168
AN GAODHAL.
FIADHACH SHEAGHAIN BHRADAIDH.
(The Chase of Thieving John.)
Anthony Raftery.
(Continued)
Trumpet as fiche beidh againn as Slige.
Lucht ceolta ar Biorra 'sas Cath'r-loch.
Ní tallghhó magaigh fiadhach seo Sheághain
Bhradaidh,
Acht seilg gan brabach, básta.
Labhair Dillon arís le résún as gaois,
Agus righnidh an t-oireachtas gártha —
"Triallaidh anois, tá'n aimsir 'gimtheacht
'Stá súil agam go n-eireochaidh 'n lá linn.'
Fair play 'gus forsainge tugaidh do'n
fhear seo,
Aithnighim go bh-fuil cosamhlacht bháis air,
Tugaidh dhó bealach 's cead eirighe 'nn a
sheasamh,
'Gus b'fhéidir go rithfeadh sé 'r ball beag'
Larrigh Chill-leaca nár fheall i riamh air
ghaisge,
'Se chaith aca an gaduidhe 'sa mhála,
Bí cultacha gaisge 'gus srianta 'ga g-
crapadh,
Nuair a rith sé de leigean le fánadh.
A m-beul an t-Sean-bhaile bhí hunters
'ga ngreadadh,
As scunsaidh 'gá gcaitheamh le fánadh,
'S ó Dhroichead-na-caillighe go baile-na-
m-bodach,
Bhí pícidhe agus spealta 'nn áirde.
Bhí naoi míle marcach le taobh na gCloch-
geala,
Chúig mhíle bean agus páisde,
'Sa lár Pháirc-na-scalach taobh shíos de
Chill-tulach,
'Sé oidhre Chill-each a bhain bálc as.
Budh mhór ar gcuideacht gur chailleamar
Uillioc,
Acht d' fhreastal dúinn Piaras aBláca,
Pat Ryan sa chuid gadhair a bhí suas
leis air d-tús,
'Sa bhain léim as a lár móin na mbráthar
Ag tigh Pheadair na gclasach bhí na beag-
gles na seasadh,
'Gus d' iompuigh sé síos bóthar Áth-eas-
craighe,
Thriallmuid do 'n Cheapuigh as do ,n
Chúl-cearnach,
As rinneamar cladach de thír 's de thal-
amh,
Is treasna trí dhúithche Chluanmáilis.
As sin go Coill-a-chalaidh go'n Chlár as
go Balla,
Go Baile-na-ceara 's go Dúbhros,
Ní ádhbhar gan dochar bhí'r gcapaill lag,
thuirseach,
Níor fhan crú aca air unga nó táirne,
(Le bheith leanuighthe)
ÉIRE CUIBHRIGHTHE.
Le
"Croidhín Treunmhar."
Tá ar muintir ró bhog
Is ró thruaidheach i g-croidhe,
Is tá sin dá bh-fágáil
Faoi anro 's faoi dhíth,
Dá g-cruaidhfidís a g-croidhthe
Mar na Sacsain ag Lochgarman
Bheidheadh athrugh'dh sgéil indiu
Aig cinneadh na h-Éireann.
Ó ! Éireannaighe treunmhar,
Feuch air an g-cás,
Bhur sliocht 's bhur sinnsir
Inns na goirt i fághail bháis,
Is ithir bhur d-tír ghlais
Cho toramhuil as fial
Le aon ithir sa g-cruinne,
Dá bh-fuigheóchadh sí a díol.
Acht ca bh-fuil an tairbh,
Ma tá sí cho fial
Óir an ubh as nead na circe,
Caithfear a díol,
Chum tighearnaighe na talmhan
A shásugh'dh san g-cíos,
A thóigid go puntáilte
Gac h-uile shé mhíos.
Go fiú bainne na bó,
'San t-im as an g-coinneóig,
An t-iarna lín as an olann,
Lacha, gé agus eileóg —
Is gach h-uile ní eile
Dá bh-féidir air tráchtugh'dh,
Caithfear a n-díol
Chum na tighearnaighe a shásugh'dh.
Bh-fuil aon chinneadh daona eile
'San g-cruinne indiu
Nach raobfeach na teuda
