110
AN GAODHAL.
Teach na bh-Fear Riaghalta Naomh Iosep
Somerset, Condae perrigh, Ohio
An cúigeadh lá deug Lúghnása.
Do Shgíobhnóir an Ghaodhail.
A Shaoi:----
Tá athas mór orm go bh-fuil an Gaodh-
al a dul air aghaidh, agus tá dochas ag-
am go m-beidh sé go goirid ann láimh
gach Éireannaigh anns an tír. An t-Éir-
eannach nath d-tóigfeas an Gaodhal is
féidir linn é chuir síos mar fhear gan
fíor-ghrádh tíre. Agus go ceart, mar
beiridh ar d-teanga ionnainn tír-ghrádh.
Má tá a meas féin aig Éireannaibh 'sa
tír seo leasuighidís an teanga is milse
a tá san domhan. Ní bh-fuil éin-nidh ag-
ainn níos feárr le rádh leo ná deir an
bárd. —
A uaisle Éireann áille,
A chru na chérnein chombáide!
Tréigidh bhur throm-shuan gan an,
Céimidh lom-luadh bhur leabhar.
Bhí mé ag labhairt le Athair Ó'Beirene,
de Órdughadh na Seanmóir, a d-taobh an
Ghaodhail, agus do mhol sé go mór do
pháipeur. Go m-beannuighidh Dia tú
féin agus d' obair.
Creid mé do chara'
M. A. Horrigan,
de Ordughadh na Seanmóir.
Cuir an Gaodhal chum Seághan Horri-
gan, Áit Larach, Orange, Nuadh Ierségh.
The Lord's Pragher.
Ar n-athair a tá air neamh; go naomh
thar d'ainm; go d-tigigh do righeacht; go
n-deantar do thoil air an talamh mar
gnidhthear air neamh. Tabhair dúinn an
iudh ar n-arán laetheamhuil; agus maith
dúinn ar bh-fiacha, mar mhaith muid-ne d'
ár bh-fiachamhnaibh féin; agus no leid sinn
a g-cathughadh : act saor sinn ó olc. Amén
Fáilte an Aingil ------- S é do bheatha, a
Mhuire, a tá lán de ghrása, tá an Tigh-
earna leat; is beannuighthe thu thair na
mnáibh, agus is beanruighthe toradh do
bhnonn, Iosa. Naomh Mhuire, a mháthair
Dé, guidh orrainn as na peacachaibh, a-
nois, afus air uair ar m-báis. Amén.
Án Dara Lá de Cheud Mhí an
Fhoghmhair, '82.
Baile na Saighdiúr, Condae Mont-
gomerigh, Óhio.
A chara Dhílis:
Is fada ó tharladh do sgríobh me chug-
ad roimh a ndiu, air an ádhbar sin tóg-
fadh mé mo pheann ann mo láimh do
sgríobh chugadh anois, go m-beidh fios ag-
ad go bh-fuil me slán. Tá súil agam do
chlos go bh-fhuil tú a sláinte an-mhaith mar
an g-ceudna. Fuaireas leitir ó'n Saoi
T. O. Ruiséal an t-seachtmhain deighion-
ach, agus bhí áthas mór orm aig chlos go
rabh sé an mhaith, agus is sé dubhairt sé
gurab gach uile nidh dul air fheabhas ann
Chicago thar d-timchioll ar d-teangain
mhín mhilis mhathara. Tá an aimsir fliuch
agus ro theith an seo anois. Chuirim
chugad grí fichid pighin ó Padraic Shíghtháin
air shon an Ghaodhail.
Go h-ómósach,
M. J. Collins.
We have made arrangements to supply the fol-
lowing publications in and concerning the Irish
Language, at the prices named, post paid. —
O’Reily's & O'Donovan's Irish English Dictionary, $7
Bourkes Easy Lessons in Irish .90
College Irish Grammar by the very Rev Ulick
J. Canon Bourke, P. P., M. R. I. A. .90
School Irish Grammar, By P. W. Joyce, L. L. D.,
T. C. D., M. R. I. A. .40
Irish Catechism. .20
O'Connellans English Irish Dictionary. .90
First Irish Book .10
Second Irish Book .15
Third Irish Book .20
Irish Head-line Copy Book .15
Pursuit of Diarmuid and Grainne Part I. .45
Foras Feasa air Eirinn; or Dr. Keating's History
of Ireland in the original Irish, with new Trans-
lations, Notes, and Vocabulary, for the use of
schools. Book I. Part I. .60
Vale of Avoca Songster .25
Life Dean Swift, by T. Clark Luby .50
Also, any other books desired by subscribers if to
be had in New York.
D' iarróchamuid air gach h-uile dhu ne
a léigheas an Gaodhal a leathnughadh a
measg a g-comhursanaibh. Béidh sé creid-
eamhnach díobhtha fhéin agus da sliocht.
Seo é bún-úghdair an Ghaodhail.
