Níor bhain
aon de chúigibh na Midhe le Laighin annsa
t-seanaimsir, acht bhí daoine na Midhe
'na namhaidibh ba mhó ann Éirinn aig na
Laghainibh.
Moladh Laghain — Broccan ro can. —
Ní chluinim aon chuicedh etar talmhain is
neamh nimhe
Cailligh imar Neamh Bhrighit agus clérach
imar Caoimhghen;
A's inad badh chomh-ebhindh ra Les Logha
Mac Eithlind,
A's cell imar Tamhlachtain agus cathir
imar Leithghlind;
A's Fidh imar Fidh Meirge ra cnes
catha agus comhlind,
A's ess imar ess nDuthaite agus dún
imar Dúbhlind;
A's cluan imar neamh relic Aedha Find
féib adfédim
Inmhain inad esserghi í fil martíridhe
neamh Éirenn.
Níor mhalartuigh me aon nidh san bpíos
sin shuas acht amháin do sgríobhas "a's"
a n-áit "is," mar shaoil me go n-deunfadh
sin é níos soilléire dóibh seo nach bh-fuil
láidir san teangain ársaigh; agus do
chuir's puinc os cionn beagán de na comh-
fhogharaibh, mar níor chuireadh punc os
cionn b, g, d, no m annsna sean leabhraibh
T. O. Ruiséal.
Explanatory notes to the verses from the Book
of Leinster. —
Imar, now written mar, "as"; comh-ebh-
ind, this would now be written co-aoibh-
inn, it means “equally delightful"; Les
Logha Mac Eithlind, the fortress or dwell-
ing of Logha, the son of Eithlind.
I do not know any place in Leinster answering to
this name at present.
Taimhleachtain, this is evidently the
place now called Tallaght, in the coun-
ty Dublin; Leithghlind, this is probably
Leighlin-bridge, now an insignificant
village in the county Carlow; Fidh
Meirge, I do not know in what part
of Leinster this wood was; ra, this
word is the same as "re,” but is writ-
ten now le; it means “with, for, for the
purpose of;" ess nDuthaite, the water-
fall Duthaite; I do not know any place
of the name; most likely it was the
old name of Powerscourt waterfall in
the county Wicklow; the word is now
written eas; Aedhe Find, Hugh the
Fair: I dont know where this relic or
burying place was situated.
The last line of this poem is very
beautiful; it means, literally, “The
