AN GAODHAL
143
Nach bh-fuil shios agad, a mhic mo croidhe,
Air mhian diabhluighthe 'n dlíghe,
Tá curthadh air bun le Sacsanaibh,
Chum' chlann a shlad 'sa chlaoidheamh ;
Tugann sé cumhacht' do 'n arm dubh,
Air éis tuitheadh na h-oidhche,
A g-caitheadh 'steach a g-carcair dhubh',
Ma shiúbhalann siad an t-slighe.
Is mise Éire, do mháthair bhrónach,
A stóirín mo chroidhe,
Atá silt na n-deor go frasach,
Faoi dhubh-bhrón agus faoi chaoi,
Feuchaint air mo theach 's mo theallach,
Ann allóid faoi shógh as seun,
Anois aig tíoránaibh na Sacsanach,
A n-geur-chrádh agus a leun."
Bhí iongnadh mór orm faoi na sgeul,
Mar bhidheas aineolach 'san t-saoghal,
Is righneas smuaineadh, mar aon a neul,
Air na fothla ó na beul;
Is dubhras seo, air leith, liom féin —
Breathnughadh air uaisle a méin —
"Nach bh-fuil Éireannaigh teann is treun,
Is tuige bh-fuil a mam faoi leun?"
Gach uíle fhochal a dubhairt sí liom,
Bhí a mhíniughadh foillseach dam,
Go rabh mo thír faoi shlabhraibh teann,
Is liacht fear óg mar mise ann,
Gan smuaineadh thabhairt air a leun,
Gidh go bh-fuilmuid calmac, treun,
Is righn's an móide so air a b-puinte —
"Má bhím beo beidh a saoirse cinnte,"
(le bheith leannuighthe)
THE CELTIC TONGUE RESURGENT,
(Continued)
IV
"Cuimhne, a mhic, nuair do sheol h-Erea-
mon fadó, fadó, ó -n Spáin,
Thar lear le na chaith-Mhíleadh treun go
láir, ann aon cabhlach amháin;
A's aig ruigin Inbhear-Cúlpa, air Éire
glas, a cheud cois-céim do thug,
A's tré ar Innis-Ealga a mheirge, ceár-
nach do riug,
A's mar do riaghal sé go rightheamhuil
aig Palás Temhair teann;
De na ríghthe Míleadh ládhach go léir, an
cheud cheann do riaghal ar dtreann;
Cuimhne, fós, na dhiaigh sin, nuair do
thainic flaith Thadhaire thar geoth,
A's bhí'nna choinmhe aig an árd-righ-na h-
Éireann anns na laethe breagh fadó :
A's mar d' árduigh guth an file, le cláir-
seach ceoil d' ar d-tír,
Aig an bainfheis d'ár ríoghan agus an
treun flaith ó Thadhair,
A! b' iad na laethi sonna, mhic, sul thuit
ainneamh ná scleo,
Air saoirseacht baile Banba Bocht, 'san
Am stárdhaithe fadó!
V
Do riaghal, ann Éirinn glas, iomdha
ceuda bliadhanta ó shoin,
Sliocht righthe chó algach is bhí fós anns
an domhan —
Ó h-Éubar 's h-Ereamon go Ruadhruigh,
fíor 's glé,
Gur chríon a chnámha righeamhuil aig
Cluain-Mác-Naoise anns a g-cré,
Síth dod' anam, Ó Dáidhthaigh! págánach
treun mar bhíghis!
Bhí do chloidheamh go bhuadh' luan chlúthach,
air d-treann agus aibhéis,
Níor loisse ar "ghadh-ghréine" riamh cho
árd 'nna cómhacht, cáil 's clú,
Le 'n uair do léim an scamhuin eudmhar
ó neamh 'nna lasair tiubh,
A's slad thú air do shiúbhal chum riama
tré chriartha h-Eilbhíse ann g-céin,
Cáit gur stad na shollar onnconna so-
talach de Róimhe le mór árd-céim,
Ó, a bh-fad chluthach cogamhuil Dáidhthigh!
ba fros 's dúbhach an ló
Do thug siad air ais go Banba thú, bear-
ra de d' uile cómhacht, cáil 's clú
'S lán cúmhaigh d' eirigh an caoin tré
an d-tír le leún,
Ó d' adhnacht Chruachan, anns an fros
tráth imighthe g-céin.
VI
"Do riaghal Niall, an t-sarlaoch treun,
ba mhór a chaith-réim sa chlú;
Agus Eoghain Mhór, an loghach, agus
Féidhleam' an doimhin-dlúth;
Agus sean Ollamh Fodhla, fiosach, an
t-saoi mór d'á thráth,
A chuir air bun ar n-dlíghthe ársa Breith-
ean le eolas breágh;
Do thionnal an Féis — Teamhrach mór : sé
cheud bhliadhna níos mógh,
Sul do rug Críost a ualach chroise
chum chnoc Cealbhuroighe fadó —
