144
AN GAODHAL.
Agus Cimbethi, an righ gornathóir d'
Eamhana ann an thuaigh;
Cáit gur chuaigh ; go minic chum riama
na Cuiríghe Craobh Ruadh;
Eidersceol, na h-Éireamóine, do riagh-
al an d-thír an tráth,
Do fuair na treudaidhe ar Slánuigh-
theóir aig Beitleatham go bláth;
Connáire, sloinnte an Mór, nocha riagh-
al sean Éire saor 's sóimh,
Nuair a bhí Agustos 's Tibeiris árd
righthe 'san Róimh;
Agus Airgeach de na "Sgiatha Airgid"
agus "Fearadach an Chóir,"
Agus Muineamon, de na "Slabharaighe
Óir," cuimhnigh air go leor;
Maolseachlinn de 'n choídheamh buadhach —
Cormac 's Cathar-Mór,
Agus Conn, noch tré na "ceud catha,"
an "ga gréine, ' do threóir :
Agus Brian, is iomdha sparn fíochmhar
do las a ghniomhara go h-iomlán
"Air thalamh Múmhan na laochra — an amh-
as de 'n Lochlán;
Agus Ceallachán, de líne sean Chaisil,
an fhuil sin, tá 'gat féin —
Cad é 'n d-tír go rabh oiread árdrighthe
breágh 'san t-sean am imighthe g-céin?
VII
"Bhí fearaibh diadhacht ann Éirinn, tráth
thainig cinne Úróip chum ar d-tír go
sgoil —
O, 'n Palláidius naomhtha, go d-tigh an
treun 's dian-fhear O'Tuaill;
Acht go h-árd os cionn an bhuidheán sois-
linn sin go léir, tá ainm ar Phádruic,
Mar a sheasan an dair ameasc cranna
móra, an sean bh-fhíodhbha éigin aistig,
Tá seacht g-ceud bladhata fádhó imighthe,
idir dubhrón agus greann,
Do thainig 's d'imigh, creidibheacha gan dia-
'acht, mar scáil'cha os cionn 'n d-treun,
O 'n lá cineamhnach úd gur thanig cug-
ainn ar n-aodhrire naomhtha —
Chum lasair liathbhán na Bealteine do
mhúcha, go deoigh ann Éire,
Ní laochra, no sáise, 'tuaith-marbhuil'
stoc, no drum thug sé,
No sciatha umha, cláidhbhe soilseach, cabh-
lacha, no Cuirighe réidh;
No gaisgaighthe, cómhluaduire, no gnóth-
uidheacha cogamhuil,
No onnconna lannuir' aig sil-le-gaoith
os cionn uasacha uaill;
Acht do thainig sé chum Banba, le aigne
náomhtha, úmhal 's teo;
(Le bheith leanuighthe)
Nuadh Ghorc. an Seachtmhadh lá
fichid de 'n Deichmhadh mí, '82.
A Shaoi dhílis:
Bheirim fáilte do 'n Ghaodhal anns an
dara bliadhain d' a bheatha! Bheirim
buidheachas duitse, a Shaoi, air shon an
páipeur sin do chuir tú air bun, agus air
shon an obair onórach, thír-ghrádhach atáir
aig deunadh ag chraobh-sgaoileadh ó mhí go
mí. Is obair í nach bh-fuil mórán tairbhe
duit innte d-taobh airgid, acht is é do
luaidheacht — agus measam gur ab é is
feárr leat — go mbeidh d' ainm faoi
urraim aig gach Éireannach a ghrádhuigheas
a thír agus a theanga dhuthchais, agus go
m-beidh do chuimhne beannuighthe le geinimh-
nibh le theacht. Tá fios agam mar an g-
ceudna gur iomadh cosg ann do bhealach
aig obair mar atáir gan mór-chuideadh
air bith ó do cheatharnaidh do thaobh
sgríobadh, óir atá mórán Éirennaigh
anns a tír seo atá na scoláiridhe clis-
te 'san Gaedhilge, atá acfuineach cuid-
iughadh maith a thabhairt duit, agus nach n-
deunann nidh air bith níos feárr no a
bheith a g-comhnuidhe a fághail locht air na
nidhthibh atá sgríobhtha ó am go h-am ann
do pháipeur. Ná tabhair aire air na
lochdóiridhe seo; tá a leithididh ann gach
puibligheacht — daoine a tá mar an mad-
adh san m-bainséar bh-fad-ó — "Ní dheun-
faidh siad an obair iad féin, agus ní
maith leo duine airbith eile a dheunadh.
Anuair do chuir tú amach do pháipeur
air d-tús, bhí mórán daoine a mheas iad
féin a bheith críona chroith a g-cinn, agus
a dubhairt go rabhais air mire a leithid
a dheunadh' óir nach m-beidheadh an Gaodh-
al beo sé mhí ó 'n' lá sin; anois ní'l fo-
cal le rádh aig an muintir seo; óir a
tá a d-tairgneachd breugach, agus tá
AN GAODHAL beo fós, agus a fás
níos mó, agus a biseadh, gach uibir de d-
tig sé amach. Do righne do pháipeur nidh
amháin maith — do thaisbeán sé do 'n
