176
AN GAODHAL.
CASADH AN CHLOCH FHAÓBHAIR.
Atharruighthe le "Padruic” ó Bheurla
an Doctúr Fhrainclíne.
Nuair do bhídheas am' bhuachaill bheag,
is cuimhin liom maidin fhuar geimhrigh a-
mháin ar labhair fear smigeach le biail
air a ghualain liom. "Mo bhuachaill dheas,"
ar sé, "an bh-fuil cloch-fhaobhair aig d' a-
thair?" "Ta a Shaoi," ar me. 'Is bhreágh
an garsún thú," ar sé; "an leigfir dam
mo bhiail a gheurugh'dh uirri?" Do thaithnigh
a mholadh "duine beag breágh” go ró-mhór
liom, agus dubhairt me, "Ó leigfead, tá
sí shíos anns an t-siopa." "Agus anois
m' fhear," ar sé, aig bualadh mo cheann
go socair, "an d-tabhairfir beagán uisge
theith chugam?" Ár mb' fhéidir dam é eit¬
iugh'd? Do ritheas agus gan mhoill do thug-
as lán coire chuige. "Cád aois thú, a's
cad é dh' ainm? ar sé, gan fanachd le
freagradh. "Táim cinte gur tú an t-óg¬
ánach is feárr do chonnairc me riamh.
An g-casfair an chloch-fhaobair air feadh
beagán moimeintidh dham?" Giglighthe leis
an m-baoth-mholadh, mar amadán do cui-
dheas le h-obair, agus is ro-gheur d'ioc
me an lá. Budh bhiail úr í, agus d'oibrigh
agus do tharruing mé gur rabhas air
rocht bháis le tuirse. Do bhuail clog na
scoile, acht níor bh-féidir liom siúbhal fhágh-
ail. Do bhí mo lámha spuaiceach, acht ní
rabh an bhiail leath gheuruighthe. Fa dheoigh
do bhí sí geuruighthe, agus d'iompuigh an
fear orm le "Anois a spailpín bhig, d'
imiris an leisgeóir; eitill leat chum scoil
nó iocfaidh tú é." Faraor! do smuain¬
eas, budh deacair go leor an nidh cloch-
fhaobhair a chasadh an lá suar so, acht a¬
nois do bheith gairmthe "a spailpín" budh
mheasa fós é.
Do luigh an nidh so go domhain in m'
inntinn, agus is minic ó choin do smuain¬
eas air.
Anuair a chidhim díolteóir a tá ro-
mhódhamhuil le na chuid gnódhtha-cheannuigh-
theoiribh — aig iarruigh orra beagán braon
fhíona d'ól, agus aig caitheamh a chuid ear-
aidhe air an g-clár-chuntais — deirim liom
féin, tá chloch-fhaobhair aig an bh-fear sin
le casadh.
Anuair a fheicim fear aig moladh na
n-daoineadh, aig deunadh mór-chreideamh
air a shaor-ghrádhacht, agus a tá in a
bheatha priobhaideach 'nna thioranach — deir-
im, dearc, a dhaoine maithe; cuirfidh 'n
fear sin a casadh cloch-fhaobhair sibh.
Anuair achidhim fear árduighthe suas
chum oifige le spiorad pháirtighe — gan aon
cháilídheacht le na n-deunadh uasal nó ú-
sáideach — faraor! a deirim, a dhaoine
meallta, táthaoi damnuighthe air feadh
séasúr chum cloc-fhaobhair do chasadh do
bhuíbí.
"Padraic."
AN CEANGAL.
Tá sé mar an g-ceudna leis na h-Éi-
reannaibh neamh-thír-ghrádhach a bheireann a
m-beatha le obair shalach a námhaid a
dheunadh, agus nach bh-fághann acht mas-
luigheacht ó na máighistiribh agus fuadh
dubh ó na g-ceatharnaibh féin anns an
deireadh. Go fírínneach, tá na daoine
so aig casadh an chloch-fhaobhair do na
Sacsannaibh gan mórán buidheachais air
shon a n-oibre. Agus sin é 'n pháidheadh
is cóir dóibh fhághail, deir
"Pádraic."
SOUND OF THE ASPIRATES
Bh and mh sound like w when prece¬
ded or followed in the same word by
either of the three broad vowels, a, o, u,
and like v if preceded or followed by
either of the slender vowels e, i; as, —
mo bhord, my table, pron’cd, mo wordh.
mo mhart, my ox, " " warth.
a bhean, his wife, " a vann.
a mhian, his desire, " " vee-un.
dh and gh sound like y; as. —
a dhán, his poem. " a yaun.
a ghean, his affection, " " yon.
shand th sound like h ; as —
a shrian, his bridle, " a hree-un
a thalamh, his land, " a halav.
ch sounds like gh in lough ; ph, like f,
and fh is silent. All the aspirates ex-
cept bh and mh are mute in the middle
and at the end of words, these sound
in that position like v. F is silent in
the future tense of verbs; as, buailfead
I shall strike, pronouced, booilhadh.
The Welsh Language is now spoken by three-
fourths of the natives of Wales though it was
nearly dead one hundred years ago, and this thro'
the exertion of one man — Rev. G. Jones.
