AN GAODHAL.
131
do sgaipeach an dólás,
Bhí os cionn ar d-tír stárdhtha go léir
mar bhratbhrón na m-bás.
Act, fós, ní raibh tú eug, a shean teang-
a tre na h-uile bliadhana dubhadh —
Ní raibh tú, ní raibh tú, acht 'nna chodla a-
gus ar ndaoine líonta le cathughadh!
Acht buidhe le Dia; ó tromchodla, saor
chluinmíd airís do ghuth breagh, binn
Air eiséirighe go glormhar, agus páipéir
nuadhacht ann ar d-teanga féin;
Cad é an sgeul atá agatsa a shean
teangan ó na h-áirde 'nallód leathan
Go bh-fuil 'nn a luidhe go seachmul fros
ar nglóire 'mighthe tharruinn.
III
Is mar seo d' freagair an sean teang-
an go fonnóideach, dúbhach 'nna bh-fhocail
Dar chnamha Phádruic beannuighthe 's cuimh-
ne Collumcil;
Is doilligh liom go leor, a mhic. a bheith
clos le d' ghuth aig luaidh,
'S an teanga táire, duir de 'n bhodach
Sacsan cruaigh!
Do thaingidís air thaobh do mháithir ó 'n
t-sean bhárd de 'n gleann,
Le fuil tre d' áithir 's sean aithreacha ó
righ Éire teann. —
'S an teanga de 'n t-Sacsan, closfa
stáir do thír 's sgeul,
Mar is allmhurach thusa leis chum an
teanga na nGaodhal!
Ó, tair liom féin, mo bhuachaill, go dídh
na h-amaibh maith 's fial,
Tráth do gair cnocaibh Banba, aoibhin le
ceol breágh, binn na nGaodhal,
Aig measga go bog, réidh le ceol d' a
srutháin —
Cho binn le cora-na-bh-fhlathas — cluinte'nn
a brinnleoide amháin!
'Nuair d'órdha le grian shollus saoirse,
na cnocaibh fraodhach de Innis-Féil,
A's dhin ceirtlis óir de línne 's abhainne,
's do dhrile a sruimhe go léir —
Mo bhrón ! mo bhrón! nach aistrighthe na h-
amaibh, rithfeas deora le'm shúile go
mór,
Chum amharc 's cnuasa air ar nglóire go
léir, imighthe uainn — mo sgleo!
(le bheith leannuighthe)
Send sixty cents for the Gael
TÚRNA MHÁIRE.
MARY'S (SPINNING) WHEEL.
This is a very popular song in the province of
Connaught: It was composed by a Sligo priest.
We are indebted to Mr Gilgannon (President of
the Philo-Celtic Society) for its appearance here.
'Sé túrna Mháire an túrna sásta,
Shiúbhal sé lán de Éire,
Ní'l lís no rath é Mhaigh go traigh
Nár chaith sé seal da fheuchaint;
Chaith sé tráth air mhúir cam Traigh,
'S air mhullach gach árdán sléibhe,
'S gur b'í an t-síghfreach mna air thaobh
chnoic Magh,
A shníomh leis ádhbhar léine.
'S é túrna Mháire an túrna sásta,
Is thug sí a lámh nar bhreug sin.
Gur caitheamh siotán de urchur púcán,
A thug air an bh-fiteán pleusga ;
Thainic seighnean thart faoi 'n sgiathán,
Mar thiocóchadh roilleán méise,
Gur sgoilt an sgiathán an trú 'san
tromán,
A's do thug an ciogál léim as.
Seo é an túrna ar diligh bheith buan,
Aig "raip-le-thúsa a's marsáil,
Aig marcaigh púcaidh teacht dha'r ndúis-
eacht,
A m-bothán cúmhung aig airneán:
Bean-tighe shiúbhalach, preabh' sa lústair,
Freastal air thriúr a cárdáil;
Is m' fhearsad úr gur cham 's gur lúb,
S gan é 'n mo chumhacht' a tartháil.
Amuigh a g-cillbhintáin cuir'dh é'r tiompán
'S conbhuigheamh é lán na raithe:
'S gur de cnámha gearran ri'ne ,n rilleán
Agus leagadh é a bh-fínis Mháire,
Naonbhar bhí sníomh ó mhaidin go f' oidhche,
A's doisín arís aig airneán,
'S nar láidir a gníomh ó casadh na h-oidhche
A tochardadh arís a's a cardáil.
Da m-beidheadh agamsa fear a bheidheadh
stuam'
A leagóchadh síos dúbhach air pháipeur,
Sa chodhlochadh go dlúth 'n-aice na clúd',
B'fhogas dúinn ann uair sin tartháil
As sin a nuas go ngoirigh an chuach,
Is go stadaidh an sluath sighe 'g airnean,
Chuireóchadh sé 'r gcúl ce righne béim súl,
A,s droch amharc do thúrna Mhaire.
?
Eoghoin
Mhac
Góbháin
cct.
