180
AN GAODHAL.
Gus sibh-si go n-díolfadh
Ar ghloinne nó trí bhur g-com-pán.
Cuisle mo chroidhe na sean-dáimh,
Ní h-ionann 's laoithe 's meang sheágham,
Mursaire buile,
Tá air mire dáiríribh,
'S a bhruinnibh gur líontadh d'fheall-sán.
I know very well you
Would like to sell us all for a shilling.
The old bards never vainly shall woo
me,
But your tricks and your capers O'-
Tuomy
Have nought in them winning,
You jest and keep grinning,
But your thoughts are all guileful and
gloomy.
FIADHACH SHEAGHAIN BHRADAIDH.
(The Chase of Thieving John.)
Anthony Raftery.
(Continued)
Acht le spóirt agus aiteas bhuaileamar
Renbheille,
'Gus fuair'mar athrugh'dh d'ar n-eachradh
'Sé 'n áit in ar dúisgigheadh Seághan
Bradach air maidin
Síos ag bun Cruaiche Phátruice.
Rug sé 'r a wallet 'gus suas leis thrí
Gleann-glaisne,
Go tóin Con-na-mara le fánadh.
A m-bun-amhain 'sa g-Cúl-salach thainic
muid ann calaidh,
'Gus theasamar aig Beul 'n áth bhuidhe.
Tar méid ar n-dochair 'g a chuartugh'dh
's 'g a lorg,
Ó Innis-bófinne go h-Ácruis,
Thóig sé bád seoil a g-Cuan-an-fhir-mhóir,
As d'fhuagair sé coimirc air Árainn.
Thriallmuid air Ghaillimh mar bhí fraoch
orruinn is fearg,
'Sa chloidheamh aig gach fear againn tar-
rainge,
Níor shuidh'mar 's níor sheasamar air
thalamh,
Nó gur fhuagair sinn challenge air
Mháirtín Ó'Máille.
Le fáinne 'n lae 'r maidin do chuir sé
'gainn freagradh,
Ann leitir agus séala uirri fáisgthe,
Gur thiomáin sé anonn é air chuantaibh
Cinn-mhara,
Le faitchíos go g-caillfeadh sé a státa.
Bhí MacNamara air 'n Quay Nuadh 'na
sheasadh,
Sir Laiseach Ó'Briain ann air gárda,
'Sa nuair a shaoil sé dhul thairsta 'n
taobh eile do 'n sgairbh,
Do chaill sé a chleath 'gus a mhala.
Bhuail sganr'dh é as creathadh 'gus thriall
sé ar an m-baile,
Mar bhí námhaid teacht air as gach cear-
da,
Sa lár Lis-a'loma chuaidh Venus ann
roimhe,
'Gus bhain sí dhe píosa de 'n mhása.
Air thaobh Phoill-an-t-slugaid bhí na Bla-
zers air leigean,
Agus thuit sé de sgioradh le Ruaidhín,
Chruinnigheadh na bailte ó Eachdhruim go
'n Cheapach,
'Gus d'fhaduigh'dar síos teinte cnámhach.
Bhí torradh gan cuibheas air oidhche agus
fiche,
Bhí reiceána air meisge ann air feadh
ráithe,
Bhí brandy as fíon 'ga scapadh go fial,
As bhí glainidh aig gach fear acu 's cárta.
Bhí Domhnall Ó'Treasa 'gus me féin ann
aice,
Ag deunadh sir-soip as pléaráca,
Acht budh é deire Sheághain Bhradaidh tar
éis a n-deachaidh thairis,
A strócadh le madradh lár páirce.
Críoch.
The GAEL can now be had of all
news-dealers at five cents a copy. If
your news-agent makes any excuse,
say he can get it through any of the
news agencies; or send sixty cents to
us and it will be mailed to you one year
Tá faolchon na Sasanach airís air
bhunn na Éireannach. Cad é 'n nídh budh
chóir a dheunadh in a thaobh?
