AN GAODHAL.
157
fada,
Gur fir a gnidheas gaisge na Blácaighe,
Gearailtighe, Brúnaighe, Builtéaraighe,
Búrcaighe,
Na Linnsighe, na Frionsaighe 's Dálaighe.
Sairséalaighe tiocfaidh a's theipfidh na
Pluincéid,
Paoraighe, na Dilliún's na Beileógaighe,
Tighearna Loch Gleinne 's é, teacht faoi
n-ar g-coinne,
Ann arm 'sa n-éadach faoi chlogad a's
sgiath.
Cruinneóchadh siad chugainn ó Chorcha 's
ó Bhiorra,
Ó Chluainmeala, Cillchainnighe 's Port-
láirge,
Grán agus gunna 's iall-chon aig gach
duine,
Nach leigfidh Seághan Bradach air fán
uainn.
Iarfhlaith Chilldarra 'gus Brúnach Cheann-
mara,
Tiocfaidh le lúth 'gus le áthas,
A's déarfaidh 'nn glór gharbh' réidhighidh
an bealach,
Ó'n Leacht go d-ti sgeach na h-Árd-bhear-
nann.
Labhair Lórd Dilon le réasún a's tuig¬
sint.
A's righnidh an t-oireachtas garta,
"Chruinnighidh eilig tá 'n aimsir aig im-
theachht,
A's cuiridh air gach eanach uaibh gárda.
Ní mór daoibh locht faire a chur air
Shliabh Bachta,
Air Chnoc-Barún 's bheul chúrsa 'n rása,
Beidh na Lambartaidhe roimhe le bruach
Thobar-Pheadair,
'Sna Piarsaighe ag caisleán Chilltártan.
Frionsach Tír-Eoin, cumhdóchaidh a dhúith¬
che féin,
Eidir Árdrathain 's Droichead-'n-chláirín
Ag teach mór Árdfhraoighe beidh Éadh¬
munn na shuidhe,
'Gus cumdóchaidh sé Rinn-mhaoil 's
Meáruidh.
Ann aice Bh'l'áth'n-righ beidh Lobdell a's
Tighe,
Agus Cathair-Ui-Mhadh'in ag na Blácaighe,
Seághan Brún Mhadhuin iocfaidh sé fine,
Muna gcumhdfaidh sé Tuaim a's Lios-a-
Bheárrtha.
Má théitheann sé síos ní imitheóch'dh saor
Tá 'n Ruairceach 'san Beileogach láidir,
Beidh ceathar air fhichiod a lár Mhoin-na-
crota,
Déan Brómhn a's Ross Mahon ann Áth-
eascrach.
Séamus Mahon 'sa ghunna 'gus Saesar
'nna chuideacht,
Eidir caisleán na Beinne 'sna Gráin-
sighe,
Aig sépéal na Muille bnidh Seághan óg
mo dhuine,
'Sní chlisfidh orann mac 'n deagh, mháthar.
Ní'l aon fhiadhguidhe na sheasadh ó dhorus
Chúirtbhalla,
Go Gaillimh nó as sin go Beinn-shléibhe,
Nach m-beidh 'gainn air maidin 'sa phaca
gadhar 'nn aice,
Ann 'r g-cuideacht le h-eirighe na gréine.
Is fear é bheidheadh marbh nach n-eireóch
'nna sheasadh,
'Snach d-tiochfadh go tapaidh le smédeadh,
Ag feuchaint air mharcaighibh teacht as
gach bealach,
Air chointibh, air gadhair's air bhéagles.
Dheamhan sin poll-aice no fuathais faoi
thalamh
Do dheunfadh dhó fabhar no téagar,
Nach g-caithféar a leagan, 'sa strócadh
go talamh,
Go ruaigfear Seághan Bradach as Éirinn
G-cluin' tú, Sheághain Bhradaigh, deun d'
aithrighe go tapaidh,
Ní'l cáirdeas no coimirc a nán duit,
Ó's duine thú tá malluidhe 'snár chois-
reac do mhalaidh,
'Snár umhaluigh riamh ag sagart no brá-
thair.
'Saig imtheacht rómhat anns gach baile
'g ithe 'sa gearradh,
'Sa líonadh do phóca 's do mhála;
Is olc é do theasdas 'snár fheicidh aon
rath ort,
'Stá 'n ruaig so le theacht ort amáireách.
(Le bheith leanuighthe)
