AN GAODHAL.
169
Bídís fá dhó cho tiugh,
Atá da g-congbháil sa staid seo,
Gan lúth as gan neart,
Le tíoránaibh coimhtheach,
Gan baint air, gan ceart?
Ca bh-fuil calmacht bhur sinsear,
O! Éireannaighe fann,
Nach b-pleusgthaoi bhur g-cuibhreach'
Go luath as go teann,
Nach feárr a bheith caillte
In iarracht na saoirse
'Ná bheith chaoidhche as go deo
Faoi bhruid as i n-daoirse?
(Le bheith leanuighthe.)
MOBILE, AN 7MADH LÁ
GIONBHAR, '83.
Go Clódhaire an Gaodhail :
A Shaoi Ionmhuin. — Bheirim ceud míle
fáilte do,n Gaodhal air theacht an bhliadh-
ain nuadh, agus tá dóchus diongmhálta
agam go m-beidh do leightheoiridhe ainmigh-
the innsa mílte aon bliaghain ó aniudh,
sé sin má tá aon ghrádh no meas aig ar
muintir orta féin no air a d-tír-dhúth¬
chais. Mar is dóigh le roinn mhór de
mhuintir na tíre seo nach bh-fuil aon
teanga fóghlumtha againn.
Do bhí me beagán bliadhan ó shoin
'san Árdh-thuath, a Staid Pen. ball dá
n goirtear Iar-Chester. Do bhí me a
saorugh'dh do feilméir, fear d'ar b'ainm
Seoirse Facuit, stumpa de chabóig
neamh-fhóghluimte acht saidhbhir a maoin 'n
t-saoghail seo, agus lán de dhroch-mheas
as de tharchuisne air na Gaodhlaibh bochta.
Do bhídheadar a caint oidhche airighthe, shé
féin agus a theaghlach air theangthaibh na
Euróipe. Do bhí dís mac aige, ógánaigh
óga. Do bhí aon díobh ag fóghluim Gear
manaigh agus an duine eile aig Franc-
ais. Do bhí me féin aig éisteacht le na
g-comhrádh, gan me a cur mórán spéis
ionta no gur chualaidh me an stumpa a
rádh na rabh aon teanga fóghluimte aig
na h-Éireannaibh. Do phrab me suas a
láirtheach agus dubhairt me réis go dán-
a, "Cad é seo tá tú tar éis a rádh?"
"deirim, a deir sé, "nach bh-fuil aon
teanga fóghluimte agaibh." Dubhairt me
reis go rabh, agus do thaisbeán me dhó
go tapa go rabh teanga fhóghluimte aig
na Gaodhlaibh. Is dubhairt me go rabh
teanga fhóghluimte agus shíbhialta, agus
creidiomh aig na Gaodhlaibh nuair a bhí a
shinnsear-san inn a mbárbarbanaigh noch-
duighthe, air seachrán thríd cnocaibh agus
gleantaibh na Sasana.
Acht buidheachas duitse, a Shaoi Uiló-
cháin, tá an Gaodhal againn anois chum
iad a bhreugnugh'dh, agus budh cheart do
gach Éireannach do beith uaimhireach air
shon do mhíosamhuil ma tá aon ghrádh inn
a g-croidhe d'a d-tír dhúthchais no d'a d-
teanga bhinn, ghlórach. An teanga do labh-
air Brian Boromh an tan do scuab sé
na Lochlannaigh asteach 'san bh-fairge, is
tá dóchus láidir agam fós gur b'é an
teanga chliste Ghaedhilge a bheidheas d'ar
n-gríosugh'dh chum 'n Sasanach cealgach do
sgrios asteach san mhuir, no asteach go
h-ifrionn damanta: an áit is mó a d-
tír dhuthchais.
Nach brónach an obair é gur feárr le
treoirightheóiribh a bheith a troid a n-aghaidh
a chéile ná le na námhaid fuilteach meal-
tach feacmhar. D' imig airgiod an Chiste
Catha; tá rint airgid uaimse sa g-cis-
te sin. Ba ró olc an obair do ghín Ros-
a an t-airgiod sin a thabhairt uaidh air
aon chor, mar táim cinte da m-beidheadh
cuid de'n chiste sin le fághail aig Rosa
go g-cuirfeach sé sméaróid-dhearg fa
shrón Sheághainteirbh roinn de'n am seo.
Ní'l acht amadántacht a bheith cailluint
aimsire le dlúthcheangal talmhan; tá an
greim ró dhaingion aige air scornach ar
muintire agus caithfimid teine 'gus cloi-
dheamh a shatha asteach in a m-beul chum
go m-bogfeach sé a fhiacla dínn. Ní'l
aon t-slighe againn ceart a bhaint d'ar
námhuid mhalluighthe acht é bhualadh in gach
áit agus in gach slighthe le arm faoghbhar
agus teine.
M. McSuibhne.
The GAEL can now be had of all
news-dealers at five cents a copy. If
your news agent makes any excuse,
say he can get it through any of the
news agencies; or send sixty cents to
us and it will be mailed to you one year
Beidh an Ghaedhilge faoi mheas fós
