158
AN GAODHAL.
ÉIRE CUIBHRIGHTHE.
Le
"Croidhín Treunmhar."
Air mo leaba 'nn oidhche sin
Níor chodail me neul
Acht ag iompógh ann m' inntinn
Iongantais an sgéil,
Go rabh muintir na h-Éireann —
Ann a g-cúid talmhana féin —
Aig tighearnaighe na Sacsan,
Faoi leathtrom 's faoi leun.
Is dúbhras mar seo,
Ó dhoimneacht mo chroidhe.
"Má tá siad crapalta,
Ní 'l truaigh ann a g-caoi;
Nach bh-ftil siad cho láidir
A's bhí, Washington
Nuair a ruaig sé na Sacsanaigh
Aig cath Lexington."
Bídheadh agaibh meisneach,
A Éireannaigh treun',
Is na bídhidh go síoruidhe
Gan saoirse gan seun,
A faire air fhóirint
Ó bhur g-cáirdibh a g-cian,
Is sibh fhéin 'nan a shaorthugh'dh
A soilseacht no a síon,
Cad a deir na h-úghdair,
A g-cómhnuidhe 'sgo fial,
Má 's mian leat do shaoirse,
Caithfidh tú triall,
Do fhuaim bhinn ann bhabail,
Le píce 's le lann,
Mar thriall an taoiseach treunmhar
De na g-ceud chath, Conn.
Mar sin, tóig suas do phíce
'Sna bí clamhsán níos mó,
Faoi ghainne do maoine,
Do oidhche 's do ló,
Is troid air shon do theallach,
Mar throid do chine bh-fadó,
Is ruaig tíoránuidhe do thíre
A choidhche 's go geo.
O! dá m-beidheadh sé 'n mo chúmhacht',
Le spreagadh mo lámh
Na tíoránaidhe a ruagadh
Ó mo thír 's mo dháimh;
Nach ndeunfainn é go súgach,
Gan suim anns an t-slíghe
Le teine, píce no gunna —
Is cuma cia 'n chaoi.
[ To be continued]
Móbíle, an 3mhadh lá de
'n deich-mhí '82.
M. J. Lógan. —
A Shaoi Dhíl: Tá sé anois cho fada
ó shoin ó do thaisbeán mé mo aghaidh inn-
sa n-Gaodhal go bh-fuil eagla orm nach
féidir le mo léightheoiribh mé aithniughadh,
agus tá me cinnte dá m-b' fhéidir le
drong díobh me fheichint innsa dealbh a
bh-fuil me láthaireach nár thiucfadh leo m'
aithint.
D' imigh me nún go Pensacóla. Fla.
innsa bh-Fhómhar, agus do bhí me tamal
ann sul do thainic an fiabhras buidhe
asteach ann.
Do bhí an balseanuidhe an tan san a
smhuaineadh air tiomciollach a áireabh a
uimhibh daoine tiomchioll seacht-deag-míle
agus aig muinín go uile air bhith a cur
ádhmuid as ceann. Tá mórán cathaire
brioghbhar gnódhthach ann da tabhairt am-
ach. Is cosamhuil gur bé an Saoi Súil-
mhain an Bonderbolt don áit tá an col-
lumhna is fada agus an teach earruidh is
fairsinge san tír dheas. Tá an teach
earruidh seo ceud troigh air fad. Tá
an Saoi S., mar an g-ceudna, cur suas
teach opera, dhá stóire air áirde le bric
dearg Sasanach, air aghaidh an teach ós-
da, Santa Rose.
Tá níos mó muilte gaoithe aig Pen-
sacóla 'na aig aon chathair d'a méid san
tír ag árdughadh uisge suas os a cionn.
Ní 'l aon oibreacha uisge publidhe, agus
d' a réir sin tá teinteacha go síor.
Tá an áit go sonasach le uisge abhan
innsa talamh íseal, do thigean sé suas
na srutháin as cinnn na toibreacha tom-
ánta. Acht gidh go bh-fuil an t-uisge deágh
bhlasda chum an blas, ní réighthan se le
gach aon dhuine, mar b' ádhbhar tonn mhór
tinneas damsa. Tá bád a ruith go beacht
eidir Pensacóla agus Móbíle go síor,
agus do bhí bród mhór orm an sruith
seacht troightha deug do fheiscaint déan¬
ta go iomlán leis an riaghluightheóire
coitchíon os cionn tróchad míle air fad
go cathair Móbíle.
Aon don n-Gaodhal,
F. S. McOscair.
