146
AN GAODHAL.
Gan cumann aig aoin bhean go deo.
A carradh na g-carrad le chéile,
Do charras le saor-ghean ar d-túis,
Mo carraid a charradh do thréigfin,
'S do rachainn a g-céin leat na n-déoigh,
Ní carraid dam carradh na céibh-fhionn,
Acht carradh na bhéithe-si am bhreógh,
'S mo charrad-sa, a carraid ma thréigir
Gan carraid aig aoin-bhean go deo.
A annsacht na n-annsacht do chéas me,
Le h-annsachd dod' sgéimh' s dod' chló,
Bídheach do rógha 'gad mo shamhuil-si mar
chéile,
No dumsa gan beusa gan sport;
A annsachd na sanntaigh-si baothlach,
Na stúmpadh na réighfioch do bhrón,
M' annsacht-sa a annsacht ma thréigir,
Gan annsacht na rae 'gad am dheoigh.
A stóir dhil mo stór-sa tar aon tú,
Mo stór tú go n-eugfad dar n-dóíth,
'S stór me a shtóir-dhil, gan treuda.
'S gur dóith leo gur réic me gan fód.
Bídheadh stór ag am stórach ní baoghal di,
Bídheadh bó-lacht gan baodhachas 's fós
A stóir-dhil, do stórach ma thréigir,
Gan stórach ná rae 'gad am dheoigh.
FIADHACH SHEAGHAIN BHRADAIDH.
(The Chase of Thieving John.)
by
Anthony Raftery.
Leanfaidh me cúrsa réir na n-úghdar,
A's sgríobhfaidh me uachta bh-foirm dáin,
No go léighidh an chúige fáth na cúise,
Ar bhuail Seághan fúmsa air bheagán fáth.
Faoileach mallas ortsa 'Seághain 'Búrca
Peac'dh 'n úbhaill ort d'ith Eabh 's Ádhamh
Is fad' ó dubhradh go mb'í 'n chroich do
dhuais,
Tráth shlad tú 'n triúr a gCondae 'n
Chláir.
Ní'l gar 'g a cheilt no ag deun'dh rúin air,
Ó's caint í a dubhradh 'as chuaidh os árd,
Gach nidh da n-goidthear ó Thuaim go
Tuath-Múmhain,
Go bh-fuightheá thuairisg 'nn ualach Sheághain.
An t-iarna,'n chuilt, an phluid 'san súsa,
An chaora, an t-uan, an bhó 'san láir ;
Le gach aon díobh bídheann sé cúiteach,
'S sé 'n sgriosadh cúige é 's mó le fághail.
Na cosa go g-caillidh tú ó na glúinibh,
Radharc do shúl agus lúth na lámh,
Luibhre Ióib go d-tigidh anuas ort,
Achma-ruadh agus easbuidh brághad.
Fiabhras creathach. fuil agus uaill ort,
Sin go mbuailidh tú mar ghalra báis;
Do ghruag go d-tuitidh de d' mhalaibh
grúma,
'S nar fhanaidh cluas ort no 'mháin 'n áit,
Deacair 's gráin ort, baic 's truaill ort
Rith' as ruaig ort 's fuadh do dháimh;
Sgaimheach ungann as galra súl ort,
A's shmior no súgh na rabh 'nn do chnáimh.
Bearradh crosach 's lomadh luain ort,
'S nar theidh ort úir no cómhra cláir;
Acht 'n ghaoth a séid'dh go geur ó thuath ort,
'G-oirneul fuar as tú 'nn do chuaill'fáil.
Neasgoid chléibh' agus feiliún fuar ort,
Criothán, múchadh 'gus seileadh sidheán;
Domblas dragúin as nimh thríd suaidhte,
Go mb' é deoch do shuain é air uair do
bháis.
(Le bheith leanuighthe.)
Beidheann roinn dá 'r léightheóirid
dá 'r g-cáineadh ó am go h-am nuar nach
g-cureann muid níos mó Gaedhilge 'san
nGaodhal ná bhídheas ann. Is dóigh linn
nach bh-fuil ádhbhar casáide aca an mhí so.
Tá dán breágh ann ó "Chroidhín Treun¬
mhar;" ceann eile ó 'n Saoi O'Caoimh;
abhrán breágh ó'n Saoi Onórach O'Bruin;
leitir mhaith ó "Phádraic "; agus báir-
seacht mhór ó 'n Rachtúra, agus muna
fiú an méid sin chúig phighine, ní 'l muid
annso. Tá focal againn anois le rádh
le "Pádraic." Gigheadh go bh-fuil
sé na chomhnuidhe ann Nuadh Ghorc ní
fiosach linn go bh-facaidh muid aig aon
de na sgoilibh a riamh é! Anois, Phádraic,
cuir do lámh air d, úcht agus fiafruigh
dhíot féin bh-fuil tú deunadh cúitiughadh
dlisteanach do theanga do thíre.
Déanach gach uile dhuine a dhithchioll
an GAODHAL a sceith go fórfharsangach.
