118
AN GAODHAL.
Seághan O'Briain, Pittsburg. Pá. —
Is iomadh an duine a sgríobh chugainn
timchioll an nidh ceudna. Níor "throid"
muid cás an Ghaódhail anns an Ghaodhal
air an ádhbhar seo. — Dá d-troideochadh
muid é san Gaodhal chaitheochadh muid an
uain cheudna a thabhairt do 'n mhuintir a
bhí sgríobh ann a aghaidh, agus gidh nach d'
tóigfeach sinn aon bhuntáiste dúinn féin
bheidhadh sé ráithte nach m-beidheadh aon
mhaith a dul aig imreas linn a b-páipeur
a bhí faoi nar stiúir féin; agus, os a
chionn sin, tá 'n Ghaodhal saor ó shalachas,
agus is mian linn a chongbhál mar sin.
Ní 'l sé g-cumas éinneach dochar a
dheunadh do 'n Ghaodhal. Tá primpioll-
áin san domhan a g-comhnuidhe nach féid-
ir a sásúghadh. Tá cuid ann anois a tá
eudmhar faoi 'n Ghaodhal, agus bhí siad
mar sin ó 'n g-ceud lá ar cuireadh air
bun é. Nach h-aisteach na daoine iad?
Tá siad an gnodhthach a cur an Teanga
Ghaedhilge air aghaidh, a m-broghdha, agus
an páipeur beag amháin noch do cuireadh
air bun 'nna shaothar thochdadís é!! Acht,
mar dúbhairt an Saoi GiolleGhuináin,
Uachtarán an Fhílo-Celtigh, tá sé 'na
mhalrach mhór, fhearamhuil, ábulta anois,
'nan aire thabhairt do féin, agus is dóigh
linn go d-titigh a n-grúim go h-eudtrom
air, sin é, má chuidigheann siad seo leis
a d'oileamhuin é ann a naoidheanántacht,
agus ce nach bh-fuil aon tuaigh le faobhru-
ghadh aca acht an Ghaedhilge a leasughadh.
Mairfidh an Gaodhal gan bhuidheachas
díobtha. Ácht cad a thig linn a rádh air
dhílseacht na muintire so d-taobh aith-
bheodhughadh an teangan Ghaedhilge? bh-fuil
siad a cur na n-daoine air mearbhal
timchioll a n-dílseacht san obair mhórálach
seo? le na thoradh aithnighthear an
crann, is le na gníomhara aithnuighthear
na daoine oibrigheas go h-ionracach ann
éinnidh a chuireann siad rómpa a dheun-
adh. Dá m-beidheadh lochdóiridhe an Ghaodh-
ail dúbhrachtach a dtaobh an teangan, chuid-
eóchaidís leis an nidh is lúgha a bheidheadh
air bun ann a shaothar, agus a nuair a
beidhadh sé ann a g-cumas páipeur níos
taithnuighthe leo a chuir air bun, a dheunadh.
Sin é an chaoi a d-taisbeánóchadh siad
dílseacht a gníomharthadh. Mar dubhairt
muid cheana, ní 'l sé g-cumhachta aonneach
an Gaodhal a chuir air g-cúl — ní 'l, cho
fad as mheasas roinn mhór de uaisle na
h-Eireann, a m-baile agus a g-cian, go
bh-fuil sé riachtanach do Éireannaighe a
d-teanga a choimeud más mian leo aon-
tacht an chine a chosnughadh.
MOLADH NA G-COIGE.
Is áluin sgaith, gach flaith a Múmhain
Ag cosaint críthe gach anbhfann,
Is tír líonta í de mhíl a's de bheoir,
A's fíor-dhídean gach díthleoir!
Is iomda guth a g-clár Laighean go mear,
Steud luathmhar, agus treun-fhear,
Is óigh-bhean soineanda sáimh cheoil,
Ann a h-iomad uaisle a's onóir!
Ní liachtaidh fuintín ag fas air faith,
Na maighdean áluin, a's árd-fhlaith,
Ag críochaibh Ulladh na lann mear,
Na sgaith, na n-each, is na dtrein-fhear
Tá Connacht molta, dá mbídinn m' thosd
Connacht aoibhinn — gan aon lochd,
Tá ór le fághail ann ag lochd aithris rann
A's 'sí Connacht cruithneacht Éireann!
Óg laoch na Rann (The Minstrel Boy
Do thriall chum chatha óg-laoch na rann,
Lár námhhaid Éireann ársaighe;
Lann athar fáisthge air go teann,
Ann aonfeacht le n-a chláirsigh.
"A thir na n-dán!" ar an laoch-cheoil grinn,
"Dá mbeidheadh an saoghal dod' dhaor'dh
Tá aon chruit amháin le mholadh go binn,
'S aon lann amháin le do shaoradh."
Do thuit an bárd! acht má thuit go fóill
Bhí a chroidhe neamh-eaglach, tréunmhar :
A's raob sé teuda cláirsighe an cheoil,
Do scuab sé an trá bhí seunmhar:
A's dubhairt "Ní mhillfidh cuing do ghuth,
A chruit chaoin na bh-feadh saora ;
Is ní cluinfear go h-éug do lán bhinnsruth,
Lár bruide a's bróin na tíre.
