190
AN GAODHAL.
ann d'a chléir agus d'a phobul? Ní h-ion¬
gnadh, mar sin, má tá meas mór agus
gean aig a chlainn Chríostamhuil thríd an
domhan air sgeul a bheatha. Tá an meas
so aig muintir na h-Éireann air, agus
aig na h-Éireannaighibh a tá ins an Am¬
erica, ins an Oileán úr, ins na h-India¬
caibh shoir agus shiar, ins an Ástralia, a¬
gus gach céarda faoi an ngréin in a bh-
fuil mac no inghean de chlainn na Gaedh¬
eal. Ní féidir, mar sin de, nach m-beidh¬
eadh gáirdeachas orra sgeul a bheatha a
leigheadh ins an teangain úd a ndúthchais
féin — teanga air a raibh gean agus grádh
aig an té ud a tá anois euluighthe uainn
go h-áras fíor clainne Dé. Cuirthear
os bhur g-cómhair laethe a óige, laethe a
mheádhoin aoise, agus laethe a aoise foir¬
fe, 'nuair a bhí sé ag treorughadh agus ag
stiúradh muntir na h-Éireann chum saor¬
sachta a g-creidimh; sé sin, saorsachta,
no cead, Dia an Uile chúmachtach a áltugh¬
adh agus a adhradh mar rinneadar fíor-
chlann na h-Éireann roimhe seo.
San t-Sean-Reacht budh mhaith leis na h-
Iudaighibh breathnugh'dh in a n-inntinn air
Mhaois a bhí 'na threudaidh agus na chean¬
airt orra, agus mar fhear a bhí aca in
áit Dé ag tabhairt dóibh comhairle air an
m-bealach budh chóir dóibh siúbhal os cómh¬
air Dé, agus air an módh bhí ceart a aith¬
eanta agus a dhlíghe naomhtha choimeud a¬
gus a choimhlíonadh. Is mar seo bhí sé air
feadh bliadhanta le pobul na h-Éireann.
Bhí a súile ag dearcadh air Sheághan Mac
Héil, Áirdeaspog Thuama, mar threudaigh
agus mar cheannairt ó Dhia, — fear fair¬
e in gach gádh agus in gach chúis acranach
aimhréidhteach a thainic. Is mar seo bhí sé
aig muintir óig na h-Éireann a d' éirigh
suas le fiche bliadhain, agus is mar seo
a tá sé i láthair i measg fíor-chlainne na
nGaedheal . Bheir Spiorad na Fírinne
comhairle dúinn na fir measamhla, treun¬
mhara, ghlórmhara, agus ar n-aithre mhóra
a churidh rómhainn in a n-am féin a mhol¬
adh; fir a righne neithe iongantacha, agus
aig a raibh cáil mhór agus eagna mhór ins
a n-am ag sábhaladh agus ag stiúradh chum
cuain na síothchána agus na maitheasa
na muintire a bhí faoi na sgáth agus
faoi na d-treoir.
An Tarbh agus an Gabhar.
Mionfhoclóir
Achran, dispute, difficulty; adharcaibh,
pl. of horns; aithbheul, regret; amháin, on¬
ly; amharc, sight; steach, within; bheith,
be; bídheadh, let be; buaidhireadh, trou¬
ble, tribulation; buntáiste, advantage
cómharsanaibh, d. pl. of neighbor; cuas,
a cave or den; dithfir, difference; eid¬
ir, between; faitchíos, fear, ; fiadháin,
wild; gabhar, goat; goirid, short space;
mianta, desires; músgailte, awakened;
romhat-sa, before thee (emphatically);
saoil, think; suarach, despicable; tarbh
a bull; tosuigh, commence; taisbeán¬
fad, I shall, or will, show; tóigeann,
takes, lifts.
Do rith Tarbh noch do bhí leanuighthe le
leon i steach i g-cuais in a n-neárnadh Ga¬
bhar fiadháin a áras. Air a bheith músg¬
ailte do 'n Gabhair do thosuigh sé pocadh
an Teirbh le na adhacaibh. "No saoil,"
air s'an Tarbh, "ma chuirim suas leis so
anois, gur romhat-sa tá faitchíos orm.
Beidheadh an leon acht amháin os ar n-amh¬
arc, agus taisbeánfad duit go goirid
an dithfir eidir Tarbh agus Gabhar."
Daonchon.
Tóigeann daoine suarach buntáiste
air achran a g-cómharsanadh le buaidhir¬
eadh a chuir ortha, acht tiocfaidh an t-am
a m-beidh aithbheul ortha faoi na n-droch-
mhiantadh.
THE BULL and the GOAT — Translation.
A Bull being persued by a Lion, fled in a
cave where a wild Goat had taken up his abode.
The Goat upon this began molesting him and
butting at him with his horns. "Don't suppose,"
said the Bull, “if I suffer this now, that it is you
I am afraid of. Let the Lion be once out of sight
and I will soon show you the difference betwen a
Bull and a Goat.
Mean people take advantage of their neighbors
dificulties to annoy them; but the time will come
when they will repent of their insolence.
Miss Edmonia Lewis, the colored artist, has just
modeled a statue of the Blessed Virgin for the
Marquis of Bute.
