120
AN GAODHAL.
ROBERT EMMETS DYING SPEECH CON¬
CLUDED
Mise nach bh-fuil faitchíos orm a dhul
as cóir an bhreitheimh uile chúmhachtach le
cuntas a thabhairth air mo gníomhartha go
h-uile. Bh-fuilim le bheith scanruighthe agus
bhreuguighthe le fuighilleach básmharacht
annso? agus leatsa, as cionn gach uil¬
e, ce, dá m-beidheadh sé cumasach an
meud fola neamh-chiontach a dhóirt tú
ann d' oifige mhalluighthe a bheith cruinn¬
uighthe ann aon tobar mór amháin, d'
fheudóchadh do thighearnais snámh ann —
Coisgeadh arís é.
Nuair a bheidheas mé marbh ná beidh-
eadh aonduine cho sunda is go g-cúiseó-
chadh sé mé le easonóir. Ná truailligheach
aon neach mo chuimhne le creideamh go
bh-feudfainn a bheith tógthadh suas le aon
chás achth é sin de shaoirseacht agus de
fhuasglacht mo thíre, no go d-tiocfainn
mar oirnéis úmhal de aon chúmhachda a
leathtrom agus ann anró mo thíreacha.
Labhruigheann fórfhuagradh an Tamall-
Riaghalughadh mo mhianta. Ní féidir aon
cheo a bhaint as a thaisbeánóchadh bárbar-
acht no úmhalughadh sa m-baile, no daoir-
seacht ó chian. Ní chuirfinn suas le
truailligheacht choimhtheach, air ann ádhbhar
ceuona go sáróchainn an tíoránach teagh-
lacháin. A g-céime na saoirse, throid-
fainn air tháirseach mo thíre, agus ní
fheudóchadh an námhaid a dhul asteach acht
thair mo chorp mharbh. Agus a bh-fuilim-
se, a mhair acht do mo thír; a chuir mé
féin a m-baoghail agus a g-contabhairt
an leathtromóra, aithreach, eudmhar, agus
anois go brúid na h-uaimhe, amháin go d¬
tabharfainn do mo thíreachaibh a g-ceart
agus do mo thír a saoirseacht; bh-fuilim
le bheith ualaighthe le masladh agus gan
cead agam é aithchiúitiughadh? Ní 'lim.
Nár léigeadh Dia. — Coisgeadh arís é.
Má tá spioraid na g-cáileacht mharbh-
thadh roinnpháirteach a g-cúram agus ann
imnidhe na muintire a bhí cionamhuil aca
san t-saoghal neamh-bhuan seo, Ó! a sgáth
úrramach m' athar fhóir-ionmhuin, tá imigh-
the, feuch anuas le sgrúdacht air iomchar
do mhic chráithte, agus breathnuigh má d'
imigheas, san nidh is lúgha, ó 'n bh-fóir-
theagasg deaghbheusach, tírghrádhamhuil, noch
b' é d' aire a chur ann úbhal do m' intin
óg, agus air a shon táim anois tabhairt
suas mo bheatha.
Mo thighearnaidhe, breathnuigheann sibh
míofhoíghideach leis an iodhbhairt; ní'l an
fhuil chum a d-tartuigheann sibh reóidhte
leis an scanradh inntleamhail a tá dá
thimchiollughadh. Saorchúrsaigheann sí go
teasmhach agus go neamhbhuadhrach thríd na
seiltheánaibh noch do chruthuigh Dia chum
ádhbharaibh céimeamhaila, acht cé is mian
libhse a sgrios, chum cúisibh cho cráidhte
is go n-uailleann siad go flaitheamhnais
Dé. Bí foíghideach fós, ní 'l agam acht
beagán focla eile lé ráth. Táim aig im-
theacht cum m'uaimh fhuar, chiúin; tá leus
mo bhith ar ti a bheith caithteadh; tá mo
rása roithte, fuasgluigheann an uaimh
chum mo ghlacadh, agus íslighim ann a huchd.
Ní'l agam acht aon athchuinghe amháin le
iarruigh aig m' imtheacht ó 'n t-saoghal
seo, is sé — DÉIRCHE A THOSD. Ná
beidheadh m' iarrchuimhne sgríobhtha le aon
fhear, mar ní fheudóchadh aon fhear a tá
fiosach air mo mhianta iad a cheartugh'dh
anois — ná leigeóchadh reimh-bhreathnachas
no ainfhios iad a tharchuisniughadh ; leig
díobhtha agus damsa fanacht a ndoiléir-
eacht agus a síothchán, agus mo leachuaimh-
e neamh-sgríobhtha no go d-tigeadh am eil-
e agus fir eile fheudfas mo chlú cheart-
ughadh. Nuair thóigfeas mo thír a h-áit
'measg náisiúin na cruinne, ansin, agus
ní go d-ti sin, beidheadh m' iarrchuimhne
sgríobhtha. — tá mé réidh.
We are indebted to the Hon. Denis Burns for
the following song.
INGHION AN FHAOIT Ó'N n-GLEANN.
(White’s Daughter of the Dell)
Siúbhal a chuid ! bidh a gluaiseacht,
Gan sgígh, gan stad, gan fuaradh,
Tá 'n oidhche gairid samhradh,
'S bídhim a raon air siúbhal.
Geabhair aoibhneas bailte móra,
'S radharc lé m' thaobh air chuantadh,
'S a chríost' nár ró-bhreágh an uain í
Air an b-paoiteach fada ó'n Gleann.
