AN GAODHAL.
227
ÉAD!
Fuairmid an leitir noch do leanas
thríd an b-posta in am fhoilleamhnach. Ní
bhéarfamuid ainm an duine eile atá
luaidhte inte in aoinfeacht linn féin de
bhrigh nach bh-fuil a chead againn, óir ní
fhacamoid é ó fuaramar í. Gidh go
labhrann an te chum í Gaedhilge go maith,
is cinnte nach bh-fuil mórán fearamhlach¬
ta ann; da m-beidhéadh chuireochadh se a
ainm leithe. Is se ar m-baramhuil gur
shaoil an sgríbhneoir nach g-cuireochamoid
a g-clódh í air éis an feannadh noch do
thug se dhúinn inte, acht, ma shaoil se
mar sin, bhí sé dul amúghadh go h-anmhór
Seo í an leitir, verbatim et literatim —
"Nuadh Ebhroch Iuin 26. 1883
Do Chlodhaire an Ghaodhail
A shaoi.
Feicim cor uair do phaper an Gaodh¬
al & taim siarthuigheach d-taoibh an bhreil¬
lice; no an t-amhloir baoth air a d-tug¬
thar mar ainm — Ce b-fuair tú é, no
ce b-fuair sesan a Ghaódhilge. shaoil me
a g-comhnuidhe go rabh tu fein dona gó
leor mar bhailseire air phaper, ach mar
b-fuil — a n-dan barr a bhreith ort ag
sgriobhadh raidhmheisidhe cama ni beacht¬
aire grinn mé. Measann tu nach b-fuil
se n-am agad irracht a thbhairt air red
eigin a chur ann do phaper feasda, inl¬
eighte, no innealta chum sasadh beag a
thabhairs dho do leighthioirighe & gan a bheith
magadh futha níos faide le do chuid ra¬
mallidhe baicbheurlacha & caint gan chéil.
Ma shileann tu gur fear leighinte gan
bhrabach a ta annat & gur féidir leat
cluain a chur air na h-amadain so tim¬
pul ort, seachain nach b-fuil tu dho do
mhealladh fein agus ma ta aon dis¬
pledhecidhe eile nios croghanta 'na tusa
& — 'san m-baile so, na rabh siad a bh-
fad ann. Na tuig air aon chor nach bh-
fuil iomad daoine fuintacha 'san tír
so air a m-beidheadh athas mór dá b-feic¬
feadh siad nuadhacht Ghadhilge mar do
phaper a dul air aghaidh & a buanleathnugh'
ann a measg, ac ta do bhrathlin-sa ag
deifriugh go mall 'san taob conntrardha
Tá an iomarca iarrainn 'san teine ag¬
ad & sé an cincadh do chuíd acu fuarugh'
mar n-deifrighir tu fein.
Cait uait na gaimsidhe baothghlóracha
& tabhair chuiread do na sgolairidhe a
theacht a congnadh leat, má's run doit
gan a bheith muga magadh níos mó fuinn,
le do dheachtaireacht baothuaibhreach. Ni
misde do dhuine mar thusa an scathan a
chongbhail suas os a chomhair air amaibh,
innos go bh-faicfeadh sé gne a gnuise
fein mar fheiceas duine eicin eile é, B-
fheidir liom thu fein do phaper, & - - - -
a sgaoileadh thart, acht sgriobhann se a
ainm & a dhileagra ann ainm & ó'n g-cu¬
mann Gaodhilge a Nuadh Ebhroch cho sutal¬
ach & co maireiseach is da mba é an sgr¬
íbhneoir is fearr é ann a measg. An
uair a tá fios aig fir an bhale mhoir so
(& agad fein ma's mian leat admhail ] go
bh-fuil an chuid is mo de sgolairidhe na
sgola sin a b-fad a d-tuiseach air a
leigean & a múnadh. Arnodh, ni h-ion¬
gnadh go d-tuigeann daoine a leigheas a
choid blobaireacht, ann do phaper, gur
suarach an chomplacht iad 'sa m-Bowery,
nuair a leigeann siad a leithide de phla¬
dhaisg amach ann a thaoiseach orthu. oir
tugthar faoi deara & le resun, gur be
an fear no an bhean is fearr ba cheart
a bheith a d-tuiseach a g-comnuide, le fea¬
bhas & intleacht an chomainn do thasban¬
adh do'n phuibligheacht, ach ann 'sa g-cas
so feicthear gur be an te is taire thoig¬
eas air fein mimheas a thuilleadh don
muintir eile le na ghaodhilge gan snas, &
ta fios agadsa go maith go buil tu fein
chociontach ann 'sa n-obair so, an uair
a clobhuaileann tu é ann do phaper. B-
feidir liom beagan nios mo do sgriob¬
ad le do ionnshorchugh', mur m-béidheadh
go b-fuíl deifir orm; ach ta fabhar beag
agam le iarradh ort, se sin é seo: do
leigheadh uair no dho eile, sul do chaitheas
tu uait é. Leur smuainigh air an g-co¬
mairle ann & ca fios nach n-deanfadh se
gar eicint duit. Duine air mhaitheadh
leat.
An Goban saor."
Tá beagán earáide inte mar atá in
gach h-uile leitir a chidhmid, acht da m-
beidheadh fearamhlacht an sgníbhneora cho
maith le n-a sgríbhinn ní bheidheadh mórán
lochta air. Budh chóra dhó luach na nGaodh¬
al a d'orduigh se dhó féin as d'a cháird¬
