178.
AN GAODHAL.
PINCH and CAOCH O'LEARY.
Translated by M. J. Lovern,
Scranton, Pa.
Lá geimhre bh-fad, bh-fad ó shoin, agus
'Nuair do bhí me m' ógánach,
Do thriall píobaire chum ar n-dorus,
Liath ghruagach, buidhe a's bacach ;
Ó cho luthgháireach bhí mo chroidhe,
Gidh budh ghruamach tír as spéire,
Aig amharc an astracháin 'sa chú,
Pinchh bocht as Caoch Ó'Laoghaire.
Nuair a shéid se mála 'n cheoil-bhinn,
Síogtha le buidhe agus uaine,
Shaoil as dubhras, "In áluin Éirinn,
Ní 'l cho breágh ann, duine"
'S Finín Aburch' ar Seaghan MacAoidh,
'S Eibhlín, Cáit as Máire,
Rith asteach le preaba croidhe,
As d' fháiltidh Caoch Ó'Laoghaire.
Le na laethe sona seo, beannacht Dé,
Is le m' óige, nuair a shiubhalas,
Is mo cheann nochta, air feadh an lae
Tóruigheacht neid 'sa g-coill-ghlas:
Air 'n am aoibhinn so beidh 'gam cuimhin';
Gidh go m-beidheadh blia'anta athruighthe,
Ní dhearmóchad mo chairde caoin,
Nó Caoch cneasda Ó'Laoghaire.
Do chodail an dís go maith in oidhche sin
'S air maidin roimh an lonnra,
Mhúsgail se me go g-cloisfinn é seinn'
"An ghaoth do chroitheas an órna:"
Insin do chuimil mo ghruag dheas fionn,
Is dubhairt, "Go g-cumhduidh Dia thú,
a chuisle,"
'S thuit na deora 'g rádh, "beannacht leat,
As cuimhnigh air Chaoch Ó'Laoghaire.
Chuaidh bliadhanta thart, as fós,
Bhí Caoch i m' inntinn toghtha,
Shaoileas a anam tógtha suas,
'Sa chorp 'sa g-creafóig lobhtha.
Go minic a damhsa no a siúbhal
le Eibhlín, Cháit as Máire,
Thráchtmuid air aoibhneas tús 'r d-saogh¬
[ail,
As ghuidh muid air Chaoch Ó'Laoghaire.
Chuaidh fiche samhradh thair mo bhíth,
'S bhí grian na mí-mheadhona claonadh,
As me a m' fhear, aig dorus mo thighe,
Air fhiche neithe brónach a smuainiugh'dh
Thainic mada beag suas an bóthar,
A shiúbhal righin, agus gan meire,
As aig a riobal thuisligh bac-fear. —
B' é Pinch agus Caoch Ó'Laoghaire!
Sean Chaoch! acht Ó! cho lom 's cho léun!
Is crom tá cheann 'sa cholann;
Tá 'lámha caol, gan fuil gan feoil,
'S an mála lom gan olann.
Do theilg an dath ó'n mála Scotaidh;
Bhí Pinch fá dhó níos tréigfaidhe
'Gus gruagmhar ó chonnairc me 'r d-tús
É fhéin agus Caoch Ó'Laoghaire.
"Go m-beannuighe Dia inseo." dubhairt'n
díbirt bocht,
"Bh-fad, bh-fad uaibh ifrionn díbrighthe;
Bh-fuil aonduine air bith thart in seo
A chuimhnigheas air Chaoch, 'n Píobaire."
Le árdugh'dh croidhe d'fháisg me 'lámh. —
'S é dubhairt sé, "A mhic mo chléibhe,
An tusa páisdín 'n chinn óir shlíomh'
A ghrádhuigh Caoch Ó'Laoghaire?
Is me, is me!" Ghuil an seachránuighe,
Mar bheidheadh a chroidhe d' a reubadh,
Deir sé, "Ca bh-fuil, a mhic mo chroidhe,
An greann agus na siansadh
Fuair me an seo fiche bliadhain ó shoin?"
Faraoir! ní fad' mo sgeulta —
Ní 'l acht me féin ann
Le fáiltugh'dh Caoch Ó'Laoghaire!
"Bó! bhó!! bhó!!!" an sean fhear do chaoi,
As d' fháisg a lámha go brónach,
"Tabhair asteach me, a stór mo chroidhe,
As rachfad a bhaile a márach.
Tá mo shíochán deunta, as fágfad go
ciuin
An saoghal seo, 's uaigne 's fhuaire,
As fágfad agat-sa mo phíob' is mo choin
As guidh air shon Caoch Ó'Laoghaire."
Le Pinch, do chumhdaidh me leabadh 'san
oidhche;
Air an márach fuair sé a ghuidhe —
Bí 'n t-Athair Séamus anns an tigh,
As bhí 'n t-aifrionn abhráin caintthe;
Chruinnigh na comhursanuidhe, romhair
muid 'uaim,
'N aice le Eibhlín, Cáit, as Máire —
Colluigheann sé an sin a cholladh fada
dheoidh. —
Suaimhneas fíoruidhe ort, a Chaoich
Ui Laoghaire!
