200
AN GAODHAL.
TOMÁS O'NÉILL RUISÉAL
CAITHEADH DROCHMHEAS AIR
NA DAOINIBH ATÁ CONGBHÁL
SUAS NA SGOLA GAEDHILGE
'SA TÍR SEO.
San g-ceathramhadh uibhir de Irisleabh¬
ar na Gaedhilge i m-Baile-áth-chliath, tá se
sgríobhthadh faoi láimh Thomáis Ui Néill
Ruiséil. — "Siad na daoine ba bhoichte in
Éirinn a tá congbháil suas na sgol Ghaedh¬
ilge ins an America."
Ní fheudóch'dh inntleacht an diabhail
éinidh níos éifeachtaidhe a chumadh
le na sgoláiridhe a congbháil ó na sgoil¬
ibh Gaedhilge 'ná 'n rádh sin dá m-beidheadh
se fíor Acht deir an sean rádh, "An
muileann a bhidheas a síor-mheilt meilean
sé mín 'gus garbh." Aonduine a bheidheadh
a láthair i sgoil an treas-shráid-deug in
Eabhra Nuadh, an oidhche cheana, agus a d'
fheiceóchadh an cruinniugh'dh breágh, meas¬
amhuil fiúdhantach a bhí ann, (agus bhí seis¬
ean ann an oidhche cheudna) déaróchadh sé
leis. "Thug tú h-éitheach," agus
déaróchadh sé an fhírnne. Ní fhacaidh sinn
aonduine sa g-cruinniugh'dh sin a bhreath¬
nuigh níos suaruidhe 'ná é fhéin, agus tá¬
maoid cinnte nách rabh aonduine eile ann
a shuidheóch'dh síos i measg cómhluadar
geanamhuil agus a mhaslóch'dh an cómhlua¬
dar sin air chúl a g-cinn! Ní thiocfaidh
'na daoine ba bhoichte in Éirinn" in aice
na sgolaibh Gaedhilge, óir is coitchíonnta
gur b' shiad na daoine budh bhoichte in Éi¬
rinn is saidhbhre in America, do bhridh go
n-dearnaidh siad gach h-uile chineál oibre,
go fiú glanadh an tighe bhig, leis an saidh¬
bhres sin a dheunadh. Ní thiocfaidh siad
seo in aice na sgola Gaedhilge le fait¬
chíos go h-aithnóchadh a g-cómhursanadh cia
h-shiad. Siad na daoine a tóigeadh go
maith in Éirinn atá congbhál suas na
sgola Gaedhilge sa tír seo. Is maith leo
measgadh i measg a g-cómhursanaibh óir
ní'l éinidh aca le ceilt; acht an mhuintir
tháinic ó n-dadaidh sa m-baile 'siad is
poirteamhla inseo.
D-taobh oideadh na Gaedhilge, agus an
droch-mheas is mian leis i chuir ortha, tá
a leitir fhéin lán de locht. Séideann
sé a adharc fhéin, acht gan toradh.
An Chraoibhín Aoibhinn do chan.
A stóirín, mo ghean a's mo ghrádh
Do thugas mo ghrádh dhuit gan bhréig,
A g-cómhnuidhe gach oidhche 'gus lá,
'S do bhuachaill bocht cráidhte ná
tréig.
Mo mhilleadh mar so, leat, a stóir
Ní ceart a's ní cóir é a rúin :
Mar d'fhág tú mé taomadh na ndeor
Gan codladh no fóirighin no suan.
A n-urraidh; budh lonnrach an ghrian,
— Is maith a chuimhnighim an lá, —
Lá fómhair — an lá sin do líon
Mo chroidhe-se le iomarcaidh grádh.
Bhí na punnainn go lán-apuidh buidhe,
'S budh d'a g-cengailt do bhí tú go
cruinn,
Nuair loit tú go dona mo chroidhe
'S gan leigheas do bhí sé ó shoin.
Is é deir an t-eun air an g-craobh
Gur ab aoibhne mo ghrádh 'ná an
domhan,
Agus tá an sgeul ceudna 'g an iasg
Mar chidh sé do scáile 'san abhainn.
Acht is é deir mo chroidhe-se liom féin
Go ndearnuidh tú leun liom a's
scrios;
'S muna bh-fuighfidh me suaimhneas ó
'm phéin,
Is cinnte go n-eugfuigh mé leis.
Ó'n uair do chonnairc me thú
Do chaill me mo shúgradh 'smo shógh
Ní'l cabhair a g-caoineadh go buan
Agus cosgfad gach sugradha is mó.
Acht fóirighin ó fhlaitheas le fághail
Impighim go h-árd a's go buan,
Cabhair a's fóirighin ó ghrádh,
Suaimhneas a's sásadh a's suan.
A large number of subscribers have
ordered Connelan’s Dictionary: we can
not supply it henceforth as there are no
copies to be had, that we see, except a
few we have bespoken for those whose
orders have been already received.
Owing to a special request to print
Aesop's Fables, we have to hold over
Mr. O’Reeffe's Éire and other matter.
