AN GAODHAL.
191
MEADHON-OIDHCHE DO CHAN.
Síntear na seolta,
Séideadh an ghaoth,
Seinntear na ceolta,
Thógas an croidhe.
Támoid a léimnigh,
Tar bhóthar na d-tonn,
Éistigh le reubadh,
A's screadaoil na g-crann.
Támoid a' luasgadh,
Ag eitill anonn,
Rith níos luaithe
Linne a long!
Séideadh a's séideadh
An árd stoirm fíor,
Le torann ag géimnigh
Go d-triallfamoid siar.
Siar, siar chum tíre
Na saidhbhir 'sna mór,
Siar chum na tíre,
'Nna g-cruinneochamoid stór.
O caithfimid umhlughadh
Do mhéid na h-anró
A dhíbir go cruaidh
Gach aon neach ann so.
Oir dóirteadh anró
Agus dóirteadh mí-áth
Mallach bróin,
Agus uallach crádh.
Mar stóirm go h-obann,
O fhlaitheas gan truagh,
Gan tróchaire orrainn,
Go cruaidh, go cruaidh.
Acht síntear na seolta
An áird' air an g-crann,
Agus tógfamoid ceolta
Puirt agus greann.
Agus fágaim mo bheannacht
Le h-Éirinn om' chroidhe,
Agus fágaim mo mhallacht
Le Sacsana choidhch'.
Deithfrig ! O deithfrigh,
Ar g-cúrsa a ghaoth!
Agus bhóthair an t-soithigh,
Sa bh-fairge faoi.
Is luaithe, go cinnte,
Tíocfamoid ann,
Is luaithe béidh filleadh
Chum Éirinn anonn.
Is luaithe béidh díoghaltas
Dóirteadh amach
Agus léir scrios air dhaoinibh,
Na g-coir a's na g-creach.
Air thighearna na tíre
Gach ceann mar mhuilléir,
A' meilt a's a' milleadh,
An áit-se go léir.
Mar budh chuma leosan
Ar scrios agus crádh,
Acht dá líonfaidhe a b-póca
Go maith 's a sporán.
Gan truagh no trócaire
Boige nó grádh,
Acht meudughadh a b-póca
'S ag at a sporán.
Agus sinne 'g ar m-brúghadh
'Gar meilt mar an gráin,
Go h-ísioll 's go h-umhall
Gan focal le rádh.
Acht fillfimid, fillfimid,
Seinnidhe go binn;
'S béidh focal a's tuilleadh
Le rádh 'gainn ann sinn.
Slamhsán na m-bocht,
Agus caoineadh na m-ban,
Screadach na n-ocrach,
'S na b-páiste go fann.
Níor dhúisigh se truagh,
'S níor tharraing se deor,
As croidhthibh na g-cruaidh
Na saidhbhir 's na mór.
Acht feicfimid féin
Go goirid na deoir
A ritheadh go réidh
'S go luath go leor.
Ní deora bocht' gola
Ag truagh air bith.
Acht deoir dhearg' fola,
Ag sileadh ó 'n g-croidhe.
Tiománfamoid pícidhe
An t-am sin 'nuair spórt,
A m-brollach 's a g-croidhe-stigh
Gach Croesus dá shórt.
