156
AN GAODHAL.
Ba bhaoth an fhios 's cómhacht, bhí 'g Eogh-
ain, Seághan, 's Aodh;
Águs gaisgidheacht Mac Cárra leis, bhí
sé gan bhrighe;
Gan féidhm do choinne na Gearltuig
uais — gidh ní gaol iad dúinn —
Án onnchon 'uaithne' go h-árd aig sil-le-
gaoith, air caith-thora Múmhan;
Ní dhúisean 'Lámh dearg Ábú' an mac-
alla níos mó ann Tír Eoghain!
Ní shoilsíghan stíl Ui Dhomhnaill níos mó
na criartha Inniseoghain!
(do bheith leannuighthe)
Nuadh Ghorc,
An cheud lá de mhí na Nodlac '82
D' Fheareagair an Ghaodhail.
Le Do Thoil,
Is mian liom beagán rádh air
mo shon féin ann aghaidh na foclaibh do
chlodh-bhuailis anns an Ghaodhal deighionach
mo thimchioll.
Deir tú nach feasa leat go bh-facaidh
tú mé aig aon de na sgoilibh Gaedhilge
a riamh. Is féidir go bh-fuil ceart anns
an rádh sin, acht gidh nach bh-facaidh tú me,
táim aig sgoil Ghaedhilge gach oidhche, agus
is cosamhuil go bh-fuil mo shúile níos
feárr 'na do shúile-se, oir do chonnairc
mise thusa annsin go minic.
Nílim acht tamal geárr — timchioll dhá
bliadhain — anns a tír seo ; bliadhain-go-
leith de 'n am sin táim mo chómhnuidhe
'san g-cathair seo, agus ó 'n g-ceud lá
do thainiceas go Nuadh Ghórc, táim
ceangailte le cumann Gaedhilge. Táim
mar mhórán eile a bh-fuil 'rán a m-beath-
a aca le saorthughadh, ní féidir dham an
méid de m' am budh mhaith liom a thabhairt
do ,n Ghaedhilge, acht cuideadh airbith a
tá ann mo chumhacht do thabhairt chum ar
d-teanga do aith-bheodhughadh, agus do
leathnughadh, bheirim go toileamhuil, agus
ó mo chroidhe amach.
Is náireach an rud do Éirionnach — is
cuma liom cia shé, nó bh-fuil sé na
chómhnuidhe — nach bh-fuil fios aige air a
theanga dúthchais, agus tá súil agam gur
geárr uainn an lá ann a g-cluinnfimid
é a m-beul gach fear agus gach bean d'ar
g-cineadh thríd an domhan.
Air eagla go m-beidheadh amhrus air-
bith ann d' inntinn go bh-fuilim mar aon
leatsa agus le gach grádhuightheoir eile
de 'n Ghaedhilge, cuirfim anois mo lámh
air m' uchd, mar a d' iarr tú orm ann
do pháipeur, agus deirim go dian, go
dearbhtha, agus go fírinneach, go bh-fuil-
im, do réir m' eolus agus mo chumas,
aig "deunadh cúitughadh dlisteanach do
theanga mo thíre."
Do chara,
"Padraic."
(Maiseadh, a Phadraic, iarramuid
do maitheamhnas faoi 'n g-cúis eugcór-
ach noch do shamhlamuid leat go neamhthoil-
amhuil, agus dearbhthuighmuid duit gur
shaoilsinn gur rabh aithne againn air gach
uile sgoláire Gaedhilge a Nuadh Ghorc,
acht támuid cinnte anois go rabhmuid a
dul a múghadh. Tá aon nidh amháin cinn-
te: go d-tugann tú aire do 'n Ghaedhilge.
Arís, glac ar leithsgeul, agus b'fhéid-
ir gur geárr no go n-aithneochamuid thú.
Feareagair A. Gh.)
FIADHACH SHEAGHAIN BHRADAIDH.
(The Chase of Thieving John.)
by
Anthony Raftery.
(Continued)
Bráithre Bhalla 'gus Bhun-na-Cruaithe,
Na Coille-Ruadh 'gus Bhaile-'n-Chláir;
A n-diomadh air fad go d-tigidh anuas
ort,
Agus breith ó 'n sluagh ort muna bh-fuil
tú sáthach.
Teachtaire sgiopa nach bh-feallfadh 'snach
g-clisfeadh,
Beidh ann seo 'gam go moch a máireach,
A rachfas le cuireadh chuig na sóthanna
is seine,
Mar tá Ó'Conchubhair, Ó'Ceallaigh, Ó'
Briain, a's Ó'h-Eádhra.
Ó'Domhnalláin, tiocfaidh Ó'Fearghil,
Ó'Cearbhuill a's McCartha,
Seinsir ghlan Ghaedhil, Ó'Dómhnaill,
Ó'Néill, Ó'Ruairc a's Ó'Máille.
A d-tír a's a d-talamh tá cuntas le
