132
AN GAODHAL.
Fagaimse masan air shagart 'n pharaist'
Na'r chaith bunadh an lae leis,
Ó bhí 'n chaoi aige ar fheud sé dheunadh,
Oifige naomhtha a léigheamh dhi;
Ní'l aon domhnach ó Shamhain go Fóghmhar
Na'r chóir a chur thríd an éideamh;
Dá mbudh truaigh leis Máire, buartha,
cráidhte,
Aig sluagh-sighe rath an t-sléibhe.
Acht ní 'l a léigheas lé faghail nall ó'n
Spain,
Aig sagart no aig cléireach.
No go d-tigigh McGómhan tá 'r a chrónan,
A nuas ó bharr an t-sléibhe.
'S aige tá 'n leabharlan leis an draoidh-
eachd a thógáil,
Bhaineas do 'n ócáid ceudna;
s ma 's fíor mo sgeul,
Bídheann na spócaidh léimnigh anns an
aer.
Anois, a Mhaire, teacht na Lúghnasa,
Lé cungnamh an ard righ,
Gheabhuigh tú do thúrna a bh-fhoirm 'sa dúin,
A mbeidh trí chois úr ó 'n Spain faoi,
Sgiathán as Londin, fitean as Luimneach,
Spit as Ouill Uí Mhaile,
Srang de 'n olann if fearr sa g-collon
'S ar n-doigh go mbeidh tú sásta.
Tá sé measgtha acú
le abhrán bréige.
T. O. Ruiséal agus an Gaodhal.
Sgríobh an Saoi Marcus McMháird
leitir chum an Saoi Ruiséal an
lá cheana, agus dubhairt sé leis í chur
chugainn-ne nuair a bheidheadh sé réidh
lei, Fuairmuid í thre an Saoi Cramíen.
Tá sé follusach ná'r mhol an Saoi Ruis-
éal an Gaodhal, óir a deir an Saoi Mc¬
Mháird, a roinn da leitir. —
"With regard to the 'GAEL,'
I am not sure that it could not be improved in
many particulars, it does not come up to my
ideal standard, but it is a plucky undertaking all
things considered, and I get for it all the support
I can to give it an opportuuity of becoming bet-
er and of doing more work.”
Anois, a léightheoir cneasda, cad, a
mheasas tú, a dubhairt an Saoi Ruiséal
leis an Saoi McMháird ionnus go n¬
deárnadh sé an freagra sin dhó? Tá sé
soiléir go leor nar mhol sé an Gaodhal
air chaoi air bith. B' fhéidir gur sgríobh
sé chum daoine uaisle eile air an nós
ceudna. Má sgríobh — ní'l amhras orr-
ainn faoi — agus gur fhuair sé freagar-
tha a g-chosamhlacht leis an freagra noch
do thug an Saoi McMháird dhó, ní bheidh
mórán aige air shon a thrioblóide,
Nuair nach d-tig leis an Gaodhal a
mhaighistreacht no a riaghlughadh is mian
leis a mharbughadh, acht ní féidir leis
ceachtar aca a dheunadh. Tá sé na chomh-
nuidhe sa g-cathair is Gaodhluidhe san tír
air feadh trí no ceathair de bhliadhanta
agus ní'l sé 'nan sgoil Ghaedhilge a chur
air bun ann! Tuigeadh nach g-cuireann
siad seo a tá lochdughadh an Ghaodhail
páipeur air bun? Tá fios againn cia
an fáth. Is cuma linn-ne da mbeidheadh
páipeur air bun anns gach baile sa tír —
bheidhadh rimeud orrainn faoi, óir tá-
muid aig oibriugh'dh chum an teanga leath-
nughadh. Má's sé seo an chaoi is mian
le lochdóiridhe an Ghaodhail an teanga
Ghaedhilge a leathnughadh, is doigh linn gur
caoi shuarach í. Bhí cuallaidheachta Ghaedh-
ilge air bun sa tír seo sul do smuain-
idh siad air a m-Baile-Ath-Cliath. Bhí
cuallaidheacht air bun a m-Boston naoi
m-bliadhana ó choin, agus a mBrooclin go
goirid na dhiaigh — dul air naoi m-bliadh-
ana; ní 'l sé m-Baile-Áth-Cliath acht tim-
chioll chúig bhliadhana. Támuidne deunadh
ar n-díthchill air feadh dhá bhliadhaindeug,
agus ann uair, le strapaireacht mhór, d'
eirigh linn an Gaodhal a chur air bun,
deunann cuid aca a n-dithchioll a chur
g-cúl! Óir, a deirid, nach bh-fuil sé
sgríobhtha a nGaedhilge mhaith, agus iad
féin, ce na rabh fios air fhocal Gaedhilg-
e aca sé bliadhana ó choin, na breithimh!
Adbhuigheann muid go m-bidheann go
leor lochda agus mearbhala san nGaodh-
al ó am go h-am, acht má bhidheann is air
easbaidh am a bheith againn a gheurbhreath-
nughadh sul do theidheann sé chum an
bh-fáisgeán. Dá m-beidheadh ceart deun-
ta leis an Gaodhal tóigeochadh sé ar n-
am go h-uile. Ní 'l muid 'nan an t-am
sin a thabhairt dhó fós : nuair bheidheas
muid tá súil againn nach m-beidh mórán
lochtha ann. Tá os cionn dhá cheud dol-
lar os ar b-póca ó cuireadh an Gaodhal
air bun. — a g-cuireochadh a lochdóiridh an
