192
AN GAODHAL
Bhí a súile-sion tirim
'S ar súile-ne fliuch,
'S anois, mar is cothrom,
Athróchaidh an cruth.
Mar támoid le céile
Aon lámh agus croidhe,
'S ní fhágfamoid Éire
San rocht 'na bh-fuil sí.
Béidh tread agus bualadh
Innti gan maill,
'S cuirfighear an ruaig
Air mhuintir na bh-feall.
Béidh a n-dúithche ag clann
Mhilesius le fághail,
A's geobhaidh a d-talamh
'S árdócaidh a g-cáil.
Agus seinnidhe na ceolta
A thógfas an croidhe,
Agus sínidhe na seolta
A's séid linn a ghaoth.
Is luaithe go cinnte.
Tiocfamoid ann,
Is luaithe béidh filleadh
Go h-Éirinn anonn.
FROM THE SAINT JOHN GLOBE
ON THE GAEL.
A monthly magazine devoted to the preservation
and cultivation of the Irish language is published
at 814 Pacific street, Brooklyn. It is called An
Gaodhal, and the title and a large part of the con¬
tents are printed in Irish. The Gael bears for
trade-mark or badge the harp of Erin, and is edit¬
ed and owned by M. J. Logan. A letter in Irish,
signed by Uilleog Seoseph de Burc, Cananach agus
Sagart Paraiste, is from the distinguished Irish
scholar, Canon Bourke, who recommends the mag¬
azine, subscribes for a number of copies, and en¬
courages the editor in the movement for the pres¬
ervation of the Irish language, in which he himself
has been one of the earliest and most energetic
workers.
The GAEL can now be had of all
news-dealers at five cents a copy. If
your news-agent makes any excuse
say he can get it through any of the
news agencies; or send sixty cents to
us and it will be mailed to you one year
There are forty-five Catholic congregations in
St. Louis-
BEAN AN FHIR RUADH.
(The Red Haired Man's Wife.)
Tabhair leitir uaim sgríobhtha síos go
baile chois chuain,
Go cailín bán gnaoidheamhuil bh-fuil na
caortha le lasadh in a gruaidh;
Tá sí cho caoidheamhuil, is tá na mílte
fear leithi dá luadh;
Glac meisneach, a Bhríghid, as dheamhan
oidhche nach ngoilfidh an Fear Ruadh.
Tá crann ins a bh-fál bh-fásan air cnadh
a's bhláth buidhe,
Tráth leagaim mo láim air is láidir
nach m-briseann mo chroidhe;
Tá mo cheathramhnacha gan bríste, far¬
aor, is me bascadh le fuacht,
As bréidín d'a shníomh, go caol, aig
Bean an Fhir Ruadh.
A choinnioll gan smál, bh-fuil lá dealra
breágh deas in do ghruaidh,
Gur budh é 'n buachaillín bán a b' fheárr
leat-sa d'a luadh:
Ní cheillfead air cách go d-te'n t-ádhbhar
a bh-fuilim faoi ghruaim,
Acht d' inneoin fear le fághail, 'sé mo
ghrádh-sa Bean an Fhir Ruadh.
Nar fhágaidh me 'n saoghal so choidhche, is
nar chaillidh me 'n greann,
Gur rabh me agus Bríghid seal míosa
faoi dhuilleabhar na g-crann
Gan aonduine bheith d'ar ngaobhar acht
an chuach 's sí goire go binn,
'Gus an Fear Ruadh a bheith sínnte gCill
Bhríghide, 's leac os a chionn.
Tá Brian a's na páisdidhe gárach a's a
sgreadadh mo dhiaigh,
Teacht suas air an t-snáthaid ó Mhárt
go maidin Dialúain;
Ní 'l mo gháraidh breágh prátaidhe mar
staca agam, no cruach;
Agus 'se mo sgeul cráidhte mar d' fág
me riamh an Fear Ruadh!
We are sure that our readers, especially those
who speak the language, will be pleased to see
this old popular song in the GAEL. We would be
very thankful to any of our readers who know ei¬
ther of the following songs to send them to us for
publication. —
"Connlach Glas an Fhóghmhair" and
"Caraigín an Fhásaigh."
Féach Vol. VI — No. 6.
Vol. VIII.
IX
No. 1.
