AN GAODHAL.
145
domhan mhór go bh-fuil againne teanga
fhoghluimte, agus lo bh-fuil an teanga sin
beo go fóill ameasg páisdidh na h-Éir-
eann — agus go mbeidh, ann aghaidh gach
nidh do righne ar námhaid le na dhiobairt.
Tá AN GAODHAL deunadh maith eile.
Tá sé cur náire air na h-Éireannaigh
sin (agus faraor! is iomadh iad) a bhí
neamhchúramach a do taobh an Ghaodhail,
agus do b' fhéidir go g-cuirfeadh sé mis-
neach ann a g-croidhthe chum teanga a d-
díre d' onórughadh agus d' fhoghluim. Is
sé an freagraradh is feárr air na
daoine a deir go bh-uil an Gaedhilge
marbh agus nach é do aith-bheodhughadh, na
mílte leightheoiridh atá aig do pháipeur
ní h-é amháin anns a tír seo, no ann Éi-
rinn, acht ann gach áit anus an domhan
ann a bh-fuil Éireannach tír-ghrádhach na
chomhnuighe.
Mar beangán a fás amach as caor,
agus le slícheachd agus grian a fhásas
chum a bheith na chrann mhór, árd, a sín-
eadh amach a gheuga ann gach slighe; mar
an g-ceudna, tá do pháipeur, a bhí a thús
acht na rud bheag, a fás agus a biseadh,
a leathnughadh agus a scapadh solus na
teanga Gaedhilge ann gach bholl de 'n
chruinne. Do chuaidh sé treafna 'n mhuir,
agus do rith do ghuth thríd na n-daoinibh
anns an sean-tír, agus táid fa dhéoigh
aig musgailt as an trom-shuan ann ar
luidhe siad le bladhanta fada. Do bhidh-
eadar le fada a n-dorchadhas, gan pái-
peur, ann a d-teanga féin, acht nuair a
chuaidh AN GAODHÁL cho fad leo agus
chonnairc siad an obair a bhí a g-ceatar-
naidh anns an Oileán Úr a dheunadh, do
mheasadar nach m-beidheadh siad féin air
g-cúl, anois is geárr go m-beidh dhá phái-
peur clódhbhuailte ann Áth-Chliath. Deir
siad "tús maith leath na h-oibre," agus
tá an rádh seo fíor nnns an f-cúis seo
go deimhin. Chuir tusa tús maith air an
obair agus tá sí aig dul air a h-aghaidh
anois mar budh chóir.
Acht no stad anois. Sdo é an t-am
leis an obair a bhrosdughadh ma tá súil
againn saoghal a thabhairt dho 'n Ghaedhil-
ge. Deunadh gach duine a dhithchioll, agus
tusa go h-airighthe, a Shaoi, scap leat do
chuid síl, agus ma thuiteann móran de
air thalamh neamh-thorach ni caillfear é
go h-iomlan oir is féidir go m-buailfidh
beagan de cré shaidhbhir ann a bh-fasfadh
agus a m-blathfadh sé chum barr maith a
thabhairt fós.
Go m-beidh beatha AN GHAODHAIL anns
an am ata le thcacht cho sonasach agus
bhí sé anns an m-biadhain a ta thart, ag-
us go g-cuiraidh Aia na Glóire fad-
saoghail agus slainte dhuitse mar fear-
eagair air.
Is sé Paidir
Do Charaid,
"Padraic."
We have received the following poem from
the Hon. Denis Burns, of the N. Y. P. C. S.
An Bláth Bruinnioll.
Fonn — Cailín Deas Cruidhte na m-bó.
'Sí 'n bhláth-bhruingioll bláth mhilis bhéasach,
Bhláth mhiochair bheultanna mhodhamhuil,
Le grádh-geal dá bhláth-chruith do chéas me,
'S d' fhág me gan thréine gan treoir;
Ta' bláth-folt go bláth-tiubh ar daol-dhaith,
'S bláth-snuidhte a h-aol-chrobh gan smól,
'S bláth-thuigseach raidhte na béithe,
'S as bhláth an uile ghéag di go feor.
A ghrádh dhil do ghrádh-sa tar bhéithe,
'S do ghraghfainn dá m' fhéidir ní's mó,
Do ghrádh'as thú a ghrádh dhil mo chléibh-si,
Le grádh dil dod' mhéinn 's dod' chló,
Ó ghrádh'as thú a ghradh dhil le géar-shearc,
Do ghradh-sa ní sheunfad le mo ló,
Do dhradh-sa 's mo ghradh-sa má raobtar
Gan gradh ceart ag aoin neach go deo.
A rún dhil mo rún tú go n-eagad,
Mó rún-sa le m, rae tú 's mo stór,
'S gúr léig's mho rún leat tar aoin-bhean,
Mo rún thú 's mo chéile le m' ló.
A rún dhil na rún g-ceart ní léigfiod
Mo rún tuig le aon bean ad dheóigh,
Do rún-sa 's mo rún-sa na sgeidhtear,
Gan rún ceart aig aoin neach go deo.
A chumainn na g-cumann na tréig me,
'S go bh-fuilim a n-eug-cruith ad dheoigh,
'S gur cumann do chumann na tréigfiod
A chumainn go d-teighfead-sa fa'n bh-fód,
Ó thugas duit cúmann 's géile,
Mo chumann-sa a sheunadh ní cóir,
'S mo cumann a chumainn ma thréigir,
