238
AN GAODHAL
an Bedlam an áit budh chóra dhó.
Nach mór an náire go mhuintir na h-
Éireann, sa tír so, nach n-deunfaidís
iarracht bheag air bith ar leabhra Gaedh¬
ilge a scapadh thríd an tír, óir ní'l aon
nídh eile níos tabhachdaidhe le aithbheodhúgh¬
'dh na Gaedhilge a thabhairt as cómhair an
phobuil ná 'n teanga sgríobhtha í féin.
Gidh go bh-fuil an Gaodhal creapallta,
d' easbuidh maoine, le go leor maitheasa
dheunadh, fós, ta sé deunadh obair mhaith
cho fada 's theidheas sé. Ioma duine a
chonnairc an Gaodhal a shaoil roimhe sin
nach rab an Teanga Ghaedhilge ariamh na
teanga fóghlumtha !
Da m-beidheadh ceud fear de shamhuil
na Saoithe McCoscuir, Maher, Cróm¬
ín, Saoi Onórach O'Bruinn, E. O'Caoimh,
Gibson, Delahuntgh, Fínigh, O'Dullain,
Puirsealach, &c. thríd an tír, d'fheudóch¬
adh an Gaodhal a bheith clóbhuailte gach
seachtmhuin. Ní'l aonduine, da n-ugró¬
chadh sé é, no da m-beidheadh saothar na
Gaedhilge go fíor in a chroidhe, nach bh-
feudóchadh an Gaodhal a (ni'l nios mo
as againn) leathnugh'dh i measg a g-
comhursanaibh, b-fuil siad d'a dheun¬
adh, eadhon, an mhuintir ata "meam¬
rugh'dh na teangan? Ach b'feidir go
ndeurfaidis nach b-fuil an Gaodhal
do reir a mianta! Sgriobhaidis fein
e, agus ni sgriobhfaidh moidne aon
fhocal ann ma’s ail leo e! no tabharta¬
moid an Gaodhal suas diobhtha, le na
chur air aghaidh iad fein, me thugaid
bannaidh brighmhar duinn go g cong¬
bhochaidis suas e!
Ca bh-fuil an t-Eireannach nach d-
tiureochadh tri fhichid pighinn air
shon e bheith le radh aige go bh-fuil
paipeur fuagartha i d-teangain a shin¬
sear da mbeidheadh a chroidhe san
ait cheart! Da g-cuireochadh an meid
a leigheas an Ghaedhilge san tir sho
rompa a dheunadh, d'feudfaidis pai¬
peur cho slachtmhar le aon chinedh
eile sa tir a bheith acu. Na bidheadh
ead air dhuine air bith ma fheiceann
se ainm dhuine eile mar ughdar san
nGaodhal. Sgriobhochadh se fein ann.
Deunann gach huile dhuine a sgrio¬
bhas a dhitchioll. Beidh go leor ug¬
hdair mhaithe againn air ball.
An Bás & Othair.
An Bás.
Mise an bhás is na glac bioga
Do chaith tu t-aimsir air 'n saoghal so,
Do gheabhar mar chuidheacht ard arcrann¬
aoil aoibhinn,
Ag dul do'n teampul ac cean d' dhaoine
Othair
Ugh, a bháis, a láimh air síne,
Cred is áil leat san áit ambinn-se?
Is tú an tiathach cnámhach ciocrach,
Is mó do mhála na do dhíolamh.
Do chreachais an domhan le ar mha bh tu
do dhaoine,
Coinghibh uainn do thuadh lan líomhtha,
Tabair dam uar is uain chum sgíthe.
Go gcuiread ceist ort, cia 'r d-taobh tú:
Ca bh-fuil t-árus, no cia m-bíonn tú ?
No bh-fhuil fághail air spás ag aon uait?
An nglacfair uaimse duis na nídh ar
bith
'S me fhágáil sealadh sa t-saoghal so?
Bás.
Is mise an t-eug do raob na daoine,
Thug bás do Adam agus do Eve leis,
D'a d-tainic traith go dhti seo,
Do béarfa d'a bh-fuil beo 's d'a m-beidh
choidhche
Go dtiocfaidh Elie go Sliabh Síon,
Mar am biadh tiomarce go cinnte.
Mar a d-tabharfar air gach neach go
díreach,
An bhreith ceart is dleacht d'a ghníomhtha
Tá mórán do'n Athair 'sa m-bás.
Chuirfinn chum do Mhíosa Gaedhilge cuid
gach mí dhe — ní príomhúghdar me acht ta
geann mór agam air teanga ar sinsir.
Na bíoch fear airbith buairtliom d-taob
na sgríbhinne Gaodhailge go cair. Deun¬
adh gach duine mar is feárr a ta 'na
chúmhacht; ní féidir le gach naon do bheith
fóghlamtha mar is cóir, acht deunamaoid
cabhair & congadh le chéile & beidh an rath
air ar gnó.
Tomás Ua Griomhtha.
Cathair Luibhrais, Stat Mhass.
(Sin í 'n chaint a bh-fuil ciall ainti ;
deunóchadh gach h-uile dhuine a dhithchioll &
beidh go leor scoláiridhe fóghluimte ag¬
ainn air ball. — Feareagair.)
