AN GAODHAL.
97
RAIBHTRIGHE AGUS AN TOR.
Collated by Mr. Edmond O'Keeffe, N; Y. P. C S,
XIII
Do dínneadr suas an uibhir ceudna,
As do bhuaileadar an dara uair fé Éire
Sin é 'n uair do thairnídear a' g-cábhe
glasa, geura,
Agus dubhairt siad nach n-glacaidís
caint no aon rud
Acht buala, 'gus geara, le cláibhe teann¬
a geura ;
Bh'é sin áit 'deargruathar 's mór sleuchda
Coirp agus cinn a ghearra 'nn 'naonfheacht
Agus fuil a rith 'nn a ndearg-thuille le
sléibhe;
Anns an g-cath sin do cailleadh na
treun fhir:
MacCúmhal, MacCeucht a's MacGréine,
Bhí cead caoine a g-ceann a d-trí chéile;
Mar bhí Fodla, Banba agus Éire.
Do thus an uair sin marbhughadh, feall, 's
éicheart,
Mar do chóir no ceart ní thabharfaidh
(géile,
Acht daoine 's tíribh aig dul trí na chéile
Go d-tí gur thainic Cormac Mac Airt,
Treun fhear do thóig lámh air Éire.
XIV
Thug sé an sin dúinn Milléisions.
A's bhí ainm eile ortha, Fianaibh Éireann;
Locht gníomha 's gaisge, rithe 's léime;
Ní chuireach air flaith acht aon-neach,
Mar bhí Goll macMóirne, Sorlán líomhtha
Láimh nár theip air dlíghe no ríghthibh;
Bhí Aithleán, flaith na h-armnuibh geura,
Agus Connán Maol' malluighthe, fear
millte na féine;
Bhí Óscar, agus Caoilte ,gus Diarmad
(Ui Duibhne,
Do dheunach na cleasa 's mór-chuid
draoigheachta;
Agus Fionn Mac Cúmhal, fear aiste na
(sgeulta,
Righthe na gaisgithibh,bhí na clann' Baoisgne.
XV
Clanna Dobha, do bhuail clanna Daoineach
As chuir'dar sleadh a láimh gach taoiseach;
Conal Coisgeal, an mógh fhear sgiamhach,
Agus Mac Guidhbhir ó thuaith na righthe.
XVI
Do ghlúais chugainn ó Múmhan 'nna dhiaigh
sin Féinigh,
Móraine, Brógáine, 's Ó Cheallaigh, gabh-
(tha gleusda.
Ó Murchughadh as bruach Loch Éirne,
Ó Sulleamháin as Iarthar Éirinn:
Ó Seachnasuighe ó 'n Ghort, nár chóir é
sheunadh,
A's Mac Namara ó 'n greatala glégeal.
XVII
Conncúbhar do thainic chum g-coróin 'na
dhiaigh sin;
Cuireadh clise air an gaisgidhe ceudna,
A chuir Alboin fé chíos le Éire,
A's cailleadh an "Triúr," darnó le Déir-
(dre;
Tógadh suas í a g-ciall 'sa g-cuimhne,
Le bheith aig an rígh mar chéile 's chaoimh'cht,
Thréig sí a cuid ór, lón agus daoine,
Agus do lean sí Árdáin, Áille Naoise;
'Sé 'n gaisge do caille léi, Boilg Bláine,
Seo ainme do cuire sgríobhtha táirne,
Bhí air an g-cuan fuar, a seasadh gárda,
Fearsu, Oród agus Connal Ceárda.
XVIII
Acht Connchúbhar míne ó thúis na dáta,
Nár naomhtha aonduine go d-tainic Pád¬
ruig:
Easbog beannuighthe, do ghluis go Éirinn,
Thug olla a's baiste do shagairt 's chléire.
Dhín sé marbh beo, 'gus malluighe naomhtha,
Cionneall na draoithe, do mhúch lé na
sméide,
Is do las solas Chríost 'san am ceudna.
Thug sé dhúinn slánughadh ar n-anmna 'sa
t-sacremint naomhtha,
Agus seacht gceud reilg chuir sé le chéile :
Bliadhain a's trí fichid do stiúir sé Éíre,
Ais mar théidhean an t-seanabhain chum
an mhur mhór tréine,
Go bruine an bátha beidh a ghníomhatha
aig séine.
XIX
Lochlanuigh thainic chum an tír na dhiaigh sin
Agus Turgaesios orrtha mar cheann
'gus mar thaoiseach;
An fear ba mheasa de ghníomh'ra 's beusa
Do sheas roimhe nó ó shin ann Éirnn,
Mar ní rabh fear óg a d-tiocfach féine
Na rabh chum pósa le mnaoi nó céile,
Gur leis féin a dtúis, acht le Turgaesios.
Do sríobh Maolsheachloinn leitir bhreugach,
Agus teachtaire fálsa chuir sé léithe;
Rún na d-taoisighe cheilt agus a sheuna,
Sé críochniughadh ar chúrsa gur cailleadh
é féin leis.
