210
AN GAODHAL.
níos breáchta na páláis óir na righ, níos
breáchta na grian sholuismhóir na spéire,
atá ollumhaighthe aig an Dia so do 'n mhuin¬
tir a choimhlíonas a chuid aitheanta. A¬
gus mar an g-ceudna, ní chuirfidh me a
bh-folach uaibh an pionús a chuirean sé ar
an muintir a fhuathuigheas a dhlíghe. So
é mo ghrinneas. Teine naomhtha a tuga
ó Fhlaitheas chum croidhthe na n-daoineadh
a lasadh, chum go g-coimhlíonfidís gach uil¬
e thiodhlaca neamhdha Bhí bhur d-targ'dóir
ceart nuair a dubhairt sé nach m-beidh an
teine so múchtadh go deo. Ní bheidh an
teine bheannuighthe so múchtadh no go d-
tóigfidh sí seilbh air chroidhe gach páisde
da bh-fuil ins an oileán breágh so. Ionn¬
tóchaidh se ó thráigh go tráigh a lasadh, a
claoidheamh, agus a smachtugh'dh croidhthe,
fir, mna, buachaillidhe & cailínidhe óga,
páistidhe agus sean fhir. Iompróchaidh
bhur g-clann an lasair bheannuighthe treas¬
na na fairge & an duibheagáin go d-ti
deire an domhain. Brisfidh bainighe bróin
a steach air bhur d-talamh beannuighthe,
acht ní bheidh an teine so múchthadh go deo.
the hearts of men, to the exercise of
every heavenly virtue. Your prophet
was right then, when he said that my
fire would not become extinct. No!
this hallowed fire will not be quench¬
ed until it takes possession of the heart
of every child of this fair land.
It will roll from shore to shore, —
inflaming, soothing, chastening the
hearts of man and woman, youth and
maiden, of the child and the aged man,
Your children will bear the sacred
flame over sea and ocean to the ends of
the world. The waves of tribulation
shall break in upon your blessed end.
BUT THIS FIRE SHALL NOT BE EXTINGUISH¬
ED.
An Chraoibhín Aoibhinn do chan.
Caoinfead a's caoinfead a's caoin¬
fead go deorach
Na h-aimsire bhí 'gainn a g-crich
Innis Fáil,
Caoinfead a taoiseacha treunmhara
treorach,
Caoinfead a ngníomhartha, caoin¬
fead a g-cáil
Na bárraigidhe me a dhaoine gan eo¬
las,
Is caoineadh mo chaoineadh nach d-
tuigfear go bráth,
Is dubh agus domhain mar an oidhche
mo bhrón-sa, —
Oidhche nach bh-feicfeas a choidhche an
lá.
Is cosmhuil mo chaoineadh le caoineadh
an duine,
A chidheas sábhálta, a sliabh no áird,
A mhaoin a's a mhuintir 'ga m-báthadh
le tuile,
A's eision 'na aonar fágtha go
slán.
Is géire mo caoineadh na chaoineadh
na mathar
A chailleas a páisde 'sa h-aon mhac
amháin,
Is doimhne mo bhrón na aon bhrón tá
a Nádúr,
Mar chaoinim-se náisiún tá scap¬
tha air fán.
Is searbh an brón é, an brón so am'
láthair,
Agus pian is seirbh' ann, 's dóigh
nach bh-fuil,
A's trá fheicim an tír a's trá fheic¬
im an chathair
A seilbh ar námhaid budh mhaith liom
an chill.
Bubh mhaith liom bheith sínthe go fuar
ann san roilig
A's m'anam bheith sgaoilte ó ,n g-
creafóg lag,
Mo mhuinntir as laochra Éireann go
bh-feicfeadh!
Mo shuim ann san g-corp so — dar
n-dóigh is beag.
The GAEL can now be had of all
news-dealers at five cents a copy. If
your news agent makes any excuse,
say he can get it through any of the
news agencies; or send sixty cents to
us and it will be mailed to you one year
