142
AN GAODHAL.
ERIN IN CHAINS!
The following poem, consisting of over a hun-
dred verses, we have received from
“Croidhin Treunwar.”
It will supply a want long felt by the Irish
Classes, namely easy reading matter. “Croidhin"
bids fair to rival Craoibhin Aoibhin.
ÉIRE CUIBHRIGHTHE.
Le
"Croidhín Treunmhar."
Tráthnóna samhraidh is mé a siúbhal
Air bhord aibhne grianmhair,
Budh bheag mo shuim a m-brón 'n tsaoghail,
Mar bhí mé óg as treunmhar.
Siúbhal rómham, gan smuain' air feall,
Ann aois mo bhliadhain as fiche:
Feuchaint uaim, a non 'sa náll,
Air na h-éisgibh ameasg an uisge,
Budh bhreágh an ócáid' í, go deimhin,
Do chroidhe saor ó bhrúid,
Le smuain'dh a thabhairt air righ'n domhain
A chruthuigh na mílte treud,
A bhí 'nois léimne síos as suas
Air bárr is a n-ucht an t-srutha
Aig súil go n-éireochadh leo fós
Breith air an míoltóg tapa.
Mar so shiúbh'las, le croidhe gan mian,
A faire na n-iasg 'sna míoltóg,
Gur chualas osna cho trom 's cho domhain
'S gur chritheas go bárr na n-ordóg.
D' fheuch mé thart go d-ti 'n taobh
Ar thainic an guth brónach,
Is dhearcas air thalcháinín na suidheamh,
Maighdean áluinn, mháiseach.
Do sheas mé siar go faon is go fann
Faoi eagla mhór, a smuaineadh,
Le fiar an árdáin, ameasg na g-crann,
Gan fios dam cad a dheunadh.
Acht a breathnugh'dh go geur air a gnaoi,
Sásuigheamh mé faoi dheire;
Go mbudh de 'n talamh, is ní bean-síghe,
An mhaighdean aonrach, chráidhte.
Do ghlac mé meisneach ann mo chroidhe,
Go rachfainn ann a h-aice,
Súil go n-eudtromóch'dh mo ghlór a caoi,
Gidheadh nach n-déarfainn faice.
Do dhruid mé chuici le cois-céim throm,
Is d' fhiafruigheas fáth a dóláis,
Is dá m-beidheadh éinidh a thiucfadh liom
A shoillseochadh uirri sólás.
Thóig sí suas a súile gorm,
Le deoraibh bróna líonta,
Is thug sí osna do chrith a cum
Mar ghiolcach anns a n-uisge,
Is dubhairt, "Ní 'l sógh air thalamh dam,
Nó ann áit air bith go deo,
Go bh-fághadh mo chlann, tá sgriosta lom,
Buaidh ó Thighearna an ghleo."
Bhí 'n mhaighdean óg is b' iongantach liom
Gur labhair sí air a "clann,"
As shaoileas fós, ó chaoile a cum,
Nar bh-féidir í bheith cho sean —
Is dubhras, "a mhaighdean mhaiseach, áluin,
Ó bhreathnugh'dh do ghné is do ghnúis,
Gidh gur labhrais air do 'clann,'
Ní bh-fúilir fiche samhradh d' aois."
Smig'dh 'n mhaighdean thre fras a deor,
Is dubhairt sí seo go ciuin —
"Tá m' aois," a deir sí, a mhíle stór,
Os cionn trí mhíle bliadhain —
Tá m' aois ó aimsir d' athrach,
A thainich a bh-fad ó 'n oir
Go d-ti tír seo na bh-fathach
Ar thóig siad seilbh air.
Air feadh trí mhíle bliadhain,
Go sólásach gan dubhais,
Bhí mo sheilbh air Éirinn
Gan crosadh, bac' nó cúis',
Nó gur thainic an Sacsan feall,
Is gur theilg sé mo chlann
Le fánadh 'n domhain air mearbhal,
Le teine, claidheamh, is lann.
Le seacht gceud bliadhain táim cuibhrighthe,
Le sabhraibh trom' is geur',
Mar atá ceolta binn' mo chruite,
A scapeochadh siansa anns an aer —
Mo chlann gan lúth, gan spreagadh,
Anns na príosúin dúntadh suas,
Gan coir gan cúis gan cáineadh
Ó chathair na neamh' anuas.
Acht, a mhic mo chroidhe is fiosach liom
Nach bh-fuilir eolgach anns a t-saoghal,
As innseochad duit do mhuintreas dam,
Chum go seachnóthá 'n baoghal
A tá anois ann do bhealach,
Mar bhuachaill óg gan stuaim,
Ó théidhéas an ghrian a bh-falach
Air chúl sléibhte na Máim —
P J Crean
