AN GAODHAL.
206
CAITLÍN TIRRIALL.
Is main liom tráchtadh air gach nidh
le stuaim,
Agus is mithid liom trachtadh air
Chitidh na g-cuach,
'S í an planda breágh leinbh ta saoi¬
theamhuil, 's suairc,
A's a samhuil ní fhacas a m-bailtibh
na d-tuaith,
'Sém' chreach mhaidne na'r fagadh mé
Air bhruach locha Eirrill le Fáinne
an lae!
Mar shúil go bh-faghainn amharc air
Chitidh na g-raobh,
Mar do chualuigh mé teastas bhre¬
ághachta a sgéimh.
'Sé mo leur-ghuirt mar chonairc mé
dúbhach no peann,
No do chúl breágh, triopallach, fáin¬
neach fionn. —
Dá d-tóigeadh an tighearna Easboig-
si láimh ós mo chionn
Bheurfainn Chitidh an staid-bhean
thar sáile liom:
Is gile í na 'n eala, 's is deirge í na
'n ghrian,
Is binne í 'na g-cualadh me de ceol¬
tibh ariamh,
Ní'l aon teach-leanna reaca fá 'n t-
sráid seo shiar,
Nach n-ólfaidh mé slainte Chaitilín
T'riall.
Is truaigh nach bh-fuil me-si agus Cit¬
idh dheas, chaoin,
Fa chúl an toim chuilinn go n-ólfa¬
maois braoin,
Mar shúil le Dia díleas go d-tóig¬
finn a croidhe,
A's go d-tiubhrainn a bhaile ó na
mathir liom í;
Léigh mé do litir amuich air 'n tsliabh
Ba binne í 'na iomad de cheoltibh
sighe,
Pairt mhór dem' chruadhtan, gur leat
chaill me mo chiall. —
Is mór i n-aghaidh d'anama é, Chait¬
ilín T'riall.
BEUL-ATH-SHAMNAIS
Fonn — Phoirt-Gordon.
A Mháire, ghrádh, is tú tá'm chrádh
Och! tabhair do lámh go dlúth dham!
'S gur dual dham buadh na cóige d'
fhághail,
Go bráth na deun me dhiúltadh!
A chuil na n-dual, sé mo chúmhaidh go
buan,
Nach bh-fuilim leat fuaidhte a g-
cleamhnais,
Béidhead go duairc fa shíor-ghruaim
Ma bhídhir bh-fad uaim-se annsacht.
A bhlaith na g-caor, o thárluigh mé,
Claóidhte tréith le greann duit,
Tar faoi mo dhéighin, a rún mo chléibh
'S tabhair grádh gan chlaon gan cham
dam. —
Faraor geur! 's me 'n ceann gan chéill
'S do chómhairle m' athar níor úmh¬
luigheas;
'S gur b'é cómhradh déigheannach dúbh¬
airt se liom,
Tréig-si Beul-ath-shamhnais.
Acht thug me grádh do d' chúilín bán,
Air chúl an gháirdín pónaire,
Dod' bhéilín tlaith, mar chúbhar na trágh¬
a,
'S do d' dhá gruadh dhearg mar
chaorchon;
Dod' bheul is binne ná'n chuach air bile,
'S na ceileabhar caoin na n-eunla,
Mo leun 's mo mhilleadh! gan mé 's
tú chumainn
Ag eulóghadh le na chéile.
A ghrádh 's a rúin, a n-gluaisfeá liom
Go tír na long as Éirinn?
Ní 'l tinneas cinn, na tuirse croidhe
Nach leigheasfaidhe ann gan amhras :
'S tú 'n reult eoluis, thar mnáibh na
Fodhla
Agus congbhaidh féin ó'n mbás mé ;
Oir gan grása Dé, ní mhairfidh mé,
Air an staid-so Beul-ath-shamhnais;
thásc air ?
— Hardiman's Minst
— Hardiman's Minst
